(14)
8Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 2
SEAĊT-ṀÍ
1890.
Ṫaṁnuiġ?
Mac Riġ Caisleán Buiḋe Ṡaṁnuiġ ⁊
Bainríoġan Tobar Deire 'n Doṁain.
(Ó'n m-Blácaċ.)
A ḃ-fad ó ṡoin, ḃí sean ríġ na ċoṁ-
nuiḋe i g-Caisleán Buiḋe Ṡaṁna agus
ḃí triúr mac aige, darab ainm Art,
Neart agus Ceart. Ḃí cos tinn aig
an ríġ air feaḋ bliaḋanta agus níor
ḟeud sé a leiġeas do ḟáġail. Aon lá
aṁáin ċuir sé fios air Ḋall-glic a ḃí
aige, agus duḃairt leis,
"Táim a taḃairt tuarasdal ḋuit le
ḋá-ḟeċead bliaḋain agus níor innis tú
ḋam fós cad do ḋeunfaḋ maiṫ do mo
ċois."
"Níor iarr tú an ċeist ḋíom roiṁe
so," ars an Dall-glic, "agus tig liom
innseaċt ḋuit anois naċ ḃ-fuil aon
leiġeas agad le fáġail mar ḃ-fáġ tú
buidéal uisge as Tobar-Deire-'n-Doṁ-
ain, agus ní'l ḟios agam ca ḃ-fuil an
áit sin."
Air maidin lá 'r na ṁáraċ ċuir an
ríġ ḟios air a ṫriúr ṁac, agus duḃairt
leo,
"Ní ḃéiḋ aon ḃiseaċ air mo ċois go
ḃ-fáġ mé buidéal uisge as Tobar deir-
eaḋ an doṁain: Anois cia 'r biṫ fear
do ḃéarfas ċugam é béiḋ mo ríġeaċt
aige mo ḋiaiġ."
An sin duḃairt an triúr, "D'a ṫór-
ruiġeaċt raċfamuid."
Ṫug an ríġ sparán airgid do gaċ
aon aca, agus d'imṫiġ siad air siúḃal.
Nuair do ṫainiceadar ċo fada leis an
g-crosḃóṫar, duḃairt Art,
"Téiḋeaḋ uile ḟear bóṫar ḋó ḟéin,
agus bíḋeaḋ conraḋ eadaruinn, an
ċeud ḟear do ṫiocfas air ais roiṁ lá
agus bliaḋain go ḃ-fanfaiḋ sé ann sin
ṡíos ag an teaċ-ósda go d-tagaiḋ an
ḃeirt eile ċuige."
Ċuaiḋ Art agus Neart go d-tí an
