76
AN GAOḊAL.
TEANGA NA h-ÉIREANN.
Seo gráin do na daoiniḃ gan anam gan croiḋe,
Naċ n-gáḋuiġeann teanga 'gus ceol binn a d-tír';
Seo fuaṫ 'gus mí-ṁeas do 'n drong seo a ċoiḋċe, —
An drong sin tá líonṁar in Éirinn, — faraor!
Oċ! cluinimse daoine, gaċ lá anns an mí
Ag glaoḋaḋ go h-árd uim a d-tír-ġráḋaċt ṁór ;—
Aig caint air an m-bruid a ḃ-fuil Éire ḃ-fad faoi,
'S aig masluġaḋ a náṁaid i n-droċ ḃeurla go leor.
Tá an drong seo a g-cóṁnuiḋe (do réir a g-caint féin),
'N saiġeadóiriḃ treuna, 's 'na d-taoiseaċaiḃ fíor';
Táid uile toileaṁuil le píce no ċloiḋeaṁ
Do ṫarraing, go réiḋ, air son saoirse a d-tír'.
Táid go síoruiḋe ag gul a's ag caoineaḋ go geur
An sgrios a's an cráḋ tá go trom air ár slioċt;
'Gus ag cáineaḋ an t-Sacsain do ḋíbir go léir
Ár muintir, a's d' ḟág sinn 'nn ar n-deoraiḋṫiḃ m-boċt'.
Buḋ ṁaiṫ leis an dream seo a d-talaṁ gan cíos, —
Buḋ ṁaiṫ leo a n-dlíġṫe do ḋeunaḋ iad féin, —
Buḋ ṁaiṫ leo na tíġearnuiḋe ḃeiṫ díbirte síos
Ann áit tá níos teo, — gíḋ is fad í ó 'n ngréin.
Aċt tráċt leis an drong seo air ṫeangain a d-tír' —
An teanga do laḃair a n-díl-sinnsear fad ó —
An teanga buḋ ċóir a ḃeiṫ cáinte go fíor
Le gaċ Éireannaċ buan, a's tír-ġráḋaċ, go deo.
Tráċt leo air ṡean aḃránaiḃ blasda na m-bárd,
Agus seinn dóiḃ an ceol sin, is binne 'san doṁan;
Agus innis dóiḃ sgeulṫa an am' tá ṫart,
'Nuair ḃí fóġluim na hÉireann mar ṡolas an nóin.
'Sé an freagra is dóiġṫe ḋuit d'ḟáġail uaṫa seo;
"Tá teanga ár n-oileán 'nois marḃ go deo;
Tá an beurla níos tairḃe ḋúinn, — greamóċamaoid ḋó;
Tá againn aon teanga — ní'l maiṫ anns an dó."
Mo ṫruaiġ! an drong seo, — ní iongantaċ mar tá
Ar d-tír, a's ar muintir, boċt, ísiol, a n-diú;
Ní iongantaċ go ḃ-fuil sinn faoi ḃrón 'gus mí-áḋ,
Gan meas a's gan urraim, gan onóir 's gan cliú.
Is fíor iad na focla a deir an sean-ráḋ :—
'Bíḋeann meas air na daoiniḃ a ṁeasas iad féin," —
iḋ muintir na h-Éireann faoi ḋraċ-ṁeas go bráṫ
Má leigfiḋ siad teanga ar n-aiṫreaċaḋ uainn.
Vide
2. p. 290.
Vol. III. No 3. p. 307.
