AN GAOḊAL.
63
feirmór gur ḃ-feár leis ná puint go ḃ-
faġaḋ sé teaċt air ál bainiḋe as an g¬
colaċ a ḃí ag an máiġistear. "Dé an
caḃair sin," ars na fearaiḃ, "nuair
nár ṫug sé dadaṁ d'aonne ariaṁ ċum
seirḃís a ḋeunaḋ ḋóiḃ"?
Ḃí Eoġan ag éisteaċt leo ag caint
gan aon ḟocal aige féin (ceann a ḃeiṫ
na ċoigcrioċ na measg) aċ nuair a ḃí
deireaḋ an t-soisgéil acu ráiḋte ṫóig
sé suas a ċeann agus laḃair sé leis an
ḃ-feirmór a ḃí na ṡuiḋe air an settle.
"Taḃair daṁsa an puint agus ġeoḃ¬
aiḋ mé an colaċ dod' ċráin."
"Naċ faġainn féin é níos luaiṫe ná
ṫusa, dé 'n aiṫin atá aige ortsa"? ar
san feirmór.
"Maiste," ars an garsún "leagaim
púint air do ṗuint-sa, cuir an dá ṗúint
air láṁ do ṁic agus mar a ḃ-faḋadsa
an colaċ dod' ċráin bioḋ an dá ṗúint
agat."
Laḃair an mac leis an aṫair ann sin
dá ráḋ,
"Leag an púint agus ġeoḃair an dá
ṗúint mara ḃ-faḋaiḋ sé an colaċ mar
tá mise dul leis."
Riġne an feirmór mar a duḃairt sé
agus ḋ' imṫiġeadar araon leo.
"Ṫocaim anois," ars ars an mac, ag
gaḃailt anonn doiḃ d-ti an tiġ mór,
"bioḋ Sir agat le gaċ aon ḟocal a ḋéar¬
faiḋ sé so."
Ċuadar d-ti an geata agus do ċroċ
an garsún é ċum go n-deunfaḋ sé glór
de. Ċualaiḋ an duine uasal an toran
ḃí amuiċ agus ṫáinig amaċ go d-ti iad
agus d' ḟiafraiġ sé ḋe'n ġarsún cad a
ḃí uaṫa, ḃain Eoġan a hata ḋe féin &
laḃair sé leis mar so:
"Ċuir Sir mise le Sir muice go d-ti
Sir colaiġ tá aige Sir ṫusa."
"Cia ṡé ṫusa"?
"Mise Eoġan Ruaḋ ó Móin Ruaḋ,
buaċaill Uillíam Ruaḋ Hatchet, a ṫái¬
nig le cráin Ruaḋ d-ti colaċ Ruaḋ atá
aige Uillíam Ruaḋ Narket."
"Ġeoḃair-si an colaċ," ars an duine
uasal, "agus ní ḃ-fuair aon-ne riaṁ
reoṁat é."
(See page 70 for continuation)
Prayers written from the dictation of Mrs. Mc¬
Donald, a native of Ballina, Co. Mayo,
— J J Lyons.
On Coming in Sight of a Church.
Go m-beannuiġṫior ḋuit, aṫair altóir,
Do ċros ḃreáġ, ḋíreaċ, ḋuilliúraċ, ġlas,
Nár leigiḋ tú m' anam-sa ṫart,
Go g-congḃuiġiḋ tú é air do ḋeáġ stad,
Go líonaiġ tú ar g-croiḋṫe leis a' nglóir
Agus ar súile lán de na deoraiḃ aiṫ¬
riġe.
Go d-tugaiḋ tú ar g-cionn dúinn de gaċ
aifrionn
Da leiġtear anns a' Róiṁ andiu, agus
air fud a' doṁain ṁóir.
Ó, a Íosa, a geineaḋ sa Márt,
Ó, a Íosa, a rugaḋ sa stábla,
Ó, a Íosa, foileaṁnaċ Ṁáire,
Go m-buailiġ tú braon de do ṁór
ġrásta
Air ar g-corp a spíonas gaċ claon-
ṗeacaḋ
Da m-beiḋ air ar n-anam boċt.
Paidirín páirteaċ a ngáirdín Ṗarṫais
A molaḋ na mná a ḃí go maiṫ ariaṁ.
Buḋ ṁaiṫ a' sagart Mac Dé,
Buḋ ṁaiṫ a' t-aifrionn a léiġfeaḋ sé,
Ḃaisd sé Eoġan agus ḃaisd Eoġan é.
Ṫainic aingeal asteaċ as Leaṫ-ċuain
Go Ċioll-ċuain go ḃ-feicfeaḋ sé ar ceu¬
saḋ é.
Ní'l aonduine a deirfeas mo ṗaidir
naoi n-uaire
Naċ d-tiúḃ'rfaiḋ sé naoi n-anamaċa
as purgadóir,
Agus a anam ḟéin asteaċ go flaiṫeas
a lá deireaḋ.
Téiḋriġ ann aifrionn diadoṁnaiġ
Agus ná deun stróḋ as do ḃrat,
Téiḋriġ a g-coṁraic na d-trí ród
Agus úṁlaiġ fó an duine boċt;
Ciḋ gur boċt é boċtán Dé
Ḃí Mac Dé nna rioċt,
Dá m-buḋ leat airgead agus ór,
Agus ceo na g-cnoc
Ní leat flaiṫeas go deo
Gan leaba 's déirce don duine boċt.
Our readers who require Catholic Bibles, Pray¬
er Books, standard Catholic Works and Religious
articles, will find the largest, most complete and
extensive assortment in America at the old estab¬
lished house of D & J Sadlier & Co., 33 Barclay
St. N. Y., being established over half a century.
féaċ.
l. 70
Féaċ.
vol. VII, l. 936
vol. V. l. 625.
