AN GAOḊAL.
841
píosa óir do Ṗáidín
Ann sin duḃairt an Púca. 'Tá sé 'n
am ḋuit a ḃeiṫ dul a ḃaile lean mise"
Ċuaiḋ Páidín amaċ in diaiḋ an Ṗúca
agus ḃí dul a marcuiġeaċt air nuair a
ṫainic an gandal agus ṫug píobaiḋ úra
ḋó. Ċuaiḋ sé marcuiġeaċt air an b-
Púca agus ní raḃ sé ḃ-fad d'a ṫaḃairt
ċum an áit ar ḃ-fuair sé é. "Anois,"
ar an Púca," téiriġ aḃaile, tá ciall ag¬
us ceol agat — ḋá níḋ naċ raḃ agat a¬
riam roiṁe — agus má ḃíḋeann tú inseo
san oiḋċe máraċ, ḃéarfaiḋ mé go cnoc
Néifinn ṫú." Ċuaiḋ Páidín aḃaile, agus
ḃuail sé aig doras a ṁáṫar. D' iarr
an ċailleaċ, "Cia atá in sin?" "Do ṁac,
an píobaire is feárr atá in Éirinn, ag¬
us tá lán sparáin de ór agam ḋuit."
D' éiriġ an ṁáṫair agus leig asteaċ é.
Ann sin ṫug sé an sparán ḋi, agus
duḃairt, "Éist le mo ċeol." D'ḟaisg sé
na píobaiḋ úra air, aċ in áit ċeoil, ṡaoil¬
ṫeá go raḃ h-uile é agus gandal in Éi¬
rinn cruinniġṫe a scriaċaigíl. Ṁúsgail
na cóṁarsanaiḋe, ní raḃ a leiṫide de
ġáire in Éire roiṁe is ḃí aca d-taoḃ
Ṗáidín agus a ṗíobaiḋe. Nuair a ċoisg¬
eadar ó na ngáire do ċuir Páidín na
sean ṗíobaiḋe air, ṡeinn sé ceol binn,
port i n-diaiḋ an ṗoirt, ċoṁ maiṫ is
seinneaḋ ariaṁ. Air maidin lá 'r na
ṁáraċ, nuair i d'ḟeuċ an ṁáṫair air
na píosaiġiḃ, ní raḃ ionnta aċ cnaipiḋ
gan lúb. Ann sin duḃairt sí, "A am¬
adáin, ní'l ann do ṗíosaiġiḃ aċ cnaipiḋ
gan lúb." "Taḃair ḋam iad," ar Páid¬
ín, "go m-beiḋ aṁarc agam orṫa" Do
ṫug sí ḋó iad, agus ċuir sé smugairle
orṫa, agus do riġne ór buiḋe ḋíoḃṫa
Ċodail an píobaire cúpla uair agus
nuair a ṁúsgail sé ċuaiḋ sé go teaċ
an t-sagairt, agus d'innis an sgeul ó
ḃun go bárr ḋó.
Níor ċreid an sagart é gur ċuir sé
na píobaiḋe úr air, agus ṫainic sgreuċ
na n-gé agus na n-gandal astu. "Taḃ¬
air na píobaiḋe ḋaṁsa," ar an sagart
Ṫug Páidín ḋó iad, agus ċraiṫ sé braon
uisge caisrice orṫa, agus air ċasaḋ do
láṁ riġneaḋ gandal de ha píobaiḋe.
"Téiriġ a ḃaile anois," ar an sagart,
"agus abair d'ornuiḋe. Tá ciall agus
ceol agat."
Ċuaiḋ Páidín a ḃaile, agus níor ḃ-fad
gur ṗós sé bean. Ó'n am sin go ḃ-fuair
sé bás ní raḃ aon ṗíobaire in Éirinn
ċóṁ maiṫ leis.
E. L. BLÁCAĊ.
TOBAR na h-INIĠÍNE CÚL-ḂUIḊE.
Sgrioḃṫa air d-tús le Attí ní Ḃriain,
agus aistriġṫe do'n Ġaoḋal ó 'n g-
"Catoiliceaċ Éireannaċ, páipéar breáġ
tíreaṁuil a cuirtear amaċ i m-Baile-
Áṫa-Cliaṫ,
le
LAIĠNEAĊ.
I g-ceann de na h-áiteannaiḃ is sia
siar 'san m-barúntaċt uaigniġ úd Inn¬
se-uí-Ċuinn i g-contae Ċláir, suiḋte i
ngleann beag a ḃ-fuil na cnuic barr-
ḃuiḋe 'na ṫimċioll ata an sean-tobar
beannuiġṫe "Tobar na h-Iniġíne Cúl-
ḃuiḋe," a ḃ-fuil a uisge cuipeaċa ag
gaiseaḋ amaċ as brollaċ na talṁan le
ciantaiḃ as cuiṁne. Is iomḋa la breaġ
Earraiġ do ċaiṫ mé go brionglóideaċ
air an áirse foluiġṫe le caonaċ ta ós
a ċionn, nuair do ḃiḋeaḋ on ḃliaḋain óg
ag córónuġaḋ na g crann ṫart timċioll
leis an úr-ḋuileaḃar glas, agus ag déan¬
aḋ aisléine i ḃog ċaonaiġ d'ḟiġeaḋ do na
carraigiḃ loma; agus ag cuiṁniuġaḋ in
aimsir órḋa an t-saṁraiḋ air ṡean-
steultaiḃ leaṫ-ḋearmadta an ionaid,
gan de ṫorann le clos san uaigneas
ma g cuairt aċt dordán f na m-beaċ a¬
gus cogar siosarnaċ l an duilleaḃair air
luasgaḋ.
Do ṫugaidís oiliṫrig j o' áitiḃ iomḋa
turuis air an tobar, agus iad lán de
ċreideaṁ daingean aig iarraiḋ léiġis
do gaċ uile ṡórt aicíd, agus ḃí sé ḋá
luaḋ féin cadorra go ḃ-fuair duine do
ḃí dall ó ḃroinn a raḋarc air ais le ú¬
said a ḋéanaḋ de 'n uisge míorḃuil¬
teaċ. Do déantaoi ofrailíniḋe beaga
as cuimse I d'ḟagḃail aig an áit naoṁ¬
ṫa so — ait a ṁairfeas ċoṁ fada le
cuṁne na na h-Inġíne úd — ceann de na
h-iniġine dob ailne do ḃí aig Éirinn a
riaṁ agus air a ḃ-fuil meas naoṁ aig
(Le ḃeiṫ ar leanṁaint.)
i shroud. f hum. l murmuring. j pilgrims.
I out of number, countless.
We are run out of accented as.
