(1)
7Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 1.
MÍ NA NODLAC,
1888.
SIAR-ḂREAṪNUĠAḊ.
Nuair a cuireaḋ an Gaoḋal air bun
seaċt m-bliaḋan ó ċoin is dóiġ linn nár
ṡaoil mórán go mairfeaḋ sé go d-ti a
oċṫṁaḋ bliaḋain. Aċ, buiḋeaċas do
Dia agus do na fíor-Éireannaiġiḃ cia
ċuidiḋ leis, tá an t-anam ann fós, d'
inneoin na g-cneaṁairaiḋe, leas-ainm¬
niġṫe Éireannaiġe, ce ṡaoil a ṁarḃaḋ.
Agus giġeaḋ gur ḃain mórar truisliġ¬
ṫe ḋó inn a naoiḋeanantaċt, mar gaċ
naoiḋeanan eile, ḋíriġ sé é ḟéin airís
leis an taca buḋ ġoirre 'fuair sé ḋó, a-
gus anois tá súil againn naċ m-bainfiḋ
aon truisliuġaḋ eile leis no go g-críoċ-
nóċaiḋ sé a ṫéarma san g-cúis a ḃí
curṫa roiṁe.
Agus ó ṫarla go ḃ-fuil An Gaoḋ-
al as a naoiḋeanantaċt anois agus,
mar sin, ó ḃaoġal na ngalra is dual
do naoiḋeanantaċt, ta súil againn go
d-tiúrfaiḋ na banaltraiġ a ṫug coṫuġ-
aḋ naoiḋeanantaċta ḋó, biaḋ níos tac-
aṁla ḋó 'nois inn a ṁalraċt.
Is iomḋa an t-iompóġ a ta air an
saoġal ó rugaḋ An Gaoḋal dá ġiorr-
aċt an t-am é. Ní raḃ Éireannaiġ faoi
ṡuim i g-ciantaiḃ, amuiċ agus a m-bail-
e, ċo mór a's a taid i n-diu. Is mór an
t-áḋḃar ríméid e seo do'n ḟíor-Éirea-
nnaċ. Mar sin, ó ṫainic an t-iompóġ
slaċtṁar seo air Éireannaiġiḃ le linn
An Ġaoḋail búḋ ċóir dóiḃ cuidiuġaḋ
go brioḋṁar leis i rioċd go m-beiḋeaḋ
sé 'nan é ḟéin a ṫaisbeáint do'n t-sao-
ġal níos gallánta na ta sé, agus a ṡoil-
seaċt a sgeiṫeaḋ níos fóir-leiṫne air
fuid an doṁain.
Anois, tar éis an ḃlaidireaċt seo, tá
súil againn go ḃ-fuiġeaḋ ar n-dalta
oileaṁúint ṁaiṫ air feaḋ na bliaḋna
seo ċugainn — go leor buscaiḋe Nod-
loc, agus móide seunṁar na Bliaḋna
Nuaḋa.
Nodlaiċ ṡúgaċ agus Bliaḋain Nuaḋ
ṡeunṁar do gaċ h-uile ċeann de léiġ-
ṫeoiriḃ an Ġaoḋail.
