AN GAOḊAL.
125
tubaisteaċ so. Dá m-beiḋeaḋ ḟios a¬
gam an raed so do'n n-donas a ḃeiṫ air
ní ḃainfinn air ċeud doilleur é mar,
Ġeoḃaṁ, &c.
Leis sin do ṫoiċeas a ċeann
'S ċrom air smuaineaṁ,
Mar ní ḟeadair sé 'san doṁan
Cad a b-ḟéarr a ḋeunaṁ;
Aċ ċaiṫ ḋe a ḃaireud sa ċasóg,
'S ċroċ iad air an untas
Agus ġluais air a siúḃal
Go d-ti an g-coill a ḃí ḃ-fogas.
Cáint — Seaḋ, agus iar roċduin na
coille ḋó do ṡuiḋe sé síos aig bun
crainn, faoi scáiṫ tum, no tor, agus
so mar aduḃairt sé leis féin: "Do
ċualaḋ go minic go n-iompuiġean an do
ṁan timċioll an gaċ aon ċeiṫre h-uaire
fiċead, & cá ḟios dá ḃ-fanfainn ann so
no go m-beiḋeaḋ an taoḃ ṡios in áirde
b' ḟéidir go dtuitfeaḋ an ċré ḃog a¬
maċ as. Aċ bioḋ san mar a ḃeiṫ sé,
go cinnte, ní mise an fear a ġlanfaḋ a¬
nois é, mar fanfad annso no go ḃ-feic¬
fead cad a ḃainfeas ḋó, óir is sé atá
ann mo ṁargaḋ é ḃáint go dti uisge,
mar,
Ġeoḃaṁ, &c.
Ḃuail scanraḋ a ċomsglabaḋ
Air ṫeaċt go d-ti 'n obair,
Nuair ċonnarc eadaċ Ṗádraic
Croċta n-áirde air an d-tobar;
Mar sgread sé, agus ḃéic sé
Ag cur liuġ as, 's glaoḋ
Go raiḃ Pádraic boċt marḃ
Agus múċta faoi 'n g-cré.
Ċáint — Seaḋ, agus nuair a ċualaḋ a
ċoṁarsain a ġlamaraċt, do ṫangadar
a riṫ ċuige i d-tanáiste a n-anama ag
fiafrúġaḋ cad a ḃí air no cad a ḃain
dó. "Tá," ar sé, "Pádraic boċt múċta,
marḃ ṡios ann íoċtar an tobair mar
ṫuit an ċré asteaċ air anois agus é
ṡíos ann d'a ḃaint Agus tá páipeur
an ṁargaiḋ ann a ṗócaḋ, agus ní fios
doṁ-sa creud do ġeoḃaḋ mé do ḃárr
mo ṡaoṫair, mar,
Ġeoḃaṁ. &c
Anns an laḃair fear de 'n áit
Os árd leis an g-cruinniúġaḋ
A sluaiste ṫaḃairt leo
Mar, ar sé, ag míniuġaḋ,
"Ca ḟios ná go ḃ-faġam beo é
Má spíonfam an ċré ḋe
Mar ní ḟágfam fé'n ḃ-fód é
Má's Éireannaċ féin é.
Cáint — Seaḋ, agus air sin ċaiṫ na
fir a g-cosóga ḋíoḃ, agus d'imiġea¬
dar ag obair air a g-croiḋe n-diṫċioll,
gaċ fear acu ag sárruġaḋ a ċéile no
go raiḃ an tobar glan go grinneol.
Annsan d'ḟeuċadar air a ċéile le ion¬
gnaḋ, mar ní ḃ-fuaireadar Pádraic
ná a ṫuairisg.
Aċ, le na linn sin, cia ċíḋfidís ag
teaċt ċuca ó'n g-coill aċ Pádraic, agus
port feaduiġiola aige, agus so é fáṫ
a ṗuirt, mar, Ġeoḃaṁ, &c.
"Arú Ṗádraic," ar siadsan.
"Naċ deas an t-aisdeoir ṫú,
A ḃeiṫ ag cur na luiḋ orrainn
Go raḃais ṡíos faoi'n ḃfód so;
Ṡaolamar go raḃais marḃ
'S ná ḃ-feiceamuis go deo ṫú,
Leis sin ġlanamar an tobar
Le súil go ḃ-fuiġeamuis beo ṫú.
Cáint — "Seaḋ," arsa Ṗádraic, "táim
beo, buiḋeaċas le Dia, go raib maiṫ a¬
gaiḃ; aċ má ṡaolḃar marḃ mé cuma
nár ḟágḃar curṫa mé; buḋ é an nós a
ḃí ans an dúiṫċe an a rugaḋ mé, nuair
ġeoḃaḋ fear bás go n-aḋlacaiḋe é, aċ
anois muna ḃ fuarḃur uisge, ní ḃ-fuil
piġinn ann mo ṡeilḃ-se le go n-íocfainn
siḃ air son ḃur n-obair amadánta, mar,
Ní ġeoḃaṁ, &c
untas, a windlass; conra, contract
AN ṖAIDIR.
(The Prayer — The Lord's Prayer.)
Ar n Aṫair, a tá air neaṁ; go naoṁ¬
ṫar d'ainm : go d-tigiḋ do ríoġaċt; go
n-deuntar do ṫoil air an talaṁ, mar
ġníḋṫear air neaṁ Taḃair ḋúinn a-
niuḋ ar n-arán laeṫeaṁuil: agus maiṫ
dúinn ar b-fiaċa, mar ṁaiṫeamuid-ne
d'ar ḃ-fiaċaṁnaiḃ féin: agus ná léiġ *
sinn a g-caṫuġaḋ : aċt saor sinn ó olc.
Ámén.
* The Gaelic literal translation of this clause is,
permit us not into temptation, and not lead etc.,
and the Gaelic would seem to the truer rendition
for our Savior would not lead us into temptation.
