878
AN GAOḊAL.
gus faitċíos air an muintir ḋamanta.
Mar naċ d-tig linn fios a ḋeunaḋ
cia an t-am a d-tiocfaiḋ lá an Ḃreiṫ¬
eaṁnais, na ḋiaiġ sin, tig linn tuairim
a ṫaḃairt go ḃ-fuil sé n-gar dúinn an
uair a ḟeíceasmuid neaṁsuim a b-páis
Ċríost aig na daoiniḃ; an uair a ḟeic¬
easmuid droiċḃeart agus curṫa na n-
ḋaoineaḋ aig eiriġ as cionn an onóir
agus an t-alltuġaḋ baḋ ċóir do Ḋia
ḟáġail an uair a ṫiocfas an t-am sin,
tig linn a ráḋ go ḃ-fuil la an ḃreiṫeaṁ¬
nais a laṫair. O ḃeul Ċríosd féin
fuair muid cundas air an lá millteaċ
seo. Ní féidir míoṫuigsin ḃeiṫ orrainn
faoi; fuair muid sgeula iomlán air
ó Ċríosd. Dearḃuiġeann Sé ḋúinn go
m-beiḋ anns na laeṫiḃ déiġionaċ olcas
na n-daoineaḋ ċo mór agus go n-eireo¬
ċaiḋ siad a mullaċ na n-aiṫeanta aig
masluġaḋ agus ag cáineaḋ Dé. Deir
ar Slanuiġṫeoir ansa 13 Cab. de Naoṁ
Marcus, An uair a ċluinfas siḃ caint
air ċogaiḋiḃ, & a tráċt air ċogaiḋiḃ,
na biḋeaḋ faitċíos orraiḃ. Mar is
riaċtanaċ d'a leiṫéidṫe niḋṫe a ḃeiṫ
air bun, aċ ní ḃ-fuil an deireaḋ go fóil.
Mar eireoċaiḋ naisiún an aġaiḋ nais¬
iún, ríoġaċt a n-aġaiḋ ríoġaċt; beiḋ
criṫ talṁan agus gort an go leor áitiḃ
air fad an doṁain. Siad na niḋṫe seo
tosaċ trioblóide agus buaireaḋ. Aċ
aṁarcaḋ siḃse arraiḃ féinn Ḃeurfaiḋ
siad suas siḃ da ṫoil a m-baraṁuiliḃ,
agus ans na sineagog buailfear siḃ.
agus meallfaiḋ an dearḃraṫair an ḋea¬
rḃraṫair eile suas ċum a ḃáis, agus
an t-aṫair an mac; agus eireoċaiḋ
clann suas an aġaiḋ an aṫar
agus a máṫara, agus oibreóċaiḋ
siad a m-bás. Agus béiḋ fuaṫ aig gaċ
duine orraiḃ mar ġeall air m'ainmse,
aċ an te a ḟulaingeoċas go d-ti an
deireaḋ béiḋ sé slánuiġṫe. Agus an
uair a ḟeicfas siḃ gráineṁlaċd an diṫ¬
reubuġaḋ na ṡeasaḋ an áit na'r ċóir
ḋó ḃeiṫ, an te léiġeas tigeaḋ sé : an
sin teiḋeaḋ siad seo a Judea do na
sléiḃtiḃ. Ans na laeṫiḃ seo béiḋ leiṫ¬
éid a ṫrioblóid naċ raḃ air an t-saoġ¬
al ó'n cruṫuġaḋ, agus naċ m-béiḋ airís
a ṫoiḋċe. Aċ mar ngeirriġeaḋ an Tiġ¬
earna laeṫe na n-daoineaḋ ní ḃéiḋeaḋ
feoil air biṫ slanuiġṫe; mar ġeall air
an dream ḃeannuiġṫe a ta toġṫa Aige,
ġiorraiḋ Sé na laeṫe úd. Mar éireó¬
ċaiḋ Criostaiḋe fallsa, faiḋe fallsa,
agus taisbeánaiḋ siad iongantais agus
coṁarṫaiḋe ionnus go meallfaḋ siad
(da mb'ḟéidir) an dream toġṫa féin.
Tugfaḋ siḃ-se aire díḃ féin, mar sin.
[Le ḃeiṫ ar leanṁaint. ]
Following is the composition of a twelve year
old girl and we commend its perusal to those who
begrudge to contribute 60 cents a year to the sup¬
port of the movement which made it possible for
her and others to learn to write such matter. I¬
rishmen, circulate Gaelic literature; the seed will
take root and fructify.
Eaḃraċ Nuaḋ, an treas lá do
Abrán, '89
A Ṡaoi Ionṁuin:
Is dóiġ liom gur nuaiḋeaċd ḋuit lit¬
ir d'ḟáġail dod' ṗáipeur beag maisea¬
ṁuil ó ċailín beag ċo h-óg liom-sa, aċd
tá gean mór agam ort, do ḃríġ go ḃ-
fuil tú ċó h-iṁníḋeaċ a d-teangain al¬
uinn mo ṡínsear. Ċiḋmid go minic an
cogaḋ a tá tú a ċóṁḃraċ air son ar
d-teangain ársaiġe, le daoiniḃ a léig¬
eann orṫa a ḃeiṫ ceannaṁuil airṫi
Lean leat air do ṡlíġe féin agus
béiḋ tú ceart. D'á óige mise atá
beagán feasa agam. Cluinim na daoin¬
iḃ fírinneaċa ag caint air éiliġṫeoiriḃ
do ṁeasas ar d-teanga ḃreáġ do lot
agus do ṁasluiġeas ṫusa agus daoine
uaisle eile air son a n-dílseaċda d'ar
nGaoḋailge ḃreáġ. Táim-se da ḃliaḋ¬
ain-deug d'aois anois, agus taim le
breis beag as bliaḋan ag foġluim na
Gaoḋailge. Tugaim aire ṁaiṫ ḋi agus
biḋeann buiḋeaċas mór agam do gaċ
popa léiġeanta do ṁúineas ceaċt no
léiġean dom inte. Inġean do Ṗádraic
Ainmneaċ do ċoṁnuiġeas a n-uiḃir 145
anns an seiseaḋ air ḟiċid sráid Ṡoir
de 'n ċaṫair áluinn so. Cuirim bille
doléir ans an leitir ḃeag so mar ḋíol
do 'n Ġaoḋal ó ṫús an rolla so atá
tú anois ag furḟógraḋ.
Go h-ómósaċ, do ṡeirḃíseaċ
Caitilín M Ní Ainmniġ.
