840
AN GAOḊAL.
na Saṁna agus Píobaire 'n Aon Ṗoirt,
Cornín agus Ridire na g-Cleasa; In¬
ġean Ríġ Gleann an Uaignis; An Gob¬
án Saor; Morċaḋ Mac Briain agus
Luing Taiḃse; An Bádóir agus na Má
Síġ; Iosgoid Láidir; Carbad Cruaiḋ
Cos Lúṫa agus Giollaḋ gan Súile, etc
The latter story is very long. The four
worthies are brothers, born at one birth
These stories are interesting in ma¬
ny ways — They show the idiom of the
language and thus correct the vicious
effect of Anglican influence ; they will
also recall to the minds of many “The
scenes of childhood’s happy home."
Mr. Blake states that he will send a
story for each issue of THE GAEL. Let
each reader try and circulate it that it
may be enabled to make Mr. Blake
some compensation for the great labor
involved in their transcription.
It will hurt no Irishman to contri¬
bute one dollar a year towards the pre¬
servation of his mother tongue. The
Irishman who would not do so should
never open his lips concerning Irish
National affairs for there is not a shade
of Irish Nationality in his body. The
tree is known by its fruit.
We commence the story series with
Púca na Saṁna agus Píobaire an Aon
Ṗoirt.
A ḃ-fad ó ṡoin, ḃí leaṫ-amadán 'na
ċoṁnuiḋe i ngar do Loċ-Masg, agus ḃí
dúil ṁór a g-ceól aige, aċt níor ḟeud
sé níos mó ná aon ṗort aṁáin d'ḟóġ¬
luim, agus b'é sin an "Rógaire Duḃ."
Ní raḃ aon ṗíobaire i g-Connaċt nan
an port sin a ṡeinm níoḋ b'ḟeárr ná é.
Aon oiḋċe aṁáin ċuaiḋ Páidín ċum
daṁsa.; fuair sé neart le 'n ól, & ḃí
a teaċt a ḃaile leaṫ air meisge. Nuair
do ṫainic sé ċum an droiṫead beag, d'
ḟaisg sé na píobaiḋe air agus ṫosuiġ a
seinm an Rógaire Duḃ. Níor ḃ-fad go
d-tainic an Púca taoḃ ṡiar ḋe, agus
ċaiṫ ar a ḋruim é. Anois ḃí an Púca
ċo mór le tarḃ, agus aḋarca fada air.
Fuair Páidín — buḋ é sin ainm an ṗíob¬
aire — greim daingean air na h-aḋarc¬
aiḃ agus duḃairt, "Leur sgrios ort, a
ḃeiṫiġe ġránna, cia ḃ-fuil tú dom' ṫaḃ¬
airt?" "Ċongḃaiḋ do ġreim," ar an
Púca, "no brisfiḋ tú do ṁuineul agus
do ṗíobaiḋe." "Naċ ḃ-fuil ḟios agat,"
ar Páidín, "go ḃ-fuil píosa deiṫ b-píġ¬
nne agam ḋo mo ṁáṫair." "Ná bac le
do ṁáṫair," ar an Púca, "aċt séid suas
an t-Sean Ḃean Ḃoċt" "Ní'l eolas a¬
gam air," ar an píobaire" "Ná bac le
d'eolas," ar an Púca, "cuir gaoṫ in do
ṁála agus múinfiġ mé an port ḋuit"
Do líon Páidín an mála le gaoṫ agus
ṫosuiġ a seinm ceol binn. Ḃí iongantas
air, agus duḃairt sé, "Is ro ṁaiṫ an
maiġistir ceoil ṫú." Ḃíḋeadar ag im¬
ṫeaċt tamal fada. An sin duḃairt an
Púca, "ċongḃaiġ do ġreim cruaiḋ, táim
a dul suas air ḃárr Ċruaiċ Ṗádraic"
"Dar m'ḟocal, tá torus ormsa ċum an
Ċruaċ — do ċuir an t-Aṫair Uilliam
orm é mar do ġoid mé an gandal uaiḋe
an Ḟéil Mártan seo ċuaiḋ ṫart, agus
d' iṫ mé ḟéin agus mo ṁáṫair h-uile
ġreim ḋe aċt aon sgiaṫán aṁáin a ṫug
mé do Ṁáire Ḃuiḋe, agus d'innis sí do
'n t-sagart gur ġoid mé an gandal."
Nuair a ṫug an Púca go bárr Ċruaiċ
Ṗádraic é, ṫainic sé go sgeaṫaċ ṁór a¬
gus ḃuail trí ḃuille le na ċois air ḃun
na sgeiṫiġe. D'ḟosgail an talaṁ, agus
ċuadar síos ċum seómra breáġ. Do
ċonnairc an píobaire timċioll ḋá ċeud
cailleaċ na suiḋeaḋ ag bord. Do laḃ¬
air aon acu leis an b-Púca agus d'iar
ḋe "Ce ṡé atá leat?" "An píobaire is
feárr in Éirinn," ar an Puca. "Béiḋ
daṁsa againn," ar an ċailleaċ. Do
ḃuail sí buille coise air an urlár. D'
ḟosgail doras san m-balla, agus cad a
d'ḟeicfeaċ an píobaire a teaċt amaċ
aċt an gandal ceudna do ġoid sé ó'n
Aṫair Uilliam an Ḟéil Mártan roiṁ¬
e sin. Ċuaiḋ an gandal faoi 'n m-bord
agus ċug amaċ leis é. Ann sin duḃairt
an ċailleaċ, "Séid suas, a ṗíobaire."
Ṫosuiġ Páidín a seinm ceol binn, a¬
gus ṫoisiġ na cealleaċa 'daṁsa. Nuair
a ḃiḋeaḋar tuirseaċ, ṫug gaċ aon aca
