78
AN GAOḊAL.
Is deas an rud saoirse, — ní'l aon níḋ ċo díl, —
Is maiṫ an rud talaṁ gan cáin, no gan cíos. —
Is olc iad na tiġearnaiḋe — aon ṁaiṫ ionnta ní'l,
A's buḋ ċóir iad a ḃeiṫ sáiḋte 'san ḃ-fairge síos.
Aċt do b' ḟeárr liomsa daoirse ar n-oileáin go deo —
A's do b' ḟeárr liom ár d-talaṁ do ḃeiṫ mar atá ;—
O! do b' ḟeárr liom na tíġearnaiḋe a ċoiḋċe ḃeiṫ beo,
Ná teanga na hÉireann ḃeiṫ marḃ go bráṫ.
"PÁDRAIC."
Oh Freedom is lovely — there's nothing so grand,
And farms are good free from taxes and rent;
And viperous land-lords are pests in the land,
And should, ’neath the sea, to perdition be sent.
But I'd rather Ireland should tug at her chain,
I'd rather land-tenure should be as before,
That land-lords her substance continue to drain,
Than that her old tongue should be lost evermore.
"PATRICK."
TEANGA ḂLASDA NA m-BÁRD.
Le Pádraic O'Dúcair, Gortglas, N. Ġ.
'Nois árdaiḋ an gleo tá ḃ-fad fá ċeo,
An teanga ḃilis, ḃreáġ,
Tá creapuiḋ siar le ḋá ċeud bliaḋain
As úsáid, gan aon fáṫ;
Tá 'n lá a teaċt, 's an an solus leis,
'Nna n-deunfamuid i tráċt',
Nuair a ċaintfeamuid le ċéile 'rís
A d-teangain ḃlasda na mbárd.
Le ceudṫa bliaḋan d'a sciúrsáil síos,
Faoi ḋlíġṫiḃ iarainn Ṡeáġain,
D'a múċaḋ síos faoi ḋí-ṁeas,
D'a seunaḋ 's d'a cáin';
Aċ go cinnte tá sí 'g éiriġe 'rís
Mar Fenix teaċt a láṫair.
Agus laḃarfamuid le ċéile 'rís
A d-teangain ḃlasda na m-bárd,
A Ċlann-na-Gael ná bí gan ċéill,
'Sná lig ḃur d-teanga síos,
'Sí 'n teanga 'ṁúin ar g-créideaṁ ḋúinn,
Sean teanga ar sinsear naoṁ' ;
Ná lig faoi lár, tá gníoṁarṫa ann
Le n-ar saoirse airís go bráṫ,
Nuair a ċaintfeamuid le ċéile 'rís
A d-teangain ḃlasda na m bárd.
'S beannaċt Dé le Seáġan Mac Éil,
Tá sínte 'nois faoi 'n ḃfód,
Dá m-beiḋeaḋ sé 'nn ar measg i n-diu,
Is árd a ḃeiḋeaḋ a ġlór;
Ċuirfeaḋ sé a ġuala leis an roṫ,
'Gus ṫóigfeaḋ é go h-árd,
'Sas grást'ṁuil ḃéarfaḋ teagasg dúinn
A d-teangain ḃlasda na m-bárd.
Aċ tá gaisgiḋe treun, le congnaṁ Dé.
A ḃ-fuil a croiḋe' ann fós,
Naċ d-tig le cúṁaċt Ṡasanaiġ
Nó aon náṁaid é ċur síos;
A ċáirde ná biḋeaḋ brón orraiḃ,
Tá 'n spioraid 'g éiriġe árd,
Agus caintfeamuid le ċéile 'rís
A d-teangain blasda na m-bárd.
'Sa oileáin ġlais feuċ air do ċlann,
Atá scapṫa nonn faoi 'n spéir,
Taḃair cuireaḋ dóiḃ a ṫeaċt air ais,
'Na d-teangain ṁáṫarḋa féin;
Béiḋ cion a' cliú a's carṫannas,
Is fáilte, míle gráḋ,
Nuair a ċaintfeamuid le ċéile 'rís
A d-teangain ḃlasda na m-bárd.
Mr. Dougher states that the foregoing is his first
effort at Gaelic poetry. It frequently happens that
first attempts are seldom surpassed. If brother
D. improves on the above he beats “Padraic."
Mr. D. says THE GAEL was his only text-book.
