AN GAOḊAL.
93
AN BRIANAĊ ÓG.
The following verses were written in Philadelphia from the recita¬
tion of Mrs. Kelly, a native of Kenmare, Co. Kerry. — J. J. Lyons
Fear
Maidin ġréine 's mé dul air aonaċ
A ceannaċ béḃer den ḃ-faisean nuaḋ,
Do ċonnairc mé mo ċeud-searc 'gus í 'na h-aonar
Do laḃair sí Beurla a's is diṫ a buḋ eol;
Sé 'r duḃairt a' spéir-ḃean "suiḋ síos taoḃ liom,
Súd í an daor-ṗuins 's beiḋmid d'a h-ól,
'S go deiṁin má 's féidir a' coll a réiḋteaċ
Beiḋid mar ċéile aig a' m-Brianaċ óg."
Fear
'S maidin ḋrúċta d' éis mo ċúrsa
'S mé i d-taiḃreana an Ḃrúnaiġ i ruma aig ól,
Do ċonnairc-se ċugam í an spéir-ḃean ṁúinte,
'S í teaċt go duḃraċtaċ le trunca ḋen ór;
Sé 'r duḃairt sí liom-sa "go bráṫ na diúltaiġ
Aċt tarr-sa liom-sa go Corcaiġ ṁór,
Go raḃṁar i súgraḋ 's seal faoi an súise
'S go m-buaiḋtear súd leis a m-Brianaċ óg."
Cailín
'S eireoġad a máraċ 's raċfad ḋen m-Blárnaiġ
A ceannaċ láraċ do mo ṁíle stór,
Beiḋ díoluid árd faoi 'gus fuip naoi ḃ-fáinniḋe
Agus srian i gaċ láiṁ leis faoi lubaiḃ óir;
Beiḋ tiġearnaiḋe Ṡeasana 's tiġ'rnaiḋe Ḃanabain
'S caiptín Ceanaċair 's a long faoi ṡeol,
'S na bráiṫre beannuiġṫe do leiġfeaḋ a' t-aifrionn
A's is sé sin seanaċas mo Ḃrianaiġ óiġ.
an spéir-ḃean
biḋeam.
taḃaine
Féaċ Irish Jacobite Poetry
2nd Edition. p 117.
PÓS, A ḂUAĊAILL.
Written from the dictation of Mr. William Burke, a native of
the parish of Kilvine, Co. Mayo,
— J. J. LYONS.
Pós, a ḃuaċaill, sul ma d-tigiḋ an aois ort
No ní ḃeiḋ do ċlann agad no fear do ċaointe;
Tigeann a' buaiḋre fá ḋó anns a' n-oiḋċe
A's ní ḟásann a' duilleaḃar air a' gcrann a ċríonas.
Naċ fada i n-diu 's naċ fada a máraċ ?
'S naċ fada 'n ṁí ní áiriġim ráiṫe;
An ḃliaḋain ṁór, ḟada úd a ċaiṫ mé i ngráḋ leat
'Gus, a ċumainnín a' t-síoda, mo ċúig ceud slán leat.
Ṫug mé gráḋ duit 's mé beag buiḋideaċ,
'S ċuir mé bárr air 's mé mór, críonna;
Ní ṡé sin a' gráḋ a ṁarḃuiġ no a ċlaoiḋ mé
Aċ mar ṫug mé gráḋ duit gan fios mo ġaoil leat.
Ṫug mé gráḋ do ġiolla na ruaiḋe,
Giolla na finne a d'ḟág m' inntinn buaḋarṫa;
Dá m-beiḋeaḋ mo ṡúil andiu ná a máraċ leat
Aċ, a ċumainnín ḋílis, mo ṁíle slán leat.
Gaḃfaid mé ḟéin go Tobar Ḃriġide,
Nó air cuairt aig a' g-cuaiċín tá i mbárr na craoiḃe;
Ní 'l mo ġráḋ uaim aċt tuairim 's míle
'S gaḃfaiḋ mé air cuairt aige fá ḋó 'san oiḋċe.
Féaċ Siamsa an Geiṁriḋ. l. 49
