AN GAOḊAL.
889
BéIḋ coṁarṫaiḋe air an ngréin. air an
ngealaiḋ agus air na reultaiḃ, agus
air an doṁan, gaḃa air náisiúin mar
ġeall air ṡuaṫaḋ faitċís faoi oiḃreaċ¬
aiḃ tunta na fáisge; daoine fáġail
báis le sganraḋ roiṁ an trioblóid atá
le ṫeaċt air an doṁan, a glaoiḋeaċ
air an tálaṁ a slugaḋ, no air na cnoic
titim orṫa agus air na cloċa a ḃ-folaċ
o aġaiḋ an Tiġearna."
Deunann Naoṁ Marcus agus Naoṁ
Lúcás úsáid de na focla ceudna aiṫris
dúinn focla Ċríosd air an am millteaċ
seo. Cia a d-tig leis fearg Dé air an
am seo a daṫugaḋ, ag a brsiseaḋ a¬
nuas griantaiḃ, gealaiḋe, agus reulta,
milleaḋ an niḋ cruṫuiġ Sé air tús; an
doṁan air criṫṫe aig an diṫreubuġaḋ
Naċ d-tug siḃ faoi ḋ aire na focla sud
Ċríosd, an uair a duḃairt Sé, 'Naċ n-
innis mé dioḃ reiṁ-re an t-iomlan? Is
feárr an meud seo na an ċuid eile do
'n tairgireaċt, ḋe ḃriġ go n-dearḃṫuiġ¬
eann sé ḋúinn, go cinnte le gníoṁ air
biṫ eile d'ar g-creideaṁ, uaṫḃás lá an
ḃreiṫeaṁnais.
Foillsiġean Naoṁ Marcus fo leiṫ
an ċaoi a d-tiocfaiḋ an críoċnuġaḋ
seo, "Tiocfaiḋ sganraḋ air sganraḋ,
mallaċd air ṁallaċd, air na daoiniḃ,
no go ḃ-fáġaḋ siad bás le faitċíos."
An uair a ḃeiḋeas an ġrian múċta air
fad tiocfaiḋ dorċadas síorruiḋe air
an doṁan, mar ḃrat a cuirfiḋ air eu¬
don na marḃ : beiḋ coṁarṫa uaṫḃásaċ
anns na flaiṫis, foillseoċaiḋe gaċ niḋ
go ḃ-fuil deireaḋ an t-saoiġil a láṫair
Roiṁ Dia an focal dóiġionaċ a laḃ¬
airt, béiḋ ciúineas a ḃ-flaiṫeas, cluin¬
fear guṫ anns an spéir, air an uisge,
agus air an talaṁ. Air deireaḋ fos¬
ṗlóċaiḋ an spéir agus dóirtfear anuas
an ċeud ṡoiġṫeaċ ḋo ḟeirg Dé Tá an
ċríoċ ann. Atfaiḋ agus fiuċfaiḋ na
fairgeaċa agus eireoċaiḋ suas na tonn¬
aiḃ an aġaiḋ na spéire. Titṫe na sléiḃ¬
te agus sgoiltfear cloċa 's crainn
Béiḋ dealraċaiḋ tinntriġe ag imṫeaċt
anns an aer, stoirm agus gaoiṫe a
sguabaḋ as cionn gaċ fairge; criṫfiḋ
an doṁan gaċ uile, agus an fiormeim¬
eint mar an g-ceudna. Eireoċaiḋ coṁ-
losgaḋ mór ó'n na pairtiḃ seo do
doṁan atá leaġaḋ o ḋóṫaḋ, agus scap¬
aiḋ ṫart air an ḋoṁan mar ḃeiṫ gaoġ-
ṁór a deunaḋ sgrios agus losgaḋ air
gaċ niḋ ṫríd an tuile teineaḋ. Béiḋ an
an spéir dearg mar ḃeiṫ foil aig las¬
raċa ag eiriġ ó'n doṁan a ḋóṫaḋ. An
ġrian a ḃ-folaċ, an ġealaċ faoi smúid,
na reulta titṫe, agus neulta mar ḟoil
ag imṫeaċt go fiaḋáin annsa spéir. Dia
uile-ċuṁaċd, cruṫuġaḋ gaċ niḋ air tús
tá anois a cruṫuġaḋ a neart air aon
áit aṁáin: ċo maiṫ da m-beiḋeaḋ le
na ḟearg a ṁeuduġaḋ, na d-tigṫeaḋ a
ċuaċ a lasaḋ níos troime; agus cluinn¬
tear a ġuṫ mar ḃeiḋeaḋ tornaċ a ḃeiṫ
tamal uainn. O, naċ É an Slánuiġṫeóir
a d-ḟoilsiġ ḋúinn go soiléir in a ḟoclaiḃ
feun é. "Na daine fáġail ḃáis le scan¬
raḋ, a riṫe fiaḋain le faitċíos, agus a
glaoiḋeaċ air an talaṁ a slugaḋ, agus
air na sléiḃtiḃ titim orṫa agus a ḃ fol¬
aċ o raḋairc an Tiġearna. An doṁan
faoi ṫeine, na spéiriḋ meaṫa, an ġrian
agus na reulta múċta, an cine daodna
a dóġṫaḋ fáġail ḃáis; guṫ feargeaċ an
Tiġearna a teaċt a ċum breiṫe a ṫaḃ¬
airt air an doṁan, Iosa Criosd foil¬
siuġaḋ an stáid seo, is seo niḋṫe naċ
ċualadar a leiṫide a ċuntas a riaṁ
roiṁe, agus naċ g-cluinfear arís aċóiḋ¬
ċe.
Le ḃeiṫ leanta
Scottish Gaels.
By the last Census the united population of the
counties of Iverness, Ross and Cromarty, Argyle
and Sutherland, Scotland, was 268,993, of whom
184,105 were Gaelic speakers, and 40,352 are class¬
ed as Gaelic speakers in the counties of Bute, Caith¬
ness, Edinburgh, Lanark, Perth and Renfrew. As
may be seen above, more than onehalf of the popu¬
lation of the four first mentioned counties are Gaelic
speakers.
His Grace, the Duke of Athol, Blair Castle, gives
premiums to the best Gaelic speakers among his
tenantry, — we never hear of Irish nobelmen to en¬
courage the preservation of the ancient language
of their country.
It was at Glencoe in this county that the tribe
of MacDonald was massacred in 1691, by the ruf¬
fian soldiery of William III. who were instructed,
"Not to trouble themselve with prisoners."
Father Growney, of the Gaelic Union, sent us
his translation of “God Save Ireland,” but, some
way, it was mislaid, but we expect it will turn up
soon.
