h-uile, aċ beirt, ins a b-poll.
An sin ṫainic Naoṁ Páḋraic agus
Fíntán air ais go Áṫ-an ċoḃair, agus
ṫosaiġ a cur cill air bun ann. Ċruinn¬
iḋ sé saoir agus fir-oibre, agus ċeann¬
uiġ sé gearráinín óg; is cuma cia 'n
t-ualaċ a ċuirfeaḋ siad air an n gear¬
ráinín ḃí sé 'nan é iomċar. Aon lá a¬
ṁáin ċuaiḋ an Naoṁ ċuig fear darab
ainm Cormaċ Duḃ, agus d' ḟiafraiḋ
ḋe ce ṁeud a ḃeiḋeaḋ sé ag iarraiḋ
air 'n oiread min-ċoirce 's ḃeiḋeaḋ 'n
gearráinín 'nan iomċar a ḃaile. D'
ḟeuċ Cormac air an n-gearráinín, ⁊
duḃairt leis féin, "ní ḃéiḋ an beiṫeaċ
suaraċ sin 'nan mórán d'iomċar, a¬
gus duḃairt sé leis an Naoṁ, "glac¬
ḟaiḋ mé seaċt b-píosa deiċ-b-píġnne
air ualaċ do ḃeiṫiġ." "Is margaḋ é,"
ars an Naoṁ, a taḃairt an airgid ḋó
An sin ċuireadar mála air, agus
duḃairt Cormac, "Is mór an iongnaṁ
liom-sa má ḃíḋeann sé 'nan an méid
sin do iomċar." "Cuir mála eile air,"
ars an Naoṁ. Ċuireadar air é, agus
ṡaoil Cormac go m-brisfeaḋ sé a
ḋruim. "Ní'l cúigeaḋ cuid d'a ualaiġ
air fós," ars an Naoṁ. Ċuireadar
mála n-diaġ an ṁála air go raḃ gaċ h-
uile ṁála a ḃí aig Cormac Duḃ air
ḋruim an ġearráinín, agus d'iomċair
sé a ḃaile iad. Ḃí iongantas mór air
Dormac Duḃ, agus duḃairt sé leis
ḟéin, "Is gearráinín draoiḋeaċta é
sin."
Aon lá aṁáin duḃairt na fir-
oibre leis an Naoṁ naċ ḃ-feudfaidís
obair ċruaiḋ do ḋeunaḋ gan feoil.
"Ġeaḃfaiḋ mise sin díḃ," ars an Naoṁ.
Ċuaiḋ sé ċuig Cormac Duḃ arís agus
d' iarr ḋe an raḃ aon ḃeiṫeaċ aige le
díol. "Tá," ar Cormac, "tá tarḃ ra¬
ṁar in sin ṡíos 'san b-páirc, agus tig
leat é ḃeiṫ agat, gan luaċ, má ṫig leat
é do ṫaḃairt leat." Anois, buḋ tarḃ
crosta é, agus mar ḃí fuaṫ aig Corm¬
ac i n-aġaiḋ 'n Naoiṁ, ṡaoil sé go marḃ¬
óċaiḋ é; ins an am so ní raḃ ḟios aige
gur naoṁ a ḃí i b-Páḋraic. Ċuaiḋ an
Naoṁ a ḃaile agus duḃairt sé le Fin¬
tán, "Fáġ mo ċlog duḃ ḋam." Fuair
Fíntán an clog ḋó, agus ċuaiḋ sé go
páirc Ċormaic Ḋuiḃ, agus ṫosaiġ ag-
craṫaḋ an ċloig. Lean an tarḃ aḃaile
é ċo socair le uan caoraċ, & marḃuiġ
& d'iṫ na fir oibre é. Ḃí brón agus
fearg ṁór air Ċormac Duḃ faoi ċeann
seaċtṁaine ṫainic sé ċuig an Naoṁ a¬
gus duḃairt leis, "Ní fear cneasta ṫú
mar d-tugaḋ tú mo ṫarḃ no a luaċ
ḋam." "Beurfaiḋ mé do ṫarḃ air ais
ḋuit," ars an Naoṁ "Ní ṫig leat sin
a ḋeunaḋ, nuair atá sé ite aig do
ċuid fir," ar Cormac Duḃ. "Níl éin¬
niḋ doḋeunta le cúṁaċda Dé," ar an
Naoṁ. An sin duḃairt sé le Fíntán,
"Fáġaiḋ ḋam croiceann agus cnáṁa
an teirḃ." Ṫug Fíntán ċuige iad, ag¬
us ċuir sé na cnáṁa asteaċ 'sa g-croi¬
ceann. Ṫóig an Naoṁ a láiṁ os a
ċionn, agus duḃairt, "éiriġ suas a ṫeirḃ
Ċormaic Ḋuiḃ." faoi ċeann moiment
d'éiriġ an tarḃ ċo slán 's ḃí sé ariaṁ,
agus ṫosaiġ a géimniḋ. Ṫug sé an tarḃ
a ḃaile agus duḃairt le na coṁarsan¬
aiḋe go m-buḋ tarḃ naoṁṫa é. Air
maidin Diadoṁnaiḋ cruinnniḋ go leor
daoineaḋ, fir agus mná, ag breaṫuġaḋ
air an tarḃ iongantaċ. Nuair a ċuaiḋ
Cormac Duḃ asteaċ sa b-páirc, ṫainic
an tarḃ ċuige, ċuir a ḋá aḋairc faoi,
ċaiṫ suas san aer é, agus do ṫainic
sé anuas marḃ. Buḋ é an ċeud doṁ¬
naċ san ḃ-Fóġṁar é, & ní'l ainm aig na
daoiniḃ air ó ṡoin aċ "Dóṁnaċ Ċor¬
muic Ḋuiḃ." Ċuaiḋ Naoṁ Páḋraic air
aġaiḋ leis an g-cill, agus nuair do ḃí
sé críoċnuiġṫe, agus an ċeud aifrionn
léiġte ann, ċualaiḋ sé go raḃ an dá
aṫairniṁe i d'eulaiḋ uaiḋ a geurċráḋ¬
aḋ na n-daoineaḋ, agus d' imṫiġ sé 'na
n-diaiġ. Buḋ é ainm an dá aṫair niṁe
Caorṫánaċ agus Pincín. Ḃí Pincín a
b-poll a ḃí a g-carraig i n-gar do Ċúig
Ula. Uile oiḋċe ḃiḋeaḋ cuinneall las¬
da aig Pincín, agus duine air biṫ a d-
ḟeicfeaḋ an solus ṫuitfeaḋ sé marḃ.
Ḃí Naoḋ Páḋraic agus Fíntán ag im¬
ṫeaċt go d-tangadar 'n-gar do ċarr¬
aig Ṗincín, agus ċuaḋar go teaċ ḃain¬
treuḃaiġe ḃoiċt, agus d'iarr lóisdín
oiḋċe.
[Le ḃeiṫ críoċnuiġṫe san Gaoḋal seo
ċugainn].
