neaḋ searḃḟoġanta ḋe, ag deunaḋ gaċ
uile obair ṡalaċ timċioll an ċaisleáin.
Fágfamuid ann sin é & raċfamuid
ċuig Banríoġan Tobar Deireaḋ an Do¬
ṁain.
Nuair a ḃí an lá 's an ḃliaḋain ḃí sí
le ḃeiṫ na codlaḋ caiṫte, músgail sí
féin agus na mná cóiṁdeaċa, & fuair
gaċ aon aca mac óg le n-a taoḃ. Ḃí
fearg ṁór air an m-Bainríġin; ċuir sé
fios air an leoṁan & air an ullṗéist,
agus duḃairt leo, "Tá mé sgriosta, a¬
gus mé ḟéin agus mo ṁná cóiṁdeaċa
millte, ars an Ḃainríoġan; ḃí fear in
seo ċo fad as ḃíḋmar 'nar g-codlaḋ,
agus tá a lorg na ḋiaiġ; tá mac óg a¬
gam-sa agus aig gaċ h-uile ḃean de mo
ṁnáiḃ ċóiṁdeaċa, agus do ġoid sé mo
ċloiḋeaṁ, mo ḃuidéal, agus mo ḃuilín."
"D'ḟág muidne an t-iolar ag cúṁdaċ
an oileáin sul do ċuaḋamar a ċodlaḋ,
ars iad-san. "Tá an t-iolar marḃ," ar
san Ḃainríoġan, "nó ní ṫiocfaḋ aondui¬
ne in seo gan fios dó, agus ḃéarfaḋ
sé fuagraḋ ḋúinn; aċ ġeoḃfaiḋ mise
amaċ an fear a ḃí ann so"
In sin d'orduiḋ sí a cóisde-draoiḋ¬
eaċda agus an leoṁan agus an ullṗéist
a ċur faoi. Ḃiḋ'dar ag imṫeaċt go d-
tainiceadar ċo fada leis an teaċ a ḃ-
fuair an Mac-riġ lóisdín an ċeud oiḋ¬
ċe ann. Ḃí iongantas, agus faitċíos
mór air na daoiniḃ nuair a ċonncadar
an cóisde mór a teaċt le leoṁan agus
ullṗéist faoi. D'ḟiafruiḋ an Ḃainríoġ¬
an díoḃ a raḃ aon strainséaruiġe ann
sin go déiġionaċ, & má d'ḟág sé éinniḋ
'n-a ḋiaiġ. Dúḃradar go raḃ, fear óg,
agus gur ḟág sé cloiḋeaṁ an t-soluis
aca. "Is liom-sa an ċloiḋeaṁ," arsan
Ḃainríoġan, "agus mar d-tugaiḋ siḃ
ḋam é gan ṁoill, marḃóċaiḋ mé siḃ go
h-uile."
Ṫugadar an ċloiḋeaṁ ḋi, agus ḃí sí
ag imṫeaċt go d-tainic sí go d-ti an
teaċ a ḃ-fuair an Mac-riġ lóisdín an
dára h-oiḋċe. Ḃí iongantas agus fait¬
ċíos air na daoiniḃ nuair i ċonnarca¬
dar an leoṁan agus an ullṗéist. D'
ḟiafraiḋ an Ḃainríoġan díoḃ raḃ aon
strainséaruiḋe an sin go déiġionaċ, &
má d'ḟág sé éinniḋ 'n-a ḋiaiġ. Dúḃra-
dar go raḃ, agus gur ḟág sé buidéal
uisge aca "Is liom-sa an buidéal sin,"
ars an Ḃainríoġan, "agus muna d-tug¬
aiḋ siḃ ḋam é go tapaiḋ cuirfiḋ mé 'n
teaċ bun-os-cionn agus marḃóċaiḋ mé
gaċ h-uile ċeann aguiḃ."
Ṫugadar an buidéal ḋi, agus d'im¬
ṫiġ leiṫe go d-tainic sí ċo fada leis
an teaċ ar ḃ-fuair an Macriġ an lóis¬
dín an treas oiḋċe. Ċuir sí an ċeist
ċeudna air na daoiniḃ a ċuir sí air
ḋaoiniḃ na d-tiġeaḋ eile. Dúḃradar
go raḃ, & gur ḟág sé builín aráin aca,
agus go ḃ-fuiġfidís bás leis an ucras
meireaċ é. "Is liom-sa an builín sin,"
ars an Ḃainríoġan, agus mar d-tugaiḋ
siḃ ḋam é air an b-puinte marḃóċaiḋ
mé a lig siḃ."
Ṫugadar an builín ḋi, agus as go
bráċ leiṫe go d-tainic sí go Caisleán
Buiḋe Ṡaṁnaiġ; ṫarruing sí an cuaill¬
e-corraic; agus ṫainic an Riġ amaċ, &
ċriṫ sé le faitċíos nuair i ċonnairc sé
an leoġan agus an ullṗéist faoi 'n g-
cóiste. "Ḃ-fuil aon ṁaċ agad?" ars
an Ḃainríoġan, "má tá taḃair amaċ é
go m-béiḋ aṁarc agam air, no ní ḟág¬
faiḋ mé cloċ air ċloċ no cleaṫ no caol¬
aċ in do ċaisleán."
Ċuir an Riġ Art amaċ ċuici, agus
d'ḟiafruiġ sí ḋe,
"An raḃ tú aig Tobar Deireaḋ an,
Doṁain?"
"Ḃíḋeas," arsa Art.
"Beiḋ ḟios agam gan ṁoill, agus má
táir ag innseaċt ḃréige béiḋ sé níos
measa ḋuit," ars an Ḃainríoġan.
Ann sin ṫarruing síḋá ribe gruaige
as a ceann agus ċaiṫ sí i n-aġaiḋ an
ḃalla iad, agus d'iompuiġeadar 'nna
n-dréimire a ċuaiḋ suas go bárr an
ċaisleáin.
(Le ḃeiṫ críoċnuiġṫe 'san Gaoḋal seo
ċugainn.)
The Catholic Sentinel sneeringly remarks that
Wm. O’Brien is studying Irish in jail. Ah, Bro¬
ther McGarry, yes, in adversity ; in prosperity, he
boycotted it, and sneered at it, too!
We hope Gaels will pay up ; the monetary con¬
sideration is not so much as the encouragement,
which promptness is sure to inspire.
