
(4)
7Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 4.
IUIL,
1889.
NUAḊAĊT NA MÍÓSA.
Ní'l mórán le ráḋ againn san dul-
ṫaoḃ seo anois. Dúḃramar a raḃ le
ráḋ againn a d-taoḃ marḃúġaḋ an Ċró
nánaiġ a m-Béarla agus ní'l aon ṁaiṫ
a ḃeiṫ da aiṫrist arís. Aċ a ḃ-fuil sé
marḃ? Cia 'r b' as ar ṫainic meur na
mná a fuaireaḋ san súmaire a n-éin-
feaċt leis an g-corp? Ca ḃ-fuil an co-
lann ar ḃain an ṁeur sin leis? Cad
fáḋ ar baineaḋ an t-eudaċ de'n g-corp?
H-aiṫneóċaiḋe an t-eudaċ, sin é an fáġ
Maidir leis an Uan Dé, cuireaḋ air
an g-corp é sin go m-beiḋeaḋ sé le ráḋ
go m-buḋ Caitiliceaċ maiṫ é agus go
m-buḋ de'n ċreideaṁ ceudna a ṁarḃ-
ṫeóra.
Anois a d-taoḃ an Ġaoḋail ⁊ saoṫar
na teangan. Dá gcuirfeaḋ an ṁéid a
tá 'nan na focla seo a léiġeaḋ rómpa
é buḋ ṫig leis an nGaoḋal a ḋul amaċ
gaċ mí go beaċt. Ní iaramuid orṫa a
láṁ a ċur ann a b-póca, aċ iaramuid or
ṫa a ḋul ṫré na g-coṁursanaiġiḃ agus
cuidiuġaḋ iaraiḋ do ṡaoṫar na teang¬
an. Deirtear naċ d-tigeann sé 'maċ
go puinnteálta gaċ mí: Creud a ċuir-
feaḋ amaċ é? Ḃ-fuil sé oibliogáideaċ
orrainn-ne ar láṁ a ċur ann ar b-góca
ṫair aon Éireannaċ eile? Dúḃramar
san g-ceud ċóiḃ de'n Ġaoḋal oċt m-blia-
ḋana ó ċoin go mairfeaḋ an Gaoḋal ċo
fad as ṁairfeaḋ muidne; deirmid a-
rís é. Aċ más mian le Éireannaiġiḃ é
ḋul amaċ gaċ mí go beaċt caiṫfid an
cosdus íoc, agus ní mór é.
Tar éis an ráḋ, seo tig le Éireann-
aiġiḃ deunaḋ mar is áil leo. Má's
mian leo an teanga a ṡaoṫruġaḋ caiṫ-
fid oibriuġaḋ san saoṫar; agus caiṫ-
fiḋ an beagan ata 'g oibriuġaḋ foiġid
a beiṫ acu. Tá áḋḃar aṁain ríméid
againn — go ḃ-fuil an t aos óg a fóġluim
na teangan san scoil sa m-baile.
ṫiocfaḋ
a ṫeaċt

