70
AN GAOḊAL
Prayers written from the dictation of Mary Joyce,
a native of Fermoy, county Cork, — J J Lyons.
Cuiṁniġiḋ, a ṗeacaiġe, air maidin 's
de oiḋċe
An té sin a ċeannuiġ le h-alluis a
ċroiḋe siḃ,
A cuireaḋ n-a ṡeasaḋ air maidin dia-
ṫaoine
Le córdaiḋe caola, daingeana, riġne;
Tárnaiḋe-geura tré lár a ċinn síos
Agus trian a ċnáṁ go sásta cíocraċ,
Ḃí an ṁaiġdean ṁoḋṁar 's a ṗáis ṁór
timċioll
Agus le paor mór magaiḋ a riġneaḋ
an gníoḃ sin.
Sinn-ne do ṫoil é sin, a Ċríost, ná
daor sinn,
Taḃair ḋúinn deoċ de ṫobar a' daon¬
aċta
No braon de'n uisce do ṡil as do ṫaoḃ
deas
Ċum sinn do ġlánaḋ, do ġealaḋ 's do
ṡaoraḋ:
Nár ḟáġmuid bás 's nár ḟágamuid a'
saoġal so
Go ndeunamuid aiṫriġe ann ar b-peac¬
aiġe le ċéile,
A' croiḋe glan 's a' corp naoṁṫa
'S gur b' iad na flaiṫeas ar luaċ-sao¬
ṫair.
feaċ l. 63.
Dia do ḃeaṫa-sa, a leinḃ, a geineaḋ sa
márt,
Dia do ḃeaṫa-sa, a leinḃ, a rugaḋ 'sa
stábla,
Dia do ḃeaṫa-sa, a losa, a Aon-ṁac
Máire,
Ceud molaḋ mór leat, 's Dia do ḃeaṫa
a ṡlánuiġeas.
Míle fáilte róṁat, a Riġ an Doṁnaiġ.
A ċóṁruiġeas air ċríostaiḋe.
Saor sinn ó 'n uile ṗeacaḋ,
Agus beir ar n-anam go caṫair Iosa.
Aislín na Maiġdeana.
Aislín do rinne an Ṁaiġdean Muire,
ṁilis, ro-ġlórṁar do Riġ glégeal na
ḃ-flaiṫis.
"Codlaḋ ċugad-sa a ṁáṫair," "Aig ais¬
lín a ḃiḋeas a Ṁic" "Cia 'n aislín í, a
ṁáṫair?" "Go d-tainic marcaċ caol-
duḃ air ṁuin eaċ ruaḋ, an t-sleaġ ni¬
ṁe ann a láiṁ ċlé da ċur tré do
ċroiḋe-se síos, 's do ċuid fola beann¬
uiġṫe ḃeiṫ leat-sa na ṡruṫaiḃ" "Biḋ¬
eaḋ sin mar sin a ṁáṫair." Ni'l aon
a deárfaḋ an aislín sin trí h-uaire i
n-ainm an Aṫar a' Ṁic, 's a' Spiorad
Naoiṁ, air a leaba, naċ mbeiḋ am' ḟoċ¬
air-se anns na flaiṫeas le congnaḋ
Riġ na n-aingeal."
(Continued from page 68.)
Ṫángadar aḃaile le ċéile agus do ṡín
an mac an dá ṗúint ċum Eoġain.
Ní ḟeadair an feirmór ann sin cad
a ċeapfaḋ sé ċum a ġaḃail aríst é. Lá
éigin na ḋiaiġ sin ṫáinig an duine uas¬
al d-ti an feirmór ḋ'iarraiḋ airgead
a ċolaiḋ. Ḃí Eoġan agus an feirmór
ag oibriuġaḋ a ḃ-foċair a ċéile agus
nuair ċonnairc sé an duine uasal ag
teaċt agus an pípe dearg 'na ḃeul aig¬
e, druid séanonn le h-Eoġan agus a
duḃairt:
"Sin fear nár ṫug gail de n-a ṗípe
d'aon-ne ariaṁ."
"Dar fial," arsig a Eoġan, "cuirim-
st ḋá ṗuint i g-cuinne puint leat go ḃ-
faġaiḋ mise gail de n-a ṗipe uaiḋ."
Ḃain Eoġan a h-ata ḋe, druid sé na
ċoinne agus ċuir sé raist air an duine
uasal. Laḃair Eoġan agus ċuir sé
ceaċt ar; an ċeud ċeaċt a ċuir sé as
[Le ḃeiṫ leanta]
see P. 90
Possibly Salisbury may give the Irish a larger
measure of Home Rule, in order to perpetuate his
tenure of office, than that contemplated by Mr.
Gladstone. This would be no new departure by
the Tory party. It will be remembered that when
Gladstone introduced the Franchise bill it was op¬
posed by Beaconsfield yet the latter, to retain pow¬
er, introduced and passed into law a more sweep¬
ing measure. So that history, in such instance,
would only "repeat itself.”
“What can't men and money do?” soliloquized
Old Bruen of Carlow, after viewing the grandeur
of his domain. A wag hearing the soliloquy retorted
“All the men and money from this to Naas would
not put a handsome nose on old Bruen's face.” Tho'
they “could not put a handsome nose on Old Bru¬
en's face,” yet they can degrade a nation of over
sixty millions of people. English men and money
have left us without a navy, and with unprotected
cities, and force us to crouch under the ermine of
the bench to try to screen our nakedness from the
derisive sneers of the nations of the world.
