(5)
7Maḋ Rol. Uiṁ. 5.
SEAĊT-ṀÍ,
1889.
NUAIḊEAĊT NA MÍOSA.
Iompóċamuid cóṁráḋ na míosa seo
le rud éigin a ráḋ leis na sagairtiḃ ó-
ga air ar laḃramar in áit eile de 'n t-
sileaḋ seo, eaḋon, na h-Aiṫreaċa óga
Maṫáin, Eoḃraċ, ua Doṁnaill, ua Mur-
ċaḋa, a tá taréis Ord Sagart a ġlac-
aḋ air feaḋ bliaḋan no ḋó.
I d-tosaċ, déarfamuid leo naċ féid-
ir leo níos mó feiḋme do ḋeunaḋ do'n
g-creideaṁ 'na saoṫar na teangan a
ċur air aġaiḋ, de ḃriġ dá m-beiḋeaḋ sí
ḃialtas an ċinniḋ congḃaiġṫe as cóṁ-
air na n-daoiniḃ le céad bliaḋain buḋ
uras uiṁir protustúin Éireannaċ a
ċóṁaireaṁ 'sa tír seo i n-diu.
Ní ṫig linn mórán milleáin a ṫaḃairt
go na daoiniḃ d'iompuiġ a g-creideaṁ.
Bíḋeadar aineolaċ 'sa m-baile. Do ṡíl-
eadar naċ raḃ aon ḟóġluim aig a n-aiṫ
reaċaiḃ no aon teanga no litearḋa le
ḟóġluim acu, agus, mar sin, naċ raḃ
aon t-síḃialtas acu.
Castar linn Éireannaiġ i n-diu a
iarrṫas, 'A raḃ aibidil aig na hÉir-
eannaiġiḃ?" agus no gur tosuiġeaṁ
saoṫar na teangan 'san móḋ láṫaraċ,
ḃí an leaṫ is mó de ṁuintir na n-Éir-
eann air an inntinn ċeudna. Nuair a
ċruinniġ an cineál seo saiḋḃreas san
tir seo, ṫugadar fóġluim na tíre seo,
suaiḋte le domblas Gall, d'a g-clann.
Mar d'éiriġ 'n t-aos óg suas fóġluimte
san moḋ so d'ḟiafradar d'a n-aiṫreaċ-
aiḃ timċioll teanga agus fóġluim na h-
Éireann. Duḃairt a n-aiṫreaċa leo naċ
raḃ aon teanga no aibidil aig a n-aiṫ-
reaċaiḃ; in sin, duḃairt an t-aos óg
leoṫa ḟéin naċ m-beiḋeaḋ aon ḃaint
acu le cineaḋ ċo suaraċ, agus d'iom-
padar a g-creideaṁ, mar do bhí Caitil-
iceaċ agus Éireannaċ có ionann in a
miantaiḃ. Is sé dualgas na g-cléiraċ
an teanga ṡaoṫruġaḋ.
Tá gleacaiḋe darab ainm "Finn" a
cur imris eidir saoiṫiḃ Cumann Gaoḋ-
ailge Ḃle'á-Ċléiṫ. Seaċain é!
ḟiafruiġeas
