23
AN GAOḊAL.
ná Francais orra. Agus ó ṫainig mé
ṫar n-ais go h-Éirinn is fada fair¬
sing mo ṡiuḃal, aċt níor casaḋ riaṁ
orm anns na seomraiḃ leiġṫeoireaċd¬
a paipeur ná irisleaḃar 'n-a raiḃ roinn
Gaoiḋilge. Náċ náireaċ an sgeul é so
le innsin? Cia tá anns an loċt do
ṫaoḃ an stáid ḟailliġeaċ so 'n-a ḃ-fuil¬
míd? Gan aṁrus is iad Éireannaiġe
féin atá cionntaċ ann. Tá coṁċruin¬
niuġaḋ anns an ċaṫruiġ so dár ab'
ainm Árdscoil Rioġaṁuil na h-Éireann,
agus is iad na fir is mó fóġluim i n-
Éirinn ḃuaineann leis. Do ċuirfeaḋ
sé luaġáir ort na leaḃair Gaoiḋilge
go léir (cuid dioḃ láiṁ-sgrioḃṫa, agus
tuilleaḋ dioḃ clóbuailte) atá 'na d-tiġ
ṁóir d'ḟeicsin. Cuirid mórán daoin¬
eaḋ aisdear fada orra féin ċum raḋ¬
arc d'ḟáġail air an taisge luaċṁar
sin. Aċt ní ḃ-fuil na daoine leiġean¬
ta so ag deunaṁ an oiread agus buḋ
ċóir dóiḃ ċum eolais air ár d-teang¬
ain d'ḟoirleaṫnuġaḋ. Os cionn deiċ
m-bliaḋnan o ṡoin do ċinntiġeadar an
t Olaṁ Atkinson mar feareagar ċum
focail d'ḟáġail tiomargṫa as na sean
leaḃair agus foclóir tertaṁuil, bun¬
aḋasaċ do ċur le ċéile d'ḟoillseoċai¬
dís. Ag súil leis an gno so do ċur i
ngníoṁ d'ḟágadar fá n-a riaruġaḋ
timċioll ḋá ċeud punt anns an mblia¬
ḋain, de airgead fiaiġeann siad ó oir
cisde na Sagsanaċ go blaḋnaṁuil, ag¬
us giḋ go ḃ-fuil sgolairḋe foġlumṫa 'n
a ḃ-feiḋil air feaḋ na h-aimsire sin ni
ḃ-fuil focal de clóḃuailte fós.
Fuair an coṁċomun so air a d-tráċ¬
daim clóḃuailte an ḃliaḋain so fá ċú¬
ram an t-Olaṁ Atcinson, "Trí Bior-
Ġaoiṫe an Ḃáis," leaḃar do sgríoḃaḋ
an Sagart agus doċtúr diaḋaċda
Seaṫrun Ceitin, i ngar do ṫrí ċeud
bliaḋan ó ṡoin, an uair ḃí sé 'n a ḋíb¬
earṫaċ air fuid na h-Éirionn de ḋeas¬
gaḋ na géirleanṁna ḃí curṫa air bun
anaġaiḋ na g-Caitilic. Tá loċta beag¬
a annso agus an súd tríd an leaḃar,
aċt ní luġaide sin, is ceart an leaḃar
é ameasg na leaḃar Gaoiḋilge is feárr
do cuireaḋ riaṁ i g-clóḋ.
Deirtear go ḃ-fuil fonn air an t-Ol¬
aṁ Atcinson 'Eoċair Sgiaṫaḋ an Ai¬
frin," leaḃar eile do sgríoḃaḋ an Doċ¬
túr Ceitin, do ċlóḃualaḋ coṁ luaiṫ is
do ḃeiḋ uain aige air a ḋeunaḋ.
Do ċara biṫḋílis,
Padruig O'Briain.
[ We have not seen this book for the reason
that we are no lover of Gaelic in English dress
(English in this sense because of our conception
of its sound and general surroundings) — Ed. G.]
Focla Maiṫe ó'n tSean Ḟód.
A Ṡaoi Ḋíl: Maille leis an litir so
do ġeoḃair dreaċt a riġne máṫair
taréis a mac beiṫ imṫiġṫe uaiṫe ċum
a ḃeiṫ 'na ṡaġaideoir, sgeul air Miċ¬
eál árdaingeal i g-coṁsaṁlaċt na g-
ceud do cleaċtaḋ le ciantaiḃ againn
annso, agus eaċtra air Eoġan Ruaḋ
éigin. Atáid siad so go léir don ċin¬
eul ḃiḋeaḋ faoi ṁeas mór tamall ó
ṡoin air gaċ leiṫ do Ṁúṁain aċt tá
anois na n-aḋḃar dearmadṫa air nós
gaċ neiṫ ḃaineas leis an Éirinn ḃí ann
fad ó. Truaiġ sin, ár b-príoṁ ḋuṫ¬
ċais tre ainḃfios na nGaoḋal dá ṁa¬
lartuġaḋ gaċ lá air ḃeusaiḃ & beaṫa
na nGall. Dá m-beiḋeaḋ ḟios aig ár
sinsearaiḃ go m-b' aṁlaiḋ do ḃeiḋeaḋ
sé, go m-baḋ cruaiḋe an gaḃáltas ṫioc¬
faḋ air Ġaoḋalaiḃ dá n-deoin féin ná
gaċ greim agus daor-ċeangal ḟeudfai¬
dís Gaill do ḃreiṫ orra air eigean, ní
ḟeudfaidís, dar leat, gaċ cruatan d'
iomċar gan buiḋeaċas agus a g-cuid
fola ḋórtaḋ a n-aisge aṁail riġnead¬
ar Monuar! muna m-beiḋeaḋ gur
imṫiġ an donas orrainn & gur druid
uainn gan ṁeaḋċaint ár n-aṫarḋa buḋ
ċoir go m-beiḋeaḋ an oiread sin de
ṁeas fó ṫrí aguinn air gaċ focal de
ṡeanċus Éireann air gaċ fód dá fear¬
ann agus air gaċ alt dá creideaṁ ná
an lastair il-ṁeasgṫa maoṫ, míoċruinn
de nuaḋ-ḃeuraiḃ i leiġeann, i nosaiḃ. i
g-caint, agus i gnaṫ-iomċar Gallḋa da
d-tig ċuġainn ó Ċaṫair Long-Dún am¬
aċ dá áilneaċt a taiṫiḋe do réir
tuairim na n-daoineaḋ dár fíor-nós
díleas é. Measaim-se gur Gaoḋail
sinn, idir-ḋeiġilte ón ċeud-ṗréim ḃun¬
aḋasaċ leis na Gallaiḃ, agus dá reir
