MO ṀÁIRE 'SAN ḃ-FLAIṪEAS.
By "Pádraic."
Do ċonnarcas í aon uair aṁáin.
Ḃí sin go leor;
Oir ins an raḋarc sin ḃí mo ḋán,
'Gus cúis mo ḋeor.
Ba ṡíos in iaċdar cúige Múṁan;
Do casaḋ liom mo ṁaiġdean ċiuin —
O! béiḋ a cuiṁne liom go buan.
Mo ṁíle stóir!
'Nuair d'ḟeuċ mé air a cuma fíor,
Gan ḃéim gan loċt;
Do lasad teine gráḋ go fíor
Astuiġ in m' uċt.
A cuma, ḃí ċo lán le stuaim,
'Sé ġoid mo ċiall 's mo ċúṁaċd uaim,
'Sé d'ḟág mé timċiollta le gruaim
Mar táim anoċt.
'Sí lonnraċt súile duiḃ' mo rúin
Do loit mo ċroiḋe;
'Sí d'ḟág mé cloiḋte, ċráiḋte, ciuin,
Gan suan, gan síoṫ;
'Sí d' ḟág mé cromṫa síos le brón,
'Sí d'ḟág mé sean roiṁ' ṫeaċt mo nóin,
'Sí d'ḟág mé gan aon dúil 'san doṁan
Go bráṫ, a ċoiḋċ' !
A ḃ-facaḋ siḃ ariaṁ 'san spéir
Air uair meáḋon-oiḋċ',
Aon reult ag lasaḋ suas an aeir
'San talaṁ faoi?
Aċt 'nuair a ṫuiteann uirri smál,
Ní'l solus ins an spéir le fáġail,
Mar sin atá mo ṡaoġal faoi sgáil, —
Mar sin mo ṡlíġe.
Aċt tigeann oiḋċe ṫart arís,
Tar éis an lae;
'Gus soillsiġeann an reult seo síos
'Go h-áluin, glé.
Aċt ní mar sin a tá mo ċás,
Ní ṫiocfaiḋ reult mo ċroiḋe air ais,
I ngruaim béiḋ mé go lá mo ḃáis,
'S is geárr uaim é.
Ní ḃ-fuil mo laeṫe ḃ-fad, — faraoir!
Ameasg na m-beo;
Gan ṁoill béiḋ m' anam sgaoilte, saor
O ġleann na ngleo.
Oir cluinim spioraid ġlan mo ġráḋ
Ag glaoiḋ o'n ḃ-Flaiṫeas, 'gus a' ráḋ, —
"Annso ní'l sgaraḋ, brón no cráḋ,
Aċt sóġ go deo."
The Record of the Catholic Benevolent Legion
publishes the following earnest invitation to Irish
Americans to join the Legion. And in reproduc¬
ing it in the GAEL, we avail ourselves of the op¬
portunity to thank the editor of the Record,
Counsellor John H. Kuhn, for his very flattering
reference to the GAEL and to us. The Legion is an
organization which all Irish-Americans should
join. The office of the Record is at 26 Court St.,
Brooklyn, N. Y.
CUIREAḊ DIONGḂÁLTA.
Ṫríd an tír ṁór, ġlórṁar seo, ó
ḟairge go fairge, in gaċ uile treud,
ce b'é a ḃ-fuilid láidir agus saiḋḃir
no fan agus i streaċlaċ air ṫóir
dín; ce b'é áit i n-deárnaiḋ leaṫ-
ḋoisín bunaḋ, cliste do ċreideaṁ
ar n-aṫraċ, a n-áras agus ar ṫóig¬
eadar altóir, in sin is mian linn
Cóṁairle do'n t-Sluaḋ Deáġaigneaċ
Coitiliceaċ a ċuir air bun.
Is Ord é seo a ṫóruiġeas an saiḋ¬
ḃir agus an daiḋḃir; an fear óg
agus é seo a ṫug tonn d'a aois; an
fear-léiġin agus an te naċ raḃ uain
aige fóġluim d' ḟáġail, a ċeangal in
aon locaḋ braṫaireaṁail aṁáin.
Ceangailte i g-Creideaṁ, Dóċus
agus Gráḋ, tá baill an ċumainn seo,
déantaḋ suas le fearaiḃ as gaċ h-
uile náisiún, air aon ṁian 'san saoṫ¬
ṫar puibliġe seo in a ḃ-fuilid ag oib¬
riuġaḋ go diṫċiollaċ.
I d-teangain Éireann ársa, tá
bróid ṁór orrainn a ḃeiṫ ionann
cuireaḋ a ṫaḃairt ċum an ċumainn
óig seo do ṡlioċt na muintire cé,
ins na bliaḋantaiḃ atá ṫart, ṫóig¬
mar róġain díbreaċd do ṫruailliġ¬
eaċt; d' iarr coimirce ins na cuan¬
taiḃ seo, ċo maiṫ leo seo a ṫainic
ċugainn ó'n Oileán Glas le n-a neart
agus le n-a m-beaṫa a ṫaḃairt do
ṡaoṫar na tíre seo.
Le mór ċionaṁlaċt agus le mór
ċáirdeaṁlaċd a ṫugas Foilseóir An
Buanċuiṁne an cuireaḋ seo do
ṁuintir tíre aṫar a ṁáṫar, lán-
ċinnte i ḃ-feiḋm agus in m-buanaċt
an ċumainn seo, mar atá sé eolgaċ
air a ḟollaḋ ó cuireaḋ air bun é.
ársa na h-
