972
AN GAOḊAL.
Aċt ḃeiḋeaḋ na fir 's na mná láḋaċ' na Troiġe
A sgeiṫ mo ċliú 's mo ṫeastais leis an gaoṫ,
Dá ḃ-fanainn siar, mar ċlaḋaire as an gleo —
Niḋ naċ m-beiḋeaḋ taiṫneaṁaċ le mo spioriod ḃeo,
'Oir do ḃeiṫ calmaċ d' ḟoġluim mé go luaṫ
A ḃeiṫ d-toiseaċ, 'measg fíor-sgaiṫ na sluaġ,
Ag cosaint ċeannais m' aṫar mar buḋ ċóir,
Agus an céann sin ċosaint fós mo ġlóir.
Aċt táim fiosaċ 's fós, le imníḋ lán,
Go d-tiocfaiḋ an t-am a m-béiḋ an ċaṫair bán,
A dún 's a riġ-lan leagṫa uile air lár
'San riġ 's a ḋaoine sínte anns an ár.
Aċt ní ġoileann aṁgar luċt' na Troiġe,
No, aṫar, máṫar, bráṫar, air mo ċroiḋe,
Do ḃeiḋeas a' tuitim aiġ lainn trom na nGreug
'Nna 'n uiṁir ṁór, faoi ċascairt 'gus faoi eug
A's ġoileas d' aṁgar : 'nn éis ḋul ṫríḋ gaċ gáḃ
Béirfear ṫú go críċ na nGreug mar sglaḃ,
Foluingt ann, mór anacair 'gus leun
Faoi ċuing mná eiltriġe danarṫa 'gus déin'
Fiġeaḋ aig seol stáir dolásaċ na Troiġe
No taḃairt ó an t sruṫ ṁias uisge ann a tiġe,
'S ag éisteaċt le fonnóid aṫaiseaċ, gan ṫruaġ —
"Feuċ díol baintriġe Hectóir ṁóir na sluaġ."
Dúiseóċaḋ an t-ainm mo ċuiṁne ann do ċroiḋe,
Agus beiḋir lán de ḋuḃrón agus de ċaoiḋ
Fá é ḃeiṫ imiġṫe, ċosnóċaḋ ṫú 'sa trá
'Gus ḋuit-se do ḃeurfaḋ caḃair agus sgáṫ.
Aċt roiṁ mé feicsint niḋ ċo táir, béiḋ mé
Faoi an ḃ-fód, is doiġ liom, sínte anns an g-cré."
N'éis seo ráḋ, do ṡin amaċ go sáiṁ
Ċum an t-óg do ċadairt a ḋá láim,
Do ġeit le eagla ṁór an leanḃ searc,
Trá air a g clogad uaṁanaċ, soillseaċ, ḋearc,
'S an ċiaḃ capall guanaċ, raḃ gaċ dlaoiġ,
Anonn 's análl ag imleaḋ leis an gaoṫ,
Do smigdar an dís : Sgaoil Hectóir an lúb teann
Ḃí air a ċaṫḃár, is ṫóig í ó n-a ċeann,
'Gus leag an cloga lonraċ air an ḃ-feur,
Rug air a leanḃ, 's ċroċ é suas san aer;
B'éis a ṗógaḋ 's a ḃreugaḋ le mín ċruṫ
A láiṁe, ċuir le impiġiḋ, suas a ġuṫ —
'"Ioḃ 's a ḃ-fuil ṡuas leat, de na Deaṫ' síor ḃeo,
Dearcaiḋe mo leanḃ 's taḃraiḋe 'r g-cuimirc ḋó,
Taḃraiḋ ḋó siúḃal go céimeaṁuil anns a t-slíġe
A siúḃalaim féin mar ṡompla aig na Troiġṫe,
Misneaṁail, cálmaċ, lán de neart 's de lúṫ,
'S a cosaint a ṫíre, toilleaḋ geann a's cliú;
'G cascairt náṁaid filleaḋ le creaċ ṁór,
'S le dánta buiḋeaċais árdóġaid suas gaċ glór,
'S ag cluinst d'a ṁáṫair: 'Ḃeir air aṫair bárr,
