876
AN GAOḊAL.
Aċ osnaḋ 'nn a ċliaḃ faraor! 's ní 'l
fortaċt a n-dán.
Míle 's oċt g-céad a léiġtear dimin
gan ċlaon,
A' cúig agus sé leis a' scéal so 'aiṫ¬
reaḋ go fíor;
A' ṫanaic Mac Dé 'nn a' t-saoġal d'
ar g-ceannaċt go daor,
'S mo Ṗadaiḋ sa g-cré monuar! 's naċ
b-pillfiḋ sé 'ċoiḋ.
AIG ÉIRIĠE 'MAĊ DAM
From the dictation of Mrs. Moy of Bristol, Pa.
formerly of Glenties, co. Donegal, by J. J. Lyons.
(Mr. Lyons deserves great credit for his unceasing
exertions in preserving the old songs and liter¬
ature of his native land. We have many so called
Irishmen, but when we of the present generation
shall be numbered with our fore-fathers, the im¬
partial historian will record from the columns of
An Gaodhal the names of those who are really and
earnestly laboring in the cause of Irish National¬
ity — Ed G.)
Aig éiriġe 'maċ dam a n-dé,
Dar liom ḟéin go raḃ an ṁaidin fuar,
Ṫárla daṁ-sa an spéirḃean
Buḋ deise 's buḋ áille gnaoi:
Ḃí a ḋá cíċ córa, glégeal
'Sa taoḃ mar an eala air cuan,
'S má ṫug mé cion no spéis dí
Ní féidir a congḃáil uaim.
Mar ab é do d-tug mé gráḋ diṫ
Ġeoḃfainn fóiris inn mo ṫír ḃeag féin,
Ba 'gus caoire bána
'Gus áit ṁaiṫ le go g-craiṫfinn síol;
Collaḋ fada saṁraiḋe
'S greann a ḃeiṫ d'á ḋéanaḋ ḋíom,
'S go mb'ḟeárr liom ḃeiṫ air mo ṗáiḋe
Gaċ aon lá 's a ḃeiṫ le na taoḃ.
Taḃair aon ṗóg aṁáin ḋam
Ann a n-deárnaḋ mé de ṁailís leat,
A ċúl tiu na ḃ-fáinniḋe
Is áille 'ná 'n feur a teaċt;
Air neiṁċead iad eilic air gárda,
Mar n-déanfamuis aċt eulóġaḋ seal,
Gan cúite loing nó báide,
Is deas a ṡnáṁfainn an Éarna leat.
Buḋ ḟorus ḋaṁsa aiṫin anuair sin
Gur luaiḋeaḋ mé go h-óg le mnaoi,
Naċ n-déanfainn failliġe no fonaṁ
No niḋ air biṫ de ġnóṫuiḋe 'n t-saoġail;
Na tiġṫe a ḃiḋeas d'á ḃ-fuadaċ
Ní dual go n-déanfaḋ siad díon,
'S ní'l easḃuiġ tuiḋe na luaċra
'San gcuan 'g-colluiġean gráḋ mo ċroiḋe
A Ṁuire, a ċroiḋe, cá'r ḃuḋ iongnaḋ
Dá n-íosfainn-se bárr an ḟraoiġ,
Mo ċur 'sa talaṁ síos
Fá 'n niḋ údaiġ naċ n-deára mé ;
'S mar d-tigeaḋ aċt séideán gaoiṫe
Anns an taoḃ a g-colluiġeann gráḋ mo
ċroiḋe,
Go ḃ-fuiġinn-se sláinte míosa,
Aċt mo ċroiḋe astiġ ḃeiṫ fáisge léi.
A ḃailintín ná feall orm,
'S geall agam air ṁnaoi mar ṫú,
Is duit a ṫug mé m'intinn
Gan aṁras as raḋairc mo ṡúl;
A ċúl buiḋe fiġte na ṫreilsiġe
Is leat ċaill mé collaḋ ciuin,
Mo leun geur 's m' aṁgar
Gan mé a g-claiṁneas le bláṫ na n-úḃal
Dá mar duḃaċ an ḟairige
'S an talaṁ ḃeiṫ 'na ṗáipéar ḃán,
Cleitiḋe fada, geala 'gam
De na h-ealuiġeaċa is aoiḃne snáṁ;
Cléiriġ Éireann is Alaban,
Ṡasanaiḋe, an Ḟrainc 'san Spáinn,
Geanaṁlaċt mo ċailín deas
Níor ḃ' ḟéidir leo scríoḃ go bráṫ!
ar g-cáirde
aiṫne
Cailín De
as
na Luċra
see Vol. VI. p. 757.
see Vol. V. page 668.
SEANṀÓIR air LÁ AN ḂREIṪEAṀ¬
nais,
Leanta.
Tá muid cosaṁuil leis air niḋṫiḃ spir¬
iodalta beagan; de ḃriġ go bh-feiceann¬
muid niḋṫe atá laṫaireaċ agus ċuaiḋ
air an inntinn, in ar stáid ḃeag ḟéin.
Aċ feiceann na aingle iad seo air móḋ
níos leiṫne agus níos soilleurṫa ná
muidne : aċ ní ṫig le créatúir a airde
ḋearcaḋ anso a n-am a ta le ṫeaċt, a¬
ṁáin mar ḃ-foilsiġe Dia ḋó é. Ní féi¬
dir leis an am a ta le ṫeaċt a ḃeiṫ
laṫair, mar naċ ṫoisiġ sé go fóil. Ta
sé go h-iomlán a n-intinn Dé, Is mar
