AN GAOḊAL.
53
aon ḃaint aige liom," ars an garsún.
"Má ṫéiḋir d-tí an aifreann a má¬
raċ agus má ḋeunann tú amaċ dam
naċ fuil an diaḃal ad' ṗócaḋ taḃairfiḋ
mé peiḋre bróg duit."
Ḋ'éiriġ ann garsún ḃí cosnoċtuiġṫe
air maidin dia Daṁnaiġ niġ sé a láiṁ
agus ġlan sé é féin. Níor stad sé in
sin go n-deaċaiḋ sé d-ti an séipeul a¬
gus ḋin sé a ṡliġe suas le h-ais na h-
altóra. Leiġ an sagart an afrann a¬
gus ag taḃairt sgeul uaiḋ don ṗobul
ḋ'iarr sé raiḃ an garsún cosnoċtuiġṫe
ann sin. Duḃairt an garsún go raiḃ,
gairid go leor dó.
"A ġarsún cosnoċtuiġte," ars an
sagart, tá an diaḃal ad' ṗócaḋ anois,"
"Ní'n [ní'l] an diaḃal am' ṗócaḋ i d-
tiġe Dé," ars an garsún.
"Cionus a ġeoḃaiḋ tú deunaḋ amaċ
dam naċ fuil a an diaḃal ad' ṗócaḋ?"
"Ġeoḃaiḋ mé go mait," ars an garsún,
cionus a ḃeiḋeaḋ an diaḃal am' ṗócaḋ
nuair naċ fuil aon ṗócaḋ orm."
"Máraċ a luan," ars an sagart
leis an ngarsún, "má ṫeiḋeann tú go d-
tí an tiġ go d-tí mé agus casán a ḃeiṫ
agat agus gan aon ċasán a ḃeiṫ agat
taḃairfiḋ mé an péiḋre bróg sin duit."
Ḋ'imṫig an garsún dia luan agus
níor stad sé go n-deaċaiḋ sé go d-ti
geata an t-sagairt. Ḃí an sagart ag
faire air go ḃ-feiceoċaḋ b sé teaċt é;
ḃí cos leis air an mbán agus cos air
an g-casán. Nuair ċonnairc an sagart
é ċrom sé ag gáire.
"A ġarsún cosnoċtuiġṫe,' ars an
sagart, "tar go d-ti mé máraċ agus
bíoḋ eudaċ art agus ná bíoḋ eudaċ
ort agus taḃairfiḋ mé an culaiḋ le na
ċéile ḋuit."
Ḋ'imṫiġ an garsún a's ċuaiḋ sé d-ti
iasgaire d'iarraiḋ stiall de líon barr¬
ánaċ. Ḃain sé gaċ aon snáiṫe des na
sean-eudaiġe ḃí air de; ċaiṫ sé an sean-
líon air a ċroicean, agus ḃí eudaċ air
agus ní raiḃ eudaċ air annsin.
Ṫug an sagart an ċuaiḋ air fad
dó no ḋiaiġ sin.
Tar éis an ċulaiḋ nuaḋ ḋ'ḟáġail,
mar duḃramar, ṫáinic an-taiḋḃre air
agus ḃí meas mór aige air ṡéin. Ḃí fi¬
le a sgaṫaṁ uaiḋ agus ċuaiḋ sé go d-
ti é ċum a ḃeiḋeaḋ sé caint leis. Leig
sé air a ḃeiṫ an-ṡimpliḋe go ḃ-fáġaḋ
fios a rún amaċ. Nuair ċuaiḋ sé as¬
teaċ dti an tiġ ḃí an file leiġeaṁ lea¬
ḃair ag an dorus.
"Dia ḋuit ḟir a tiġe," ars an gars¬
ún.
"Ní fear an tiġe mé," ars an file,
"aċ riġ an tiġe."
"Is breáġ an leaḃar é sin agat," ar
se sin.
"Ní leaḃar a ċuige é," ars an file,
"aċ eiḋig."
"Is breáġ an peiḋre bróg iad sin air
do ċósaiḃ," ars an garsún.
"Ní bróga iad," ars an file, "aċ so¬
cair ḃoinn."
Ṫáinic gaḋar a ḃí astiġ go d-ti an
dorus air ċlos na cainte ḋó, d'ḟeuċ an
garsún air agus a duḃairt, "Is breáġ
an gaḋar é sin"
"Ní gaḋar é a ċuige," ars an file,
"aċ soidir." Ṫáinig cailín óg amaċ.
"Is breáġ an cailín óg inġean í sin
agat," ars an garsún.
[ Le ḃeiṫ leanta ]
a ná fuil, Munster equivalent for naċ
ḃ-fuil See O'Donovan's Gram.
b For ḃ-feicfeaḋ sé. Munster treats a
good many verbs as if from iġim stems.
a Pronounced, fella.
[ These pieces from the "Buinneán" are
in the Waterford idiom. — Ed. G. ]
During the past fifty years, six admirals of the
British navy have been received into the Catholic
Church.
In Bavaria, Baden, Denmark, Sweden and Wur¬
temburg there is not a single adult who is not able
to read and write.
MOTHERS ! Don't Fail To Procure Mrs.
Winlow's SOOTHING SYRUP For your Chil¬
dren While Cutting Teeth.
It soothes the child, softens the gums, allays
all pain, cures wind colic, and is the best remedy
for diarrhoea.
TWENTY-FIVE CENTS a BOTTLE.
p. 62
