AN GAOḊAL.
105
EASAONTA.
(Leis an n-Gaḃar Donn).
Easaonta! easaonta! an fíor é? a Ḋia !
Ní cóir liḃ an níḋ seo, buḋ ċóir liḃ an gliaṫ
Ċongḃáil beó gan sguir leis an náṁaid is mó,
Go ḃ-fuil saoirse ag Éirinn mar ḃí sí fad ó.
An ḃ-fuil siḃ air mire? an ḃ-fuil siḃ gan ċéill ?
Tá cúis agus saoirse ḃur d-tíre a m-baoġal;
An beag liḃ an níḋ seo? an í seo an t-slíġe,
Ċum saoirse do ṫaḃairt do ḃur d-tír ḋil a ċoiḋ'?
'S í an náire is mó 'ḃeiṫ le ċéile go bráṫ
Ag troid; seal tá náiṁde ḃur d-tíre gaċ lá
Ag neartuġaḋ a láiṁe, 's ag meuduġaḋ a nirt,
Óir 's rún leis ċongḃáil uaiḃ go síorruiḋe ḃur gcirt.
Ná cuiríḋ muiníġin anns an Sacsanaċ cam,
Aċt cuiríḋ muiníġin ḃuan a's daingean 's an dream
Ó a ṫáinic siḃ uile mar ġeugaiḃ ó 'n ḃ-preuṁ
A's seasaíḋ mar aon ḟear go bráṫ taoḃ le taoḃ.
Nois troidíḋ go groíḋe air son Éireann ḃur d-tíre,
A g-cuing ṁóir an tírġráḋa teannta go síorruiḋe,
Aon tír, teanga, cúis agaiḃ uile go ḃráṫ
No go ḃ-feicfiḋ siḃ Éire gan daoirse gan cráḋ.
MAILIĠ MO ĊEUD-SEARC.
This song is written from the recitation of Mrs. Alice
Gallagher, a native of Glenties, Co. Donegal.
A Ṁailiġ mo ċeud-searc, ná tréig ṫusa mise go bráṫ,
'S go ḃ-fuil mé do ḋiaġ aċ an lá i mullaiġ na n-árd;
A ċuideaċta ban Éireann, is tú is féile fá i nglacfaiḋ do
[láṁ,
Sis binn guṫ do ḃéil, 's ní breug a ḃ-fuilim i ráḋ.
Is fada liom suas air uaigneas a' baile i m-biḋean sí,
'S a' liaċt ógánaċ suiriġe a ġluaiseas i n-aice na diġ;
Dá d-tigfeá-sa 'nuas fa ṫuairim a' ḃaile úd a m-ḃiḋim,
Le ceileaṁar na g-cuaċ go ngluaisfinn leatsa mar ṁnaoi.
Mailiġ dá m-beiḋeaḋ n-a luiḋe air leaba go sáiṁ,
Mar ṡneaċta air a' ċraoḃ tá a píob 's mar lile a bráiġ;
Tá ḋá cíoċ ċóra gléġeala 's aon ḟear níor leag orṫa láṁ,
Mar an eala tá sí tráṫ ṡíneas sí 'maċ air a' t-snáṁ.
Aig Mailiġ mo ċeud-searc tá an t-órolt fiġte glan, réiḋ,
A cum cailce gan ḃród ṫóigfeaḋ dólás d'ḟearaiḃ a' tsaoiġil;
Béilín meala na b-pógán, rosca róġlan gorma gan ċlaon,
'S ní ṁairfiḋ mé beo mar b-póstar Mailiġ 's mé.
J. J. LYONS.
