Dún Áilinne, Pa. 1 31. '91.
Do Ċeapuiḋe An Ġaoḋail.
A Ṡaoi Ionṁuine, — A meaḋon cúr¬
am a's gleiṫearán gnáṫ na h-ama — tair¬
sin na bliaḋna — ní cóir an ċlóḋadóir a
ḋearmad, óir as dual naċ do-san bea¬
ṫa gan biaḋ, aċt an oirread le cáċ. Fá
ṫreiseaċt na cuiṁne seo, & gur ṁaiṫ
an geall le n-arán airgiod, cuirim ċug¬
at an ḃ-focair na sgriḃe seo dollar —
mo ġéille bliaḋnaċ don Ġaoḋal. Déan
adṁáil dom ann, adṁáil iomláine go
d-táta. Tá's agad go n-deanas
Cúntus gann
Caradus teann.
Is beag an cúngnaṁ, gan aṁrus, aċt
gaċ n-duine d'réir acfuine. 'Nuair a
ḃea'd am Mackey' Flood, O'Brien nó
aon eile ḋe luċt maoineaċ Éireannaċ
b'ḟéidir go m-bei'ḋ mo láṁ ċúnganta
níos troime: agus b'ḟéidir eile naċ m-
biaḋaḋ, oir as dearaṁaċ go ḃ-fuil mal¬
laċt éigin a d-teannta 'n t-saiḋḃreis
do ṁúċan spré na cirte a n-anam a n-
duine. Ó's mar sin do ṫarla, ní'l éileaṁ
'san aiṫris agam. Tá an díol ró ḋaor.
Aċt fós, is mór an t-sásaḋ naċ a braiṫ
air na milliúnuiḋṫe tá feaḃas cúise na
Gaeḋilge. Raċfaiḋ sí sin air aġaiḋ
gan a g-cúngnaṁ a's gan a g-cead.
Giġeaḋ, ní fuláir do gaċ n-duine
muintearaċ air fuid ár ṁór ċineaḋ
Ġaoil brustúġaḋ leíṫi go díṫċiollaċ
taḃartaċ d'réir a ċumas, ní seasaṁ
gan suaim d'aon ġnó.
Dá leagfá amaċ clár nó ḋó de'n
Ġaoḋal le h-aġaiḋ ursa Feasa (ceist 's
freagraḋ), ba ṁór an t-ullaṁúġaḋ ċum
feaḃas é. Óir is iomaḋ focal cliste
agus canaṁúin ċainte ċirte Ġaeḋilge
air rioċt failliġeaċta sa g-contaḃ¬
airt a n-dearmada go h-iomláine. Ní'l
slíġe eile níos feárr cum iad a ḃ-fuas¬
glaḋ agus dá g-cuir a ngnáṫaċt 'ná h-í.
Ní ġoillfeaḋ so ortsa, ad uain ná
ad ṗóca. Níor ġáḋ ḋuit ḟéin iarra
ná freagraḋ muna 'r mian leat, 'ḋéan¬
faḋ daoine eile é sin.
Ní'l an Ġaeḋilig air díṫ focail iom¬
ċúḃaiḋ leóra. Níor ḋóil le duine seo
air a ṡon san, d'ḟeuċain dó air ċuid
de'n sgríoḃ a tá déanta na h-ainm, &
a g-clos na d-truaill ḃriaṫra ḃorba
mar leanas :
Plánáil, úsáid, substaint, abalta,
oblaiġáilt, proinsabálta, spéisialta,
listáil & mar leanas go minic a ċéile,
desárting, siúráillte, "rás, rásana,"
nó fós féin, "réisis," mar, "Ḃ-fuil tú
dol 'd-tí 's na réisis?" Agus go leór
eile dá n-gaoil ndroiċ ḃeusaċ. Ní'l leit-
sgeul air doṁan le seo aċt aṁáin leisge
nó faillíḋe, nó iad araon b'ḟéidir. Dá
luaiṫe don ġraṁuin seo a ḃeiṫ teilġṫe
a leaṫ taoḃ 'sé is feárr.
Duḃrais tamall ó ṡoin go raḃ ad' inn¬
tinn clóḋ nuaḋ d'ḟáġail don Ġaoḋal,
a's go raḃ níos daoire, ce go m-b'ḟeárr
a m-Blá-Cliaṫ ná 'n so. Gaḃ mo ċóṁ¬
airle-si a's faiġ an ċulaiḋ 's feire,
sí 's saoire 'sa deire. Agus mar as
lag cóṁairle gan coḃair, ta cúig doll¬
ar agam le na cúl. Déanaḋ daoine ei¬
le mar an g-ceudna a's bei'ḋ dearaṁ
sonasaċ air an Gaoḋal 'ná fuil anois.
Ní leór so más mian linn feaḃas na
cúise. Ní ceart troime an turais
do cur air ġuaille 'neaċ aṁáin;
iomċar am go uile ár n-roinne & ḃei'ḋ
an t-slíġe níos aoiḃinne.
Tá focal freagaraċ le ráḋ agam
(má n-déanfair slíġe ḋam) d-taoḃ niḋ¬
ṫe áiriġṫe san uiḃir deire de'n Ġao¬
ḋal, dar liom nár ċeart a leigin air
siúḃal gan srian. Ó's a m-Beurla ḋóiḃ,
leanas gur a m-Beurla 's cúiḃe an tag¬
ra. Fanfad go fóill air a ṡon san, le
súil go ma ṫárla air ḋuine eigin eile
cuimilt leo, óir as beag m'uain agus 's
lúġa m' ḟonn imirte.
Sguirfead anois, creidim go ḃ-fuilir
a ḃ-fad roiṁ seo, trí na ċéile agam, &
gur "leór do'n lá a ḋonais," reis sin,
Fanaim go fírinneaċ
Do ċara,
F. R. McCárṫa-
[Though Mr. McCarthy is a new writer in the
Gael, he seems to be old in his knowledge of the
language.]
