AN GAOḊAL.
137
Do ċluinṫeá gaċ eun acu ag seinnim 'san n-grove.
Tá 'n boc 'san eilit, 's gaċ h-uile ṡórt game ann,
Tá'n mada-ruaḋ i gézáil air an m-bruc 'san míol buiḋe;
'S aig céileaḃar na ngaḋar, 's aḋarca d'a séideaḋ
Le h-éiriġ na gréine, do ṫógfaiḋe do ċroiḋe.
Tá daoine uaisle air eaċraiḃ 's macaiġ i léimneaḋ
Ag fiaḋaċ i bplantations go d-tagann an oiḋċ',
As sin go d-tí maidin biḋeann seiléir d'a reubaḋ,
Ól aig na ceudṫa 's leabṫa le luiḋeaṁ.
Tá 'n láir 'san searaċ a ḃ-foċair a ċéile,
An t-seisreaċ 'san céaċta, an treaḃṫóir 'san síol;
As sin go d-tí máidin tá na h-úiníniḋe ag méile,
Na caoiriḋ 'na d-treudṫaiḃ, is leanḃ aig mnaoi.
Ní 'l tinneas no aicíd, ní 'l galar no eug ann,
Aċ sagairt agus cléiriġ ag guiḋe na naoṁ;
Biḋeann mionnáin aig gaḃar is bainḃ aig céis ann.
A's biḋeann an ḃó ag géimneaḋ a triall air a laoiġ.
Tá mórán mór baintreaḃaċ fáġail caḃair is réiḋteaċ,
Slíġe bíḋ agus eudaiġ, agus talaṁ gan cíos ;
Tá scoláiriḋe boċta ag fáġail sgol agus leun ann,
A's loċt iarraḋ na déirce ag tarraint 'sa triall.
Ṡáruiġ sé an doṁan air gaċ h-uile ċeann réiḋtiġ,
A's ṫug Rafteriġ an sway ḋó air a ḃ-facaiḋ sé ariaṁ;
Siúd ċugaiḋ anois é 'na ṡiolúġ' Frainc Taff,
De ṡluaġ Clann na nGaoḋal é, 's go mbuḋ buan é a ṡaoġal.
EAḂRAĊ NUAḊ LÚĠNASA, 1891.
Ċum Eagarṫóir an Ġaoḋail.
A Ṡaoi ḋíl:
Níor ċuireas focal ċugat do'n uiḃir
buḋ déiġeanaiḋe do'n Ġaoḋal, do ḋeasgaiḃ gan am a ḃeiṫ
agam a sgríoḃ. Cuirim ċugat anois dán beag toġṫa as an
láiṁsgríḃin as ar ṫógas na rannta do ċuireas ċugat ċeana.
Dub' é sealḃóir agus sgríoḃ-nóir an leaḃair so Uilliam Ó
h-Ógáin, 'san m-bliaḋain 1825, &c., agus mar a duḃairt mé
ċeana, buḋ ḋóiġ gur ḋein sé a inntleaċt d' ualuġaḋ ċum
é do ḋeunaḋ ċo doi-léiġte a's do ṫig leis, le crapaiḋe agus
cóṁarṫaiḋe mar ṫeagṁuiġ siad ann a aigne. Agus, ní mis¬
te a ráḋ go ḃ-fuil mórán de na foclaiḃ litriġṫe do réir
fuama no smuainiṁ, gan aire ṁór taḃarṫa do ċeartsgrío¬
ḃaḋ.
So é an dán ċó ceartuiġṫe is do ṫig liom, —
ÉAGÁN Ua RAIṪILE cct.
Sí gile na gile do ċonarcra air slíġe an uaignis,
Criostal de 'n ċriostal 'sa gormrosg ríonguaiṫne,
Binnios na m-binnios 'nna friotal ná 'r ċríon, ġruama,
Bí deirge a's finne tré luisne 'nna gríos ġruanaiḃ.
Cuise na g-cuise, ann gaċ ruiḃe d'a buíḋe cuaċaiḃ,
Go ḃ-fanaḋ an cruinne do'n ringeaḋ le na ríonsguabaiḃ,
