(6)
7Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 6.
MÍ NODLOG
1889.
NUAIDEAĊT NA MÍOSA,
Tá sé lauiḋte i roinn eile de'n Ġao-
ḋal go d-tug an Saoi M. J. Coistiola
cóṁráḋ breáġ uaiḋ, i nGaoḋailig, os
coṁair cruinniúġaḋ mór i m-baile Ṫua-
ma an lá ċeana, le linn cuairt ó ṫeaċ-
tairiḋiḃ Cumann Náisiúnta Ṡasanaiġ
do 'n ḃaile sin. Ní'l an coṁráḋ fada
aċ ta sé bríoṁar. Seo é mar leanas,
"Cuireamuid ceud míle fáilte roiṁ
na mnáiḃ uaisle agus na fearaiḃ uais-
le a ṫáinic análl ċugainn ó Ṡacsania
le cúitiúġaḋ a ṫaḃairt 's an doċar a
rinne a náisiún d'ar d-tír 's an am a
ċuaiḋ ṫart; le coṁairle ar leasa a'
taḃairt dúinn tré gealtanas, 'nuair a
ṡreiṫfidís a ḃaile, na breuga a sgap
ar náṁuid 'n ar d-taoiḃ i Sacsania, a
ċur síos a sgóig duine air biṫ naċ d-
tiocfa leis a ṁalrait do ċreidsint; a-
gus le móidiúġaḋ ḋúinn go d-tiúḃarfaḋ
siad gaċ congnaṁ in a g-cúṁaċt d'ar
g-ceannfairt ċum ar gceart ḟáġail air
ais, mar aon le cead dliġe a ḋeunaḋ
ḋúinn féin 'san sean-teaċ, i ḃ-faiṫce
an ċoláiste, i m-Báile-áṫa-cliaṫ (gárṫa
móra). Go d-téiḋ siad slán a ḃaile,
ar m-beannaċt--ne agus beannaċt Dé in
a ḃ-foċar, [Ámén]. Ó tá an lá dul
ṫar druim agus fir eile le laḃairt liḃ
fós, ni ḋeunfad níos mó ná iarraiḋ
orraiḃ glaoiḋ ós árd a ṫaḃairt ó ċroi
ḋe do Ṗarnel 's do Ġladston agus d'a
n-deisciobal air fad na cruinne, glaoiḋ
eile do'n aonḋaċt féin riaġla, agus d'
ar g-cáirdiḃ uile i Sacsania, i m-Brea-
tain, in Albain, agus in Éirinn, agus
glaoiḋ naoi n-uaire d'ar ndearḃráiṫ-
riḃ agus d'ar ndeirsiúraiḃ a tá
taoiḃ ṫáll de 'n ṁuir ṁóir, agus a
ṫiocfas go luaiṫgáireaċ air ais in
am ar m-buaiḋe agus ar g-caiṫréime."
[Gárṫa móra, agus bualaḋ bos].
Cuir a g-coinne an Ġaoḋail trí fiċiḋ
piġinn, agus do ċoṁursa mar aon.
