862
AN GAOḊAL.
inġíon 'na seasaṁ, ċogair sí rud éigin
tré n-a pusaiḃ, agus ċuaiḋ sí amaċ air
an dorus sé ṡoillsiġṫe, ṫar an ḃ-fraoċ
dealraċ, gan stad go ráinig sí tobar
an t-sléiḃe. Ḃí an sagart ann roimpi.
"Deun deifir, a aṫair," a ġlaoḋ sí,
"ní 'l aċt seal geárr againn ; leig mé a¬
steaċ i g-cró an Té Naoṁṫa. O! an
ḟaid a's tá an t-am againn taḃair ḋam
an brat-pósta le h-aġaiḋ bainise Ċrí¬
ost." Riġne an sagart mar ba toil
léiṫe, ḋóirt sé an t-uisge air a ceann
agus d' éiriġ sí arís 'na leanḃ glan
neiṁċionntaċ aig flaiṫeaṁnus Dé.
"Anois ḃí aig teiṫeaḋ," ċogair sí,
air maidin andiu do ċonnaic mo ṫeaġ¬
laċ ṫú, agus sul a m-béiḋ uair ḋe ċlog
caiṫte tiocfaiḋ siad agus an draoi 'na
ċeannṗoirt orra, le d' anam a ḃaint
ḋíot. Teiṫ, sul a n-déantar dunṁar¬
ḃuiġṫeoir díoḃ sin is ionṁuin liom. Tá
sliġe agam a ċuirfeas d' ḟiaċaiḃ orra
ṫú d' ḟáiltiuġaḋ air air ċuca, aċt ní 'l
am agam anois í ṁíniuġaḋ ḋuit Fág
d' aibíd agam mar coṁarṫa cuiṁne, a¬
gus go d-tugaiḋ Dia naoṁṫa na Ċríos¬
tuiḋṫeaḋ slán ṫú. Éist! anois féin
tigid, imṫiġ!"
Ċualaiḋ an sagart guṫa árda tam¬
all uaiḋ ; ní raiḃ am aige le smaoin¬
eaḋ; & n-déiḋ a ḃeannaċt ḟágail go sol¬
lamanta aig an anam nuaḋ-ṡlánuiġṫe,
d' imṫiġ sé leis.
An lá roiṁe sin, ċonnaic ceann de
ṫreudaiḋṫiḃ an taoisiġ é, le linn ḃeiṫ
aig urnuiġe, agus cuireaḋ daoine dá
ḟaire ionnus naċ raċaḋ sé as nó go d-
tiocfaḋ an sagart págánaċ.
Líonta le teasuiḋeaċt i n-déiḋ ḃeiṫ
aig iṫeaḋ agus ag ól, ṫáinic an draoi,
Gríoḃṫa, agus an taoiseaċ agus muin¬
tir a ṫeaġlaiġ, síos air an ngleanntán
ciuin le breiṫ air an g-Críostuiḋe grái¬
neaṁail, agus iad ag dúiseaċt le n-a
nglór mac-alla tosdaċ na g-cnoc im-
ċianaċ. Ní raiḃ sé san ngleann: le
gárṫaiḃ garga scap siad fá 'n g-coill
ḋá lorg & d' ḟan an draoi & an taois¬
eaċ aig an tobar go d-tiocfaidís air
ais. Ní raiḃ siad a ḃ-fad ag fanaċt —
ċonnaic siad beirt ḟear ag teaċt ċuca
ag sracaḋ an t-sagairt ḟaitiġ leo gur
ṡeas sé ós a g-coinne agus a náiṁde
go h-uile 'na ṫimċioll.
Ċuaiḋ a ngárṫa borba maoiḋteaċa
suas ṫríd an aer gorm. Ḃí cuid acu
glaoḋaċ amacċ é ṡracaḋ go h-altóir an
draoi, cuid eile ag fiafuiġe cad ċuige
a raiḃ siad ag déanaḋ moille.
Ċuaiḋ Gríoḃṫa asteaċ de léim i g-
ceartlár an t-sluaiġ agus duḃairt:
Tugaiḋ do 'n t-seanduine aon ḟaill
aṁáin air a anam a ṡaḃáil le teaċt in
ar measg, agus le h-ioḋḃairt a ḋéanaḋ
d'ár n-déiṫiḃ masluiġṫe. Éist! a ċoiṁ¬
ṫiġiġ, sáḃáil fuiġioll do ṡaoġail, sal¬
tair air an g-crois sin ad' láiṁ a n-
deirtear gur ab coṁarṫa do creidiṁ
í, agus saorfar ṫú ó ḃás cruaiḋ.'
Ní ḃ-fuair sé aen ḟreagraḋ ; do ṫóig
an sagart an ċrois fá na ċoċall, ṗóg
sé í, ċonnaic siad, le gáirdeaċus.
Do riṫ easgaine ġarg ṫríd an ḃ-fáin¬
ne daoineaḋ do ḃí timċioll air. Is
iomḋa lann do lonnraiġ fá ġaeṫiḃ na
gealaiġe, aċt ḃí scian an draoi róm¬
pa go léir, sáitṫe gan toirmeasg i m-
brollaċ an t-sagairt. Annsin do clui¬
neaḋ gleo mór air an taoiḃ amuiġ de'n
Le ḃeiṫ ar leanaṁuint.
Glossary.
cróna, brown, krownah.
ré-ṡoillsiġṫe, moon-lit, re-hollshe-e.
cró, fold, crow.
sallamanta, solemnly, salmauntha.
masluiġṫe, offended, moss-lhu-he.
ċoċall, cowl, koch-uhl.
This will be concluded in the next
and we would recommend the readers
to preserve their copies.
Let each reader try to get a few sub¬
scribers among his friends.
It would be an excellent thing for those studying
Irish to carry on a correspondence with one anoth¬
er in Gaelic by postal cards. It would also be a
means of advertising the Gaelic movement.
DONAHOE'S MAGAZINE, Devoted to the Irish
Race at Home and Abroad. — Address
PATRICK DONOHUE, Boston, Mass.
