(16)
8Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 4.
SAṀAIN,
1890.
Mac Riġ Caisleán Buiḋe Ṡaṁnuiġ ⁊
Bainríoġan Tobar Deire 'n Doṁain.
(Leanta)
Nuair i d' éiriġ sé ṫug an seandui-
ne neart le n-iṫe s le n-ól ḋó. Insin d'
ḟiafruiġ sé ḋe i raḃ eolas maiṫ aige
air lúb agus gaṫ.
"Tá go deiṁin," ars an Mac-riġ,
"ċleacht mé iad óm' óige."
Ṫug an seanduine lúb as gaṫ ḋó ⁊
ṫug amaċ sa g-coill é. Insin ċuir sé
marc air ċrann, ṫug an Mac-riġ céad
slat uaiḋ, agus duḃairt
"Cuir gaṫ ṫríd an marc sin."
Insin ṫarraing sé an lúb agus ċuir
an gaṫ ṫríd an marc.
"Deunfaiḋ tú na gnóṫuiḋe," ars
an seanduine.
Insin duḃairt sé,
"Tá oileán Tobair-deire-an-doṁain
i n-gar do 'n áit seo, ní'l eadrainn ag
us é aċ aḃainn, aċ tá banríoġan draoi-
ḋeaċda air an oileán agus tá iolar
draoiḋeaċda d'a cúṁdaċ; ní ṫeiḋeann
an ḃanríoġan na codlaḋ aċ uair anns
na seaċt m-blaḋna, agus insín codluiġ
eann sí lá agus bliaḋain. Tá sí na
codlaḋ anois, agus anoċt beiḋ iar-
ruiḋ againn a ḋul air an oileán. Cuir
fiḋ mé tusa air mo ḋruim, agus snáṁ
fuiḋ mé an aḃainn; má ḟeiceann tú 'n
t-iolar a teaċt, taḃair anuas é le do
ġaṫ, no béiḋ muid caillte."
"Deunfad mo ḋiṫċioll," ars an
Mac-riġ.
Nuair do ṫainic dorċadas na h-oiḋ-
ċe ṫug an seanduine lúb agus gaeṫe
do 'n Ṁac-riġ agus ċuaiḋ an ḃeirt go
bruaċ na h-aiḃne, insin ṫug an sean-
duine ḋá ḃuideul ḋó, agus duḃairt,
"Má ṫéiḋeann tú go d-ti an tobar
líon an dá ḃuideul agus taḃair ċugam-
sa iad; tá an tobar ag cúl an ċais-
leáin : feicfiḋ tú leon agus ullpéist
