80
AN GAOḊAL.
Ċum Eagarṫóir an Ġaoḋail. — A Ṡaoi Ṫíorġráḋaiġ :— Cuirim ċugat
ceann eile de na rannta so tógṫa ó'n sean láiṁ-sgríḃin reaṁráiḋte,
mar leanas, aiṫsgríoḃṫa agus míniġṫe ċo maiṫ is ṫig liom.
Do ċara,
Tomás D. de Norraḋ.
Seáġan ó Nualláin cct. a m-blaḋain 1800.
Cois Laoi na sreaḃ go h-uaigneaċ, a réir le h-ais an ċuain dam,
Gan aon air biṫ am buaraḋ aċd fuam-ġuṫ na tráġa,
Le'm ṫaoḃ do ḋearcas stuaire na suiḋe go seasguir suas liom,
A píob mar eala a gluaiseaċt air ċúraċ aise a snáṁ.
Buḋ ċíorduḃ craṫaċ, cuaċaċ a dluíġḟolt daṫaċ dualaċ,
Síos le hais a guailliḃ air luasga go sáil,
A bruiġṫe deasa fuaiḋṫe go caoin air aṫa an t-suaiṁnis,
A rinn roisg ġlasa ḃuair mé mar ḋrúċt ġeal an máġaiġ.
Do ḃí an caor tré ṡneaċta air uainiḃ a coiṁeasgas suilt na gruanaiḃ,
Go líonṁar, lasṁar, luaimneaċ 'nna suairc-leacain ḃláiṫ,
A dá ċíoċ ċruinne cruaḋa air a caoiṁ ċneas cailce uasal,
Do ċlaoíḋeaḋ gan aiseag sluaiġte le mór ġean d'a gráḋ.
A caoin ċroḃ cailce is suairce do sgríoḃas air ḃrataiḃ uaisle,
Crainn a's cearṫa a's mórṫrúip a gluaiseaċt ċum láṁuiġ,
An ċoḃlac a's an cualaċt a tíoċt na g-caṫaiḃ cruaḋa,
Faoilinn sgapṫa air ċuantaiḃ ag uaill ġuil ċois tráġa.
Air ṫeaċt le'm ais do'n stauire na g-craoḃḟolt g-casda g-cuaċaċ,
Do ṡuíġeas go seasguir, suaiṁneaċ air ḃruaċaiḃ na tráġa,
Go n-ínnseaḋ sí go suairc dam, cá tír, cá treaḃ, cá tuaiṫ ḋi,
Nó an í fá n-deara an buaireaṁ so air fuaid Innis Fáil.
"An tú Cloíḋna ó'n g-carruig n-gruaiḋġeal nó Aoiḃil ceart na d-truiṫeall
Nó Aoisa eala 'n t-suanruisg ḃí aig Duaċ dalta deáġa,
Nó Aoife d'aṫruiġ snuaḋ a's cruṫ, ċuir draoiḋeaċd mar ċeapaid ugdair,
Air ċlann Lir, seal gan fuasailt air ċuantaiḃ a snáṁ.
An fíor gur túsa an t-suairc-ḃean lé'r claoíḋeaḋ a n-Éaṁuin sluaiġte,
A d-tiġ na Craoiḃe Ruaiḋe le mór ċuiste naṁaid',
Nó Niaṁ na g-caṫaċ g-cuaċ g-cas, do ṡliob tar lear ó 'n n-Gruagaċ,
Is d'a druim gur cailleaḋ mór ṫrúip gan fuasgailt 'san ár.
An tú príóṁ na m-ban buḋ stuama, do ṡaortaiġ Mars mar nuaċar,
Air druim na mara ruaḋa, mar luaiḋtear le dáiṁ,
Nó an ríoġ, do ṫarraing buaireaḋ na Traoi air fad 'sa cuallaċt,
Nó 'n tí ṫug garḃ ruaṫar a g-cuan Fine tráġa?"
Is caoin do laḃair stuaire na mínċnis cailce stuama,
"Ní aon de'n aicme luaiḋis mé cíḋ suairc leat a g-cáil,
Aċd Ríoġan cneasta, ġluais mé, ó 'n d-taoiḃ a n-deas le tuairisg,
Go m-beiḋ sgéimle air Ġallaiḃ sluaiḋte 'gus ruagairt ṫar bárr.
Tá 'n flít a teaċt ó ċuan Ḃrest go líonṁar lannaċ luamneaċ,
So g crainn fá ḃrataiḃ uaiṫne go buaḋaċ na m-bárr,
Tá a d-taoiseaċ, Mars, go h-uaiḃreaċ sa ċloiḋeaṁ na ġlaic air luaiṫċriṫ,
D'a ṁuiḋeaṁ gur gairrid fuasgailt 'nois d' uaisliḃ Innis Fáil.
