AN GAOḊAL.
863
SAN ṖROINSIAS, MÍ DEIRE
Na Bliaḋna, 1888.
A Ṡaoi Ċóir :
Fáluiġṫe le seo,
deónuiġ aon dollaer aṁáin a b-páipéar
tírṫaṁuil d'ḟáġail air ṡon An Ġaoḋ¬
ail air feáḋ na bliaḋna so ċugainn.
Ba ċóir dam cúntas éigin a ċur ċugat
timċioll ar sgoile Gaeḋilge, óir is dóiġ
liom go m-ba ró-ṁaiṫ leat-sa agus
léiġṫeoiriḋiḃ An Ġaoḋail go m-beiḋeaḋ
ní aṁáin sinn-ne, aċt gaċ aon rann d'ár
g-cineaḋ air feaḋ an doṁain atá ag
fóġluim na Gaeḋilge agus leis sin ag a
ṫaḃairt air ais, ag deunaḋ go maiṫ;
aċt 'sé mo ḃaraṁuil go g-congḃaiġeann
an Saoi Mac an Ḃáird ṫú cóṁairliġṫe
air neiṫiḃ 'nár measg gur fiú d'innsinn.
Agus go deiṁin, is ball maiṫ agus ús¬
aideaċ d'ár g-cumann-na an duine uas¬
al ceudna sin; óir anuair a ḃiḋeann
aon ċonspóid eadrainn tré cuṁaċd
riaġluiġṫe an ḟocail aċranaiġ sin "ċum"
nó rod air biṫ eile, buaileann sé suas
ceann de na sean-ṗortaiḃ ċroiḋeaṁla
san d'ḟóġluim sé 'na óigeaċd cois na
teine, cuideaċtaiġṫe le foclaiḃ milise
Gaeḋilge cumṫa le ċéile le filiḋiḃ eal¬
aḋanta na laeṫeaḋ tá ṫart; agus tré
binneas agus draoiḋeaċd na n-aḃrán
san tigid ár g-céadfáṫa air ais ċug¬
ainn fá ċeudóir, agus bímíd ceannsaċ,
gráḋṁar agus fíor-ḃráṫaireaṁail le
n-a ċéile a n-aon uair mó Aċt mar
naċ ḃ-fuil aon nuaiḋeaċt air fóġnaṁ
agam le sgríoḃaḋ anois, cuirim ċugat
sgeul beag do ṫárla liom féin a n-am
fad ó anuair a ḃíḋeas óg, agus go
deiṁin duit, a Ṡaoi, is iomaḋ lá fada
ċuaiḋ ṫarrainn ó'n tam san.
Maidin ḃreáġ earraiġ timċioll mío¬
sa no ḋo taréis oiḋċe na gaoiṫe móire
mar do ḃíḋeas ag dul go margaḋ an
Ċaisleáin Nuaiḋ, do ṡiúḃlas go réiḋ,
socair ó ḋeas fá ḃóṫar Ḃaile-Aoḋgáin
ag éisteaċt leis na h-éiniḃ ag seinm go
milis air bárraiḃ crann a ḃí ag fás go
tiuġ air gaċ taoiḃ de'n ḃóṫar agus a
ngeuga duilleógaċa ag teaċt le ċéile a
n-áirde ag deunaḋ parrṫas de'n áit, —
crainn a ḃí ag fás air ṫalaṁ ba ċóir go
m-bainfeaḋ liom-sa nó dom' leiṫéid, aċt
anois, faraoir! baineann le slioċd Ṁur¬
ċa na d-tóiteán no Riocaird na g-ceann,
no slioċd iompadóraċ gránda éigin
eile mar iad do ṁeall agus ṫréig Éire
ḃoċd anuair a ḃí sí ag troid go dian
ċum a saoirse ċongḃáil.
Air n-dul air aġaiḋ ḋam go sáṁ,
socair am' aonar ag maċtnaṁ air dío¬
mbuanas neiṫeaḋ soṁarḃṫa an t-saoġ¬
ail seo, do ṫárla liom feuċain siar a¬
gus ċonnairc mé Nioclás de Long,
ceann dem' ċóṁarsanaiḃ, ag siúḃal le
deiḃeaḋ am' ḋiaiġ agus d' ḟanas leis
gur ṫáinic sé suas liom. Tar éis mal¬
artuiġṫe na m-beannaċt ngáṫaċ ḋúinn
d' iarr sé ḋíom cá raḃas ag dul. "Go
d-tí 'n margaḋ," ar mise. "Is maiṫ
liom sin," ar Nioclás, "óir táim-se dul
ann leis agus beiḋmíd mar ċuideaċtain
d'á ċéile. Cad tá uait ann, a Ṡeáġain?"
ar se-sean. "Atá bó ḃainne uaim," ar
mise. "Is iongnaḋ liom," ar sé, "go g-
cuirfeaḋ d'aṫair duine ċóṁ óg agus
tá tusa air teaċdaireaċd ċóṁ trom-
san." "Ní raiḃ aon leiġeas aige air,"
ar mise, "óir tá sé féin agus mo ḋear¬
ḃráṫair is sine síos le fiaḃras; tá mo
ḋeirḃṡiuir ag dul go tiġ an t-sagairt
a n-diu ċum fear do ṗósaḋ, agus ḃí sé
d'ḟiaċaiḃ air Ḋóṁnall, mo ḋara ḋear¬
ḃraṫair, ḋul léiṫe ċum í taḃairt suas;
agus d'ḟág sin mise le ḃeiṫ an t-aon
duine fágṫa ċum an teaċdaireaċd so
a ḋeunaḋ; agus a n-aon ṁóḋ tá muin¬
íġin go leór ag m'aṫair air mo ġliocas
ċum bó ṁaiṫ a ṫoġ. Ḃí bó an-ṁaiṫ ag¬
ainn ṫríd an ngeiṁre, aċt gortuiġeaḋ
ceann d'a cosaiḃ oiḋċe na stoirme, ag¬
us tá sí dul as a bainne gaċ aon lá ó
ṡoin go d-tí anois ní ṫugann sí deór
air aon ċor uaiṫe." "Is maiṫ an buaċ¬
aill ṫú, a Ṡeáġain," ar Nioclás, "agus
má ċíḋeann tú aon ḃó ag an margaḋ a
n-diu do ṫaiṫneóċaḋ leat, beiḋead-sa a
n-gar duit agus taḃarfad congnaṁ ḋuit
í do ċeannaċ. Aċt dar go deiṁin níor
innisis dam fós cér ḃ'é an fear úd do
ṗós do ḋeirḃṡiuir" "Mac mic Ṫomáis
ḟada ui Ḃriain ó Ċnoc Fírinne, ar mi¬
se. "Tomás óg ó Briain! an eaḋ?" ar
sé, le h-iongantas mór. "Is maiṫ an
