AN GAOḊAL.
911
Is mian lé mo ċara E. C. Cumming
go g-cuirfeaḋ tú an Gaoḋal ċuige mar
an g-ceudna d'a áit ċóṁnuiḋe — ag
tosuġaḋ ó 'n ċeud uiṁir mar ṡuas.
Cuirim anns an litir seo orduġaḋ
air tiġ-na-litreaċ air sé sgilling; leaṫ
air a ṡon-sa, agus leaṫ air mo ṡon-sa
féin.
Is dóṫċus linne araon go soirḃiġiḋ
Dia ṫú agus do ċuid congantóiriḋ ann
ḃur n-obair ṁaiṫ, agus go m-béiḋ ar d-
teanga 'g a laḃairt le gaċ uile Éirean¬
naċ air fud an doṁain ṁóir, agus go
mórṁór air fud Éireann.
Fanaim do ċara ḃuan seasṁaċ,
R. Mc S. Gordon.
39 SRÁID GAIRDÍNÉIR MEAḊON¬
aċ, Blá-Ċliaṫ Duiblinne, Éire,
30ṁaḋ mí Nodlug, '89.
Do'n Ḟeareagair an Ġaoḋail.
A Ḋuine-uasail :— Fuair mé an Gao¬
ḋal sealaid geárr o ṡoin, agus ḃeirim
buiḋeaċas air a ṡon. Buḋ ṁór an t-
íongna liom fanár ġab mé an ceudna
suas le bliaḋain roiṁe sin. Buḋ eagla
orm gur fuair sé bás nó niḋ eile díoġ¬
ḃálaċ, aċt aṁáin gur ba dóiġ liom ans
an am ceudna naċ leigfa-sa a ḋul a¬
múġaḋ; mar ġeall air an mbaiḋ agus
an spéis a ġlacaim san Gaeḋilge, air a
saoṫraḋ agus air a caoṁnaḋ a ḃ-fog¬
as agus a g-céin. Tá mé buiḋeaċ ḋiot
air an iarraċt ċneasda a ḋeanann tú
d'a congnaṁ.
Creidim nár ṫainic mo am le mo ċur
do ċur ċugat, aċt an uair ṫiocfaiḋ sé
ní ḋeunfad aon ṁoill. Is éigin oibir
cruaiḋ fós an teanga ar sinnsior do
ṡlanúġaḋ ó'n g-contaḃairt, aċt mar a
tá irisleaḃar ċo cumasaċ agus atá ag¬
at-sa sin ruaigfeas an sean náṁaid
ċo deiġneasaċ innus naċ ḃ-féaċfaiḋ sé
air ais ina ḋiaiġ arís go bráṫ.
Do ċara ionṁuin,
Seáġan ua Fearġail.
Béiḋ an Ġaoḋailge faoi ṁeas fós
más sé toil Éireannaċ é.
Maynooth Again. Sliabh na m-Ban, mentioned
below by Mr Henebry, appeared in last GAEL.
Ċoláiste Naoiṁ Ṗádruig, Maiġe-
Nuaḋat, an dara lá air ḟiċid de
'n Ṁí-ṁeaḋan an t-Saṁaiġ.
A Ċara Ġaoḋalaiġ:
So ḋuit trí
dreaċta tuaṫa a fuaras a nurraḋ ó
beo-ġuṫ fir-oibre san g-Condae Ṗorṫ-
láirge ċum iad a ċlóḋaḋ san nGaoḋal
más taiṫneaṁaċ leat-sa iad. 'Nuair
raċfad a ḃaile a m-bliaḋna timċioll
deire na míosa so déanfad mo ḋiṫ¬
ċioll ċum rudaiġe beaga Gaoḋalaċa a
lorg air ḟuaid an oirṫear Ṁuṁan ag¬
us iad a sgríoḃaḋ le súil a g-coṫuiġṫe
sul imṫeoċaid air fad a cuiṁne na n-
daoineaḋ in aoinfeaċt leis a lán eile
de ḋántaiḃ agus sgeultaiḋiḃ atá anois
caillte go deo orrainn. Ċiḋir go ḃ-fuil
ceann de na dreaċtaiḃ so, nó mar buḋ
ċeirte ḋam a ráḋ an ṁeud a lonuiġ¬
eann de, .i. stáir Ṡeáġain Mac Ṡéam¬
uis, a ḃ-fad níos binne agus níos lioṁ¬
ṫa le h-órduġaḋ ceart-focail deáġ-ṫo¬
ġṫa 'ná an dá ċeann eile, agus as so
breaṫnuiġṫear go follus gur sgríoḃaḋ
é le linn na ḃ-filiḋeaḋ ḃ-fíor-ċliste ḃíḋ¬
eaḋ in Éirinn anallod roiṁ tosaċ aim¬
sire feoċta na Gaeḋilge ler' m-bain¬
eann, faoi m' ṫuairim-si, Sliaḃ-na-mBan
agus an t-eaċtra air na Connairiḋiḃ.
Giḋeaḋ go ḃ-fuil mé ag tnúṫ le iad
so d' ḟeicsin san nGaoḋal ní gáḋ ḋuit
a ḃeiṫ ad ḃuaiḋreaḋ féin leo muna ḃ-
fuil spás agus uain agat le taḃairt
dóiḃ, agus muna dteasduiġeann uait
iad, réir a duḃairt mé ċeana.
Fuaireas an dá uiḃir de'n Ġaoḋal a
ċuiris ċugam agus tá mé ro-ḃuiḋeaċ
ḋíot ṫríd Is uaṫḃásaċ an meud atá
tusa ag deunaḋ le maoin agus le mea¬
ṁair ċum an teanga ḃoċt a ċoiṁeud
beo mar tá a ḟios aig an t-saoġal ní
gan ṫroblóid agus cosdus a ġeoḃas
tusa an obair sin a ṡaorṫugaḋ. Is
mór a truaiġ anois naċ g-cuireann Éi¬
reannaiġ aċt neaṁ-ṡuim in a d-teang¬
ain ḃreáġ so agus go ḃ-fuilid d'a leig¬
in tuitim as cuiṁne agus d'a malairt
air Sncs-Ḃeurla tré uireasḃa feasa
