AN GAOḊAL.
41
A ḃ-freasdalaiḃ caṫa a n-aġaiḋ sgata de réicsiḃ,
Gan carad le h-éileaṁ go tráiġ na h-Ollóint,
Acfuin ná 'r measaḋ d' aon aicme air biṫ daona,
Cé ċaṫadar géille go m' ḃ-feárr léigionn dóiḃ.
7
Ḋort cumais, ceannasaċ, caiṫḃille an ċead ḟuil,
A Sacsanac saorṫaḋ leis maċaire air d-tóis, e
Lé 'r beartaḋ na flaṫa so sgaipeaḋ le sméide,
Na raṫaiḃ air séire gan tagairt air ġleo;
Buḋ ṡeaċṁaill a seasaṁ air ġreada na treun teine,
Is casa dob' éigionn do air easba na sluaġ,
A ḃaile ċum aṫar le h-eaċtra léanṁar,
Gur mairg náċ d' eiṁiġ f a d-tráṫ léigionn dóiḃ.
8
Tá ar ṫangṁaiḋ gan leaga aca a d-treasaiḃ na m-béimion,
Faoi ċeangalaiḃ daora gan fairsinge sgóip,
A g-carcair gaċ caṫraċ greamuiġṫe a n-géiḃin,
Gan aṁarc na spéire aca, air easba gaċ sóirt;
Na ceanna do ċleachtaċ ḃeiṫ fleáḋaṫaċ féastaċ,
A saṁar ċuirp céasda gan sealḃ gan sóḋ,
A seargaḋ a n-anaċruit galair a's créime,
Cé ar ḋeacair leo géille go m' ḃ-feárr léigionn dóiḃ.
9
Cúis atuirse, 's léana duiḃ, peanuide 's créaċta,
Do ġallaiḃ go n-éagaid mar ḃárr air a n-gnóḋ,
Air ṫeagasg Ṗitt ċealguiġ, ṫarruing 'san g-céim sin,
A measgaḋ idir Suedes, Ruissions, Danoir a's Póls;
Le h-anfaḋ, a g-creaṫaiḃ, go h-eaglaċ faoinṁisniġ
Arm gaċ réics aca a casa air a ṫóin,
Is fir Sacsan a freagairt an caṫa le h-éigionn,
Cíḋ ḃ-fearraḋ leo géille d'á m' áil léigionn dóiḃ.
10
Treasna na mara má ṫigid d'ár ḃ-féaċaint,
Na m-barcaiḃ go gleusta, mear, meanmna air bórd,
Air graṫair spruit cealguiġ Ċailḃin an éiric,
Beiḋ carta, riṫ, béimḃrise, greada 'gus tóir;
Tá Albaḋ is dearḃṫa breaṫta le tréiṁse,
Preabfaiḋ an gléir sin faoi ġairm na d-treon,
'San t-arm so neartuiġ a ḃ fearanaiḃ Éirionn,
Ní'l maiṫeas a ṡéanaḋ go m' ḃ-feárr léigionn dóiḃ
11
Gaċ draga duirc, danarṫa, damanta, daol-ḋuḃ,
Cas, cealgaċ, craos-ċuṫaiġ, caismeortaċ crón,
Ná seaċnaċ aṫanta an Aṫar do raobaḋ,
A's do dearḃuiġ claon a n-aġaiḋ maiṫeas na h-Óiġ;
Caiṫfid a m-beaṫa 'sa reaċtmus do ṫréigionn.
A's gan aon ċumairc caoṁnuiġṫe g air talaṁ na g-cóṁair,
Sin falaḋ do ṫarruing a n-ainḃḟios féin orra,
Do ġeasgaiḃ gan géille go m' ḃ-feárr léigionn dóiḃ.
12
'Stadfad, a's geallaim naċ bagarṫa baoṫa,
Le maċtnaṁ na bréiṫre so beartuiġṫe am ḋeoiġ,
'S go dearḃ beiḋ agaiḃse air taisdeall na laoċraḋ,
A creaċa 'sa tréan ḃrise callaiṫ a's Ṗóirt;
