AN GAOḊAL.
971
ADDRESS OF ANDROMACHE TO HECTOR,
(From the original Greek of Homer’s Iliad, Book 6,
By Archbishop McHale).
"A ḋuine ḋána faraoir tá air tí,
Do ḃascaiḋ féin, gan imníḋ faoi do ṁnaoi
'Gus faoi do leanḃ, ciḋ gur dóiḃ is baoġal,
A ḃeiṫ gan coimirc, tréigṫe air an saoḋal.
Is ort-sa aṁáin, tá an náṁaid uile, 'braṫ,
Is tu-sa aṁáin is mian leo síneaḋ 'g-caṫ ;
Má's leat i ṫuitim 's truaġ, mar sin, gan mé,
Roiṁ ṫu-sa imṫeaċt, sínte síos faoi 'n g-cré.
Má ḃíḋim do ḋiaiġ mo ḃaintreuġaċ, béiḋ mo ḃiḋ,
Mar ḃí ó ṫús, faoi ḋuḃrón 'gus faoi ċaoi,
Gan aṫair, máṫair, bráṫair, le mo ló,
Maoluġaḋ mo leatrom, nó, a roinnt liom sóġ.
Ṫuit m' aṫair ṁuirneaċ faoi láiṁ Aċuil ġarg,
Trá sgrios a ċaṫair Taeḃ, an cogaḋ dearg,
Aċt giḋ gur ṫuit sé anns an ár neaṁ-ḃeo,
Níor ṫaisbeáin Aċuil easḃaiḋ urraim ḋó.
Air ċarn aise, leagṫa air a ḃár,
D' ḟág aḃlaċ a's arm m' aṫar ann a lár,
'Gus d' ḟás 'n a ṫimċioll, leaṁain air gaċ taoḃ,
Ċuir óiġe Oriad, ínġin' áluin' Íoḃ.
Mórṡeisear bráṫra, taca 'r d-tiġ 'gus bláṫ,
tóigeaḋ uainn go h-uile ann aon lá ;
Do ṡín iad Aċuil millteaċ le n-a lann
Air ṁaġ a raḃadar cuṁdaċ treuda ann.
Mo ṁáṫair banríoġan críċ' na g-coilte duḃ'
Do ṫug sé leis, a's táinte trom' le bruṫ,
Aċt ċeannuiġ sí a saoirse ó'n geaḃal ṁór
Ag bronnaḋ mórán maoin ḋó, agus ór.
Buḋ ġeárr an t-am 'n éis fileaḋ ċum a críċ'
Gur ḟág gaċ Dian í gan aon deo 'nna luiḋe.
Air feaḋ do ṁarṫain, agam béiḋir go bráṫ
Mar aṫair, ṁáṫair, bráṫair, céile gráḋaċ.
Aċt glaċ ḋam truaiġe, agraim ṫú ná bí
Mar siocar mí áḋ, aig do ṁac 's do ṁnaoi:
Mise ná fág mo baintreuġaċ le mo ċráḋ
'Gus é 'nn a ḋíleaċt gan aon tac' no sgáṫ.
Aċt ann so fan, san áit a ḃ-fuil trom geug
De ċrann fioga, taḃairt do na Greug',
Sínte le balla, uain maiṫ agus slíġe,
Le beagán saoṫair ionnsuiḋ steaċ na Troiġe.
Trí h-uaire d'ḟeuċ leis fir is áirde cliú,
Dís na Aiacs cumasaċ le lúṫ.
'Gus Iodmuin 's Tuide millteaċ air a ḃ-faiṫ
'S mac Aṫri, Agmon, ceann na Féaḋna 's sgaiṫ
'S bráṫair Muinleá, seolta le gaeṫ' Deá,
Ná as a neart ḟéin muiníneaċ, gan sgáṫ."
Do ḟreagair a céile: "Agam béiḋ a meaṁair
Do ċoṁairle ċaoṁ, ċum taḃairt uaim gaċ caḃair;
