AN GAOḊAL.
931
'S go n-ólfainn da mar fíon an Éarna
'S ní'l aon ḟear faoi 'n riġ a ḃainfeaḋ
le mo ṁnaoi
Naċ ḃ-feicfinn fuil a ċroiḋe dá ḃ-feud¬
fainn.
Taken down from the dictation of Mr. John Mc¬
Gettigan, a native of Ballymafaig, co. Donegal. I
have not altered a word of this. — J. J. Lyons.
CAILLEAĊ NA ḃ-FIAĊLA FADA
Agus an Mac Ríġ.
[ With a little study of the sounds of the aspir¬
ates and of the general instruction given in a pre¬
ceding page, any one who speaks Irish can have
no difficulty in reading this simple and interesting
story].
Ḃí riġ i g-Connaċt a ḃfad ó ṡoin, &
ḃí sé bliaḋain 's fiċe pósta aċ ní raḃ
aonduine cluinne ag an m-bainríoġain,
agus ṡaoil sé naċ m-beiḋeaḋ aon oiḋ¬
re aige. Ḃí sé siúḃal amaċ lá aṁáin
nuair i ṫainic fairge ṁór uisge tim¬
ċioll air. Ní raḃ ḟios aige cad i ḋeun¬
faḋ sé nuair i ṫainic cailleaċ ċuige, a¬
gus duḃairt, "Cad atá tú ag iarruiḋ?"
"Sliġe éigin a ḃéarfas amaċ as an áit
seo mé," ar san riġ. "Ḃéarfaiḋ mise
amaċ ṫú," ar san ċailleaċ, "má ṫugann
tú ḋam do ṁac is sine." "Ní'l aon
ṁac agam," ar san riġ, "tá mé bliaḋain
's fiċe pósta, agus ní cosaṁuil go mbéiḋ
aon oiḋre agam anois." "Taḃair d'
ḟocal ḋam go d-tiúḃraiḋ tú ḋam do
ċeud ṁac nuair a ḃéiḋ sé bliaḋain ag¬
us fiċe ḋ' aois." ar san ċailleaċ. "Ḃéi¬
rim m' ḟocal duit," ar san riġ.
Annsin ṫarraing an ċailleaċ meura¬
cán amaċ, agus rinne sé bád ḋe. Ċuaiḋ
sí féin agus an riġ asteaċ 'sa m-bád
agus ṫarraing an ċailleaċ ḋá ḟiacail
amaċ agus rinne sí maidiḋ rámha ḋíoḃ.
D' oibriġ sí iad í féin, agus níor ḃ'ḟa¬
da go d-tug sí an riġ ṫar an uisge. D'
imṫiġ an riġ aḃaile líonta d'iongantas.
Níor ḃ'ḟada go raḃ mac óg ag an m-
bainrioġain D'ḟás an mac riġ suas
'nna ḟear lúṫṁar, láidir, go raḃ sé
bliaḋain 's fiċe d'aois. Ṫainic brón
mór air an riġ mar ḃí ḟios aige go d-
tiucfaḋ an ċailleaċ ag tóruiġeaċt an
ṁic óig. Ċuaiḋ sé go 'n ċócaire agus
ṫug ceud punt ḋí, ag ráḋ léiṫe go raḃ
ċailleaċ na ḃ-fiacla fada teaċt a tór¬
uiġeaċt an oiḋre óig, agus go d-tiúrḃ¬
faḋ sé ḋí mac an ċócaire in áit a ṁic
féin. Ann sin ċuaiḋ sé go cailleaċ na
g-cearc agus ṫug ceud eile ḋi-se, agus
duḃairt léiṫe mar duḃairt sé leis an g-
cócaire.
Air maidin lá 'r na ṁáraċ ṫainic
cailleaċ na ḃ-fiacla fada go caisleán
an riġ, agus ṫarraing sí an cuaile cor¬
raic. Ṫainic an riġ amaċ agus duḃ¬
airt sí leis, "Cuir amaċ do ṁac, tá sé
bliaḋain 's fiċe anois." Ċuir sé amaċ
mac an ċócaire ċuici. Ṫug sí léiṫe é
go gort mór glas. Ann sin duḃairt sé
leis, "Creud atá do ṁáṫair a deunaḋ
sa m-baile anois?" "Tá sí a gleus di¬
néir an riġ," ar san fear óg. "Ní tú an
mac riġ," arsan ċailleaċ. Ann sin ḃuail
sí buille slaitín-ḋraoiḋeaċta air agus
rinne cloċ ṁór de. Ann sin ṫainiċ sí
air ais go caisleán an riġ, ṫarraing sí
an cuaile corraic agus duḃairt leis an
riġ, "Cuir amaċ do ṁaċ ċugam no leag¬
faiḋ mé an caisleán ort." Do ċuir an
riġ amaċ mac ċailliġe-na g-cearc ċuici.
Ṫug sé léiṫe é go d-tainic sí go d-ti 'n
gort glas. Insin duḃairt sí leis, "Cad
atá do ṁáṫair a deunaḋ sa m-baile?"
"Tá sí a faire na g-cearc," ar san fear
óg. "Ní tusa an fear ceart," ar san
ċailleaċ. Ṫug sí buille de 'n t-slaitín
draoiḋeaċta ḋó agus rinne cloċ ḋe. In
sin ṫainic si go caisleán an riġ, ṫarr¬
aing sí an cuaile corraic agus duḃairt
sí leis an riġ, "Muna g-cuirfiḋ tú do
ṁac amaċ ċugam an t-am seo leagfaiḋ
mé an caisleán ort." Ḃí faitċíos air
an riġ agus ċuir sé amaċ a ṁac féin
ċuici. Ṫug sé léiṫe go 'n ġort glas é a¬
gus d'ḟiafruiġ ḋe creud do ḃí a ṁáṫ¬
air ag deunaḋ sa m-baile. "Ṫá sí 'gol,"
ar san mac niġ. "Is tú an fear ceart,"
ar san ċailleaċ. Ann sin ṫug sí buille
de'n t-slaitín draoiġeaċta ḋó agus ri¬
nne sí seaḃaċ ḋe. Rinne sí seaḃaċ eile
ḋí féin agus ṫug an mac riġ leiṫe go oi¬
leán.
Ḃí teaċ breáġ aici air an oileán agus
duḃairt sí leis, "Tá aon niḋ agam
ḋuit le deunaḋ agus má ġniḋ tú é béiḋ
m'inġean agat, agus mar nach d-tig leat
an obair a ḋeunaḋ caillfiḋ tú do ċeann"
ann do
ṁullaċ
