(10)
7Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 10.
BEALTAINE,
1890.
NAOṀ PÁDRAIC AGUS NA hAIṪ-
reaċa Niṁe.
(Leanta)
Ṫug an ḃean dóiḃ é. Nuair a ḃí dorċ-
adas na h-oiḋċe a teaċt duḃairt sí
leo,
"Caiṫfiḋ mé an dorus a ḋúnaḋ
anois : Tá aṫair niṁe i b-poll carraige
ngar do'n áit seo, lasann sé coinneal
gaċ oiḋċe agus duine air biṫ ḟeiceas a
solas tuiteann sé marḃ."
"An ḃ-fuil áḋḃar coinneil agat?" ars
an Naoṁ.
"Ní'l, go deiṁin," ars an ḃean ḃoċt,
"aċt tá feoga tirm agam."
Fuair an Naoṁ sgian, d'ḟosgail sé
bolg Ḟíntáin agus ḃain greim blainic
as, ṫug do 'n ṁnaoi é, agus duḃairt,
"Deun coinneal ḋam"
Nuair do ḃí an ċoinneal deunta, las
an Naoṁ í, agus ṡeas i m-beul an dor-
uis. Nuair a las Naoṁ Pádraic an
ċoinneal múċaḋ coinneal Ṗincín, agus
níor lasaḋ ó ṡoin í mar ṫuit sé marḃ.
Ní'l aon ainm air an g-carraig ó'n lá
sin go d-ti 'n lá seo aċ carraig Ṗincín.
An sin ċualaiḋ an Naoṁ go raḃ
Caorṫánaċ imṫiġṫe go Loċ Dearg.
Lean an Naoṁ agus Fíntán é, aċ nuair
a ṫangadar go bruaċ na loiċe ní raḃ
aon bád aig an Naoṁ. Ḃain sé ḋe a
ċuid éaduiġ, ġlaċ sgian in a láiṁ, agus
ṫoisiġ a snáṁ ċum an áit a raḃ Caor-
ṫánaċ.
Nuair do ċonairc an t-aṫair niṁe
an Naoṁ a teaċt ġlac sé an t-uisge a-
gus nuair a ṫainic sé ċo fada leis do
ṡluig sé é. An sin ṫoisiġ an Naoṁ ag
gearraḋ leis an sgiain gur ġeárr sé a
ḃealaċ amaċ as bolg an aṫar niṁe, ag-
us ṁarḃuiġ sé é.
Ṫainic an oiread sin fola as is ḋá-
ṫuiḋ an t-uisge dearg, agus sin é an
fáġ ar gáireaḋ Loċ Dearg airṫi.
Na ḋiaiġ sin riġne na daoine bád do
