(22)
8Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 10.
SEAĊT-ṀÍ,
1891.
MALAIĠ GLEANNDOIṀIN.
Fuair mé an t-aḃrán so ó Eoġan Ó'Doṁnaill, Ran-na-
Feirsde, Co. Ḋun na-n-Gall.
Antoin Ṡ. UaḊoċartaiġ.
Tá deireaḋ mo ama caiṫte, mo ḃrón!
Annsa ḃaile ud air tógaḋ riaṁ mé,
Ní suairceas mo ḋóiġ, 's ní ḃeiḋ mise air dóiġ,
Tá 'n ċoigċríċ go mór da 'm ḟiacail.
Mé breaṫnuġaḋ mo ḋóiġ 'sa ṗobal go neóid,
'S gan duine ann a ṫógfaḋ cian dam,
Maḋ ṫeiḋm go Gleann-doiṁin, oro! 'ċan do mo ḋeoin
A ċaiṫfeas mé mórán bliaḋanta ann.
Sí 'n ċoigċríċ, saraor! a ṁaireoḃaḋ an saoġal,
'S a d' ḟúigfeaḋ na ceudta buaiḋearṫa;
Si ġealaiġ mo ḋlaoiġ 's a lagaiġ mo ḃríġ,
'S ní 'l seasaṁ aig aon-neaċ léiṫe.
A n-duine da 'r mian leis mo ṫeagasg, ná biḋeaḋ
A ḃ-fad ó na ḋaoine céile,
No i d-tinneas mo ḃiḋeann, no i leatrom, ná saoil
Go ḃ-fuil na coiṁḋíġ ion-taoḃṫa i n'géiḃeann
