(21)
8Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 9.
ṀÍ-ṀEÁḊAIN,
1891.
Mac Riġ Caisleán Buiḋe Saṁnuiġ ⁊
Bainríoġan Tobar Deire 'n Doṁain.
(Leanta ó 'n 8ṁaḋ uiḃir)
Ann sin duḃairt sí le Art, "Teiḋ
suas go bárr an ḋréimire sin."
Ṫoisiġ Art a dul suas aċ ní ḋeaċ-
aiḋ sé ḃ-fad no gur ṫuit sé, agus bris-
eaḋ a ċos.
"Ní raḃ tusa aig Tobar Deireaḋ an
Doṁain," ars an Ḃainríoġan.
Ann sin d' ḟiafruiḋ sí de 'n Riġ a
raḃ aon ṁac eile aige. Duḃairt an Riġ
go raḃ
"Taḃair amaċ ċugam é go m-bí aṁ-
arc agam air," ar sise.
Ṫainic Neart amaċ, ⁊ d' ḟiafruiḋ
sí ḋe má ḃí sé aig Tobar Deireaḋ an
Doṁain.
"Ḃíḋeas," ar seisean.
"Beiḋ fios agam air gan ṁoill," ars
an Ḃainríoġan: "téiḋ suas go bárr an
ḋréimire sin."
Ṫoisiġ Neart a dul suas an dréim-
ire aċ ṫuit anuas sul do ċuaiḋ sé leaṫ
an ḃealaiġ, agus briseaḋ caol a ḋrom-
a.
"Ní raḃ tusa aig Tobar Deireaḋ an
Doṁain," ars an Ḃainríoġan.
Ann sin d'ḟiafruiḋ sí, "A ḃ-fuil aon
ṁac eile agad?"
"Ní'l aċ leaṫ amadán," ars an Riġ,
"ná'r ḟág ariaṁ an baile."
"Cuir amaċ annso ċugam é," ars an
Ḃainríoġan.
Nuair a ṫainic Ceart amaċ d'ḟiaf-
ruiḋ sé ḋe,
"An raḃ tusa aig Tobar Deireaḋ 'n
Doṁaiḋ?"
"Bíḋeas," arsa Ceart, "agus ċonn-
airc mé ṫusa do ċodlaḋ ann."
"Saoilim gur tusa ann fear; aċ beiḋ
