824
AN GAOḊAL.
tic nuaḋ os coṁair na caṫaoire. Agus
ní ḟeudfaḋ fear air biṫ an ċaintic sin
do ċanaḋ aċt an ceud 's ceaṫar 's dá
ḟiċid míle sin. So iad an dream nár
ṫruailliġeaḋ. Is iad na maiġdeana. Lea¬
nann siad so an t-uan giḋ be áit a d-
teiḋeann sé." Is iad so lílíḋe neiṁe.
A ḃ-foclaiḃ an Spioraid Naoiṁ is féi¬
dir linn ráḋ: "Ó náċ áluinn é an ġein¬
ealaċ ġeanmnaiḋe le glóir; mar tá a
ċuiṁne síorruiḋe de ḃriġ go ḃ-fuil aiṫ¬
ne aig Dia agus aig duine air : buaiḋ¬
eann sé go deo aig gnóḋaċan luaċ-sao¬
ṫair caṫa neaṁṫruailliġṫe." Aċt ní ṡí
a maiġdeanaċd aṁáin a ṡáḃáil iad so;
tá maiġdeana baoṫa ann mar tá maiġ¬
deana cagnaiḋe. Dá m-beiḋeaḋ súil a¬
gainn neaṁ do ġnóḋaċan air an tagraḋ
so aṁáin, nuair a ḃuailfimis aig an do¬
rus aig ráḋ : "A ṫiġearna, a ṫiġearna,
fosgail dúinn," déarfaḋ an tiġearna :—
"Amén, deirim liḃ, ní aiṫniġim siḃ," aċt
ċeana, is luaċ-saoṫair fa ḟulangtais
air talṁain glóir air neaṁ.
Aċt cia ṡiad súd a tá san sluaiġ
lonraċ úd ṫáll ? Na ceanfart orṫa tá
beanriġean naċ g-caiṫean coróin maiġ¬
deana. Aċt is áluinn í agus is mór a
caradas le Íosa. Is í an ḃeanriġean sin
Máire Maġdalene, reult an dóṫċuis
do gaċ aon a ṫuit go mí-áḋaṁuil tré
laige daonda a b-peacaḋ. Atá go leor
onóire air neaṁ aici-si agus aig an m-
buiḋin ṁór a leanas í, de ḃriḋ go n-
déarnadar iarraċda móra air talṁain
ofráilte móra, agus gur ṫréigeadar a
b-peacaiḋ. Cuiṁniġ: Luaċ-saoṫair air
neaṁ air son fulangtais air talṁain.
Atá sluaġ eile na seasaḋ ṫart-ṫimċioll
air ċaṫaoir Dé Atá san sluaġ sin an
droirg do-áiriġṫe, fear agus ban, a ċon¬
gḃaiḋ dliġe Dé go naoṁṫa ċo-ḟad 's
ḃíodar air talṁain. Do ċoṁnuiġeadar
air an talṁain aċt níor ḋi iad. San
m-buiḋin so tá an saiḋḃir agus an boċt,
daoine a toġṫa amaċ o gaċ uile ġnó, ó
gaċ uile stáid ḃeaṫa, ó gaċ uile ċeird,
dliġeadóiriḋe, liaiġe, saiġdiúiriḋe, cea¬
nnaiġiḋ, fir-oibre, fir-ceile maiṫe, agus
mná-ceile maiṫe a ġráḋuiġ a ċéile agus
a ḃí dílis d'a ċéile, dea-aiṫreaċa agus
deaġ-ṁaiṫreaċa darab an ċeud aire a
g-clann do ṫeagasg ann eólas agus a
ngráḋ Dé; deaġ-clann a ṫug onóir d'a
n-aiṫreaċaiḃ agus d'a maiṫreaċaiḃ, ag¬
us a ṫug aire doiḃ le caoin-ġráḋ, fir
óga agus mná óga a ḃí maiṫ air feaḋ
a m-beaṫa agus nár ṫarraingeaḋ as a
m-bealaċ le sult an t-saoġail so.
Do ḃí siad so air fad deáġ-ḃeusaċ
le linn a saoġail. D'ḟulangadar díoġ¬
ḃála aimsireaċa ionnos go n-góḋóċaid¬
ís luaṫġáir ṡíorruiḋe. Cuiṁniġ: luaċ-
saoṫair air neim air son fulangtas air
talṁain. Tá anois os coṁair do ṡúl
agad ioṁaiġ na sluiġe glórṁaire a tá
na seasaḋ as coṁáir caṫaoire Dé. In
sinn atáid, gaċ aon aig sealḃuġaḋ a ġló¬
ire féin, agus gaċ aon mar an g-ceud¬
na, aig sealbuġaḋ glóire a ċompánaċ.
Táid ann sin go h-iomlán a suaiṁneas,
gan aon niḋ le na d-tiursiuġaḋ; a luṫ¬
ġáir gan aon niḋ leis an luaṫġáir sin
do ṫaḃairt uaṫa; a nglóir & an ġlóir
sin le ḃeiṫ aca air feaḋ na síorruiġ¬
eaċta.
An d-teastuiġeann uainn a ḋul air
neiṁ? Gan aiṁreas. Cia an cuiġe?
Tá a ḟios sin againn go maiṫ. Tá an
bóṫar díreaċ, coṁṫroṁ agus soiléir.
Má ṫréig sinn an bóṫar sin is féidir
linn a ḟáġail amaċ arís leis an aiṫríġ¬
e. Caiṫfimid ḋaḃairt faoi n-aire go
m-beiḋ luaċ-saoṫair air neiṁ dúinn má
ḟulangfamuid air talṁain.
"Naċ ion-ġráḋuiġṫe do ḃoṫa, a Ṫiġ¬
earna na sluaġ? Tá dúil agus ciocras
air m'anam dul asteaċ a n-árasaiḃ an
Tiġearna."
Taḃair dúinn, a Ṫiġearna, grása
ċum go n-déanfamaois cia air ḃiṫ niḋ
a tá riaċdanaċ ionnos go ḃ-fanfamaois
san mbealaċ a ṫugas sinn go h-áit
suaiṁnis, luaṫġáire, agus glóire ṡíor¬
ruiḋe.
Ámén.
An Críoċ.
Ṫainic an sagart le fear a ṗósaḋ;
the priest came to marry a man. Ċum
cannot change either the meaning or
the construction of the sentence.
Ṫainic na fir le [ ċum ] obair a ḋéanaḋ,
the men came to do work. The Irish
speaker never uses ċum, How, then,
can he be quoted as an authority?
