828
AN GAOḊAL.
Air an ṁóimeint, ḃí cosg leis an uaill a's an ġáir,
Agus ċlosfaiḋe glór bioráin air lig an úláir.
A's ḃí an sagart ag tosúġaḋ air léiġeaḋ, 'nuair do fuair
An dorus aon t-sáṫaḋ a's aisteaċ ġluais Conċúḃar.
Ó! buḋ é Pádraic Conċúḃar an t-anḃruiṫ garsúin,
Agus ṡeas sé sé troiġṫe agus oċd n-órlaíġe,
Ḃí a ċuisle ċó ráṁar le h-uaċdar ceaṫraṁan,
Do ba é Pádraic bu ṁó agus bu ċóraíġe.
Go mall ṡiuḃal sé suas faoi 'n dlúṫ-aṁarċ bu géire,
Mar neul duḃ ag gluaiseaċd ṫré reultain na spéire,
'S níor ċuir duine stop leis, — mar sé Pádraic ḃí mór,
Gur ṡeas sé mar raiḃ h-Anláin a's Cáit, — ann a g-cóṁair;
Mar ḃíodar nna suíḋe air ṡuíḋeaċan taoḃ le taoḃ,
An t-ógánċ uaiḃreaċ agus Cáit an ḃean ċaoṁ.
Ṫug sé feuċaint air Cáit ḃoċt, — náċ beag, ḃris a croiḋe.
'S d'iompuiġ sé air a h-aṫair a's laḃair leis mar ḃí ;—
'S ḃí a ġuṫ mar an tóirneaċ; doṁain, fuaimneaċ a's treun,
A's a ṡúil mar splanc soluis ag eiteall faoi neul.
"Níor ṫáinic mé 'd láṫair mar loċóg ḃeag ag snáġaḋ,
Aċd seasaim mar ḟear ṫreun air úrlár mo náṁa,
Níor ġaḃ eagla riaṁ Pádraic air ḃóṫar ná 'r ṗáirc,
Agus tá ḟios aig Dia go n-dímeasaim é 'd ṗáirt,
Leis sin, fág mé 'r mo ṡuaiṁneas aon ṁoimeint no ḋó,
Go laḃarfad leis an g-cailín naċ ḃ-feicfead go deo."
D'iompoiġ sé air Ċaitlín agus d'aistriġ a ġlór,
Mar do smuain sé air na laeṫiḃ 'nna raiḃ sí a stór,
A's ḃí lasaḋ 'nna ṡúiliḃ mar tinnteaċ faoi neul,
Ag aṁarc air an g-cailín 'sa breṫnúġaḋ a sgéil, —
Agus duḃairt sé, "A Ċaitlín, an fíor go ḃ-fuil tú,
Dod' ṗósaḋ le do ṫoil féin, gan eagla gan brúṫ?
Má táir, abair an focal a's fagfadsa an áit,
Meallta an ċéud uair am ṡaoġal, le croiḋe fallsa Ċáit."
Le brón agus le gráḋ, ḃí sí balḃ a's boḋar,
Do ċuir sí ċum cainte aċd níor ḃ'ḟéidir léi laḃairt,
Mar do ċuaiḋ fuaim a ġoṫa ċó fuar air a croiḋe,
Le gaoṫ dub 'san n-geiṁre no le leac-oiḋr 'san oiḋċ'.
Bí a pluc ċó liaṫ-ḃán le ré-ġile air ṡneaċdaiḃ,
'S na deorṫ' ó na súiliḃ ag tuitim 'nna g-ceaċaiḃ.
Din, d'at croiḋe fearáṁail Ṗádraic go h-árd ann a áit,
Mar ṫuig sé ó aon aṁarc ann aġaiḋ ṁilis Ċáit,
Giḋ ṫig le coimíḋeaċa a láṁa do ḋealúġaḋ,
Buḋ leisean a croiḋe, cinnte, ċoiḋċe gan ṁearúġaḋ,
Agus d'árdriġ sé 'guṫ mar ġlaoḋ garḃ fiolair,
A's duḃairt sé, "Is lioms' í a n-aiṁḋeoin ḃur g-cóṁluadair."
Din, suas ṗreab Ua h-Anláin, — agus fear mór buḋ é,
A's d'ḟeuc sé air Ṗádraic, agus fíoċṁar ḃí sé,
Agus duḃairt sé, "Dar crúca, ṫar a ḃ-fágfair an áit,
