AN GAOḊAL.
817
'S oċt m-bliaḋ'na-déag air ċnáṁ do ḋíṫċill,
Ṫugis ag múine an beag 'sa mór, uasal a's ísiol;
Is 'móḋ deiḋġuiġe ort 's béannaċt na n-daoine,
Age boċt a's saíḋḃir, óg a's críona.
Is minic do ċuaġ tú ṫar d' acfuinn,
Ċum aṫanta Dé ḋóiḃ do spreaga,
Ag taḃairt coṁairle ḋóiḃ a's d'a d-teagusg.
Le briarṫa do ḃéil a's sampla do ḃeaṫa.
Tá tú báḋṁar, dílis agus fíor
Dod' ċreideaṁ, dod' ṫeanga 's dod' ṫír;
Urraim a's meas ort air fuaid na Stáit,
"Sláinte ġeal ċugat," teaċt o gaċ áit.
Mar ḃí tú diaganta, rialta, ciallṁar séiṁ leó,
Ag craoḃsgaoile an ċreidiṁ, a's aṫanta Dé dóiḃ;
Ag taḃairt coṁairle a leasa ḋóiḃ le féirim,
'S carṫanaċt a's truaḋ, gaċ am, ad' ḃréa'ṫra.
Bo tú an sagart fonṁar, dioṫollaċ dian,
Do rin obair mór a's d'ḟág rian
Do láṁa 'guinn, an ceallsa, ċum guiġe ann,
Do ṁarḟig 'nar ndiaig go deó a's ċoíḋċe.
Bo ṁór é do ċúram agus d' ímníoṁ.
Dá n-aoḋireaċt a's d'a spreaga ċum deiḋġníoṁ;
'S ag taḃairt coṁairle, ġan sgiṫ, do gaċ n-aon,
"Taḃair aire dod' anam a's seaċain an braon."
Is mórtus duit féaċaint air ṫionól an lae seó,
Pabal mór, Easboig a's cléire,
Bailiġṫe annso a d-teannta ċéile,
Le báḋ 's gráḋ a's greann duit, a ṡéimḟir.
Sguir a n-am, 'sé 's áil linn,
'S ṫaḃair fóġaḋ anann ṫar sáile.
Ċum misneaċ do ċuir ort, 's tú ċóṁad o ḃaoġal,
Feaḃas air do ṡláinte a's fad air do ṡaoġal.
Leis sin, bíḋmíd feasta guiḋe ḋuit,
Go dúraċtaċ ċum Ríġ na ríġṫe;
Tú ṫaḃairt slán anunn 'sa nall ṫar taeunṁuir,
Gan tinnios fairge, fá ṫarmuinn Dé ċúġinn.
'Stú ḃuanuġaḋ an ḟaid eile 'n-ar measg,
Ċum sinn do stiúruġaḋ 'sdo ċuir air ar leas;
Saoġal fada ċúgat, a's bás naoṁṫa,
Anuair is toil le Ríġ na ngrás ṫú ġlaoġaċ uainn.
'Sgo raḃair, 'na ḋiaḋsan, as coṁair na Trínóide,
A ḃ-foċar Ṗádruig naoṁṫa, Easbog Críoċ Fódla;
Ag guiġe air ar son, agus aig fóirṫint,
An ḟaid is ḃéid Dia ag caṫaḃ na glóire.
An 29 de ṁí na Bealltaine, 1888.
