146
AN GAOḊAL
NÓTAIḊE.
Cuir 'sa ċuntaḃairt .i, cuir i ḃ-fiúntar, risk it.
Ag áiriḋ .i, feargaċ; laḃarṫar "i n-áiriḋ," no "i n-ear¬
aiḋ i g-cúigeaḋ Muṁan agus is ionann iad araon leis
an ráḋ atá ṡuas.
Ċa i., ní; ċar .i. níor.
Do ré braon .i., deaṁan braon, diaḃal braon; laḃarṫar
an ráḋ so i g-contae Ṗortláirge agus i g-contae Ḋún-
na nGall mar an g-ceudna.
Daṁ; laḃarṫar an focal so ins an tuaisceart i g-coṁ¬
nuiḋe ḋe do réir mar tá sé ṡuas agus is ar an moḋ
so litriġṫear ins na leaḃraiḃ láṁ é; ní ceart "daṁ."
CONDAE DEAS ṀAIĠEO.
By P. A. Dougher.
Ó Tuaċair. ?
Le bliaḋain 's fiċe tá mé siúḃal tré ṫír 's bailte mór',
Tré ċluan 's caṫair, cnoc 's gleann, is d'ḟacaiḋ mé go leor,
Is iomḋa cara i casa liom, is iomḋa duine cóir,
Aċ an áit is feárr ba taiṫn'uil dam sé Condae deas Ṁai¬
[ġeo.
Ṡiúḃal mé tré Balla'n-aonta 'náit i ḃ-faca mé coipliḃ breáġ,
As sin anuas go bord Loċ-Conn, áit ċoṁnuiḋe uaisle árd,
Casa liom fear-léiġeanta ann 'san ċeist do ċuir mé ḋó,
Raḃ an t-sean Ġaeḋilig beo fós i g-Condae deas Ṁaiġeo.
Breaṫnuiḋ sé le iongantas mé, 's ḃí fearg inn a ṡúil,
"A ċóṁursa ṁaiṫ cia'r b'as tú, nó ḃ-fuil tú ḃ-fad 'r siúḃal,
Tá 'n Ġaoḋailig inseo le aoisiḃ, ḃí agus béiḋ go deo.
'S tá trí ċéad míle fós d'a caint i g-Condae deas Maiġeo"
Ṡiúḃal mé tré ġleann Néṗin 'náit ar tógaḋ Riġ na m-bárd,
As sin go Connamara siar ameasg na g cnoc árd,
Ṫart le bruaċ Loċ Coirib 's treasna an sliaḃ mór
'Nuas go teaċ Tom Déliġ, 's ḃí fáilte aige róṁam.
Ḃí dorċadas na h-oiḋċe teaċt 's ḃí mé tuirseaċ, fuar,
'S maiṫ an áit ar ṫárla mé mar duḃairt na ceudṫa róṁ'm,
Ḃí cóṁluadar deas ceolṁar ann 's iad cóṁráḋ mar bu ċóir,
'S sé Cúlnabinne áit an ġrinn i g-Condae deas Ṁaiġeo.
Le éiriġe 'n lae air maidin ṫriall mé air mo ṡiúḃal,
Siar go oileán Acuill atá muiċ sa ḃ-fairge ṁór,
Ċuaiḋ mé ṫre nead na 'soupeas,' dream rinne sgrios fadó,
Aċ níor éiriġ leo buiḋeaċas do Ḋia i gCondae deas Ṁaiġeo
Ċaiṫ mé 'n oiḋċe sin air an oileán is béiḋ cuiṁne 'r go deo,
Ḃí mé in sin air ḃainḟeis ann i ṫóigfaḋ diot an brón.
Ḃí cláirsiġ ceoil 's daṁsa ann 's poitín neart go leor,
Le briodán, bric 's cearca-fraoiċ as sléiḃte deas Ṁaiġeo
Port Nuaḋ a's Beulmuiliġ níor ṡeas mé ann go fóill,
No na sléiḃte ṫort ṫré Erris ann a ḃ-fuil na daoine cóir,
