(25)
2Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 1.
GAOḂAR,
1892.
DO' N t-SRUṪ.
Riṫ, riṫ, a ṡrúiṫ, a's seinn d' aḃrán gaċ uair
Faoi sgáil na g-crann, nó fós faoi ġlóir na spéire,
Ag dríṫleaḋ air do ṡlíġe se níos soilléire
'Ná múinte * seod faoi ḟolt donn mín mo stóir.
Is súgaċ liom do ċeol a's ceol na n-eun
A ṡeinneas inns na g-crannaiḃ — ní'l brón orra;
Is áil liom ḃeiṫ gaċ uair, gaċ trá 'n ḃúr ḃ-farraḋ
Ag éisteaċt liḃ, a ċairde, 's mo ṡeun!
Riṫ, riṫ, a ṡrúiṫ, a's seinn d' aḃrán dom' ċroíḋe,
Go sulṫṁar, súgaċ seal atáim am' luiḋe-se
Faoi ċrann mór glas seal ríṫir ag a ṫroiġ-se
Ag cantain ceoil go greannṁar air do ṡliġe.
Tá air do ḃruaċ an feur mín glas ag fás,
A's bláṫa breáġa — aṫas mór na n-daoineaḋ,
'S coróin a's deise na nadúra caoine.
A! cuireann siad am' ċroíḋe-se mór-ṡólás.
Tá faoi do ṫonntaiḃ geala éisg ag snáṁ
Annseo- -- annsud síorḟeicim iad ag léimniuġaḋ;
A's air do ḃruaċaiḃ tá na ba ag géimniuġaḋ;
