SEINÉID — MAIDIN
Ceud míle fáilte róṁat, a ṁaidin ḃreáġ!
Ceud míle fáile róṁat, a ṡoluis Dé!
A ċuireas in ar g-croíḋṫiḃ suaiṁneas glé,
Déis dorċadais na h-oíḋċe, 's déis a cráiḋ.
Ó ṫús go deire tá tú mar an m-bláṫ
Níos suairce linn gaċ tráṫ air feaḋ do rae;
D'a ḃ-fuair sinn ó n-ar nDia ariaṁ mar spré
Is tú an duais is áilne linn gaċ lá.
Ceud míle fáilte róṁat, a stóir!
'S tú gráḋ a's gáire grinn gaċ groíḋe-ḟir
[tréin;
'S tú múirnín díl gaċ mná 'tá glan a méin.
Tá bárr na sléiḃe 'g lonnraḋ geal mar ór,
Is gorm an speur, éist! cluinim ceol na n-eun,
Ceud míle fáilte róṁat, inġíon na gréin'.
Leis an nGaḃar Donn.
SENÉID — AN NÓINÍN.
Do ċuir tú aṫas orm, a nóinín ḃáin,
Trá ċonnairc mé do ġnúis ag meaḋon
lae
Ag lonnraḋ geal ameasg an ḟéir ġlais
ġlé;
Ag dealraḋ 'measg na m-bláṫ mar ḃeag
reultán.
Is bán a's buiḋe do ċeann de ḋeise lán,
'S gíḋ n-deunan tú do leaba ins an g-
cré
Síorṫógann tú do ċeann air árd ċum
Dé
Ag aṁarc gan eaglaḋ air A speur
ġorm, ġlan.
Ní'l agad gúṫ ċum Dia do ṁolaḋ, aċt
Is cinnteaċ mé go n aḋrann tú gaċ
uair
A ṁaiṫeas seal síorḟoillsiġeann tú
A ġlóir.
Seo é an molaḋ fíor, an urraim ḃeaċt,
Air feaḋ an lae seal seasann tú go
taoi,
Síorṁolann tú do Ḋia ó lár do
ċroiḋe.
Leis an nGaḃar Donn.
The days of the week.
Dialuain, Monday; Diamáirt, Tues¬
day; Diacedín, Wednesday; Diator¬
dain, Thursday; Dia aoine, Friday;
Diasaṫurain, Saturday; Diadoṁnaiġ,
Sunday.
When using the definite article (an)
before the names of the days you omit
the dia, thus — an Luan, the Monday,
an Doṁnaċ, the Sunday etc.
The months.
Gionḃar, January; Feaḃra, Februa¬
ry; Márt. March; Abraon, April;
Bealeine, May; Mí ṁeaḋon an t-saṁ¬
raiḋ, June; Iuil, July; Lúnas, August;
Seaċt-ṁí, September; Oċt-ṁí, October;
Saṁain, November; Deiċ ṁí, Decem¬
ber. There are other names for some
of the months which will be explained
in the Lessons.
The Seasons.
Earraċ, Spring; Saṁraḋ, Summer;
Foġṁar, Autumn; Geiḃra, Winter.
The wind from the four points of
the compass, according to Mr. Maurice
Downey, Montague, Mich., has the fol¬
lowing effect on man, fish and beast.
Gaoṫ ó ṫuaiġ biḋeann sí fuar, agus
cuireann sí fuaċt air ḋaoiniḃ;
Gaoṫ ó n-oir biḋeann sí duḃ, agus
cuireann sí criṫ an teide;
Gaoṫ ó n-iar biḋeann sí tais, agus
cuireann sí raṫ air ṡíoltaiḃ;
Gaoṫ ó n-deas biḋeann sí riṫeaċt,
agus cuireann sí éisg i líontaiḃ.
