9Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 2. FEAḂRA, 1892.
Seminary Naoiṁe Muire,
Cleveland, O.
An dara lá deug gon ċeud ṁí '92
Do eagarṫóir An Ġaoḋail.
A Ṡaoi Ḋíl —
Ḃí mian agam le tamall a¬
nuas páipéar Gaoḋailge ḟáġailt an áit
a cinnid, agus ní mu ná seaċtṁain ó
ċuinn do fuaireas aiṫne air do ṗáip¬
éar-sa. Buḋ ṁaiṫ liom ḟéin agus le
fear óg eile annsa Seminarġ so, dá
g-cuirfeá againn do ṗáipéar annso gaċ
h-uile ṁí, mar is mian linn teanga na
Gaoḋailge a ċosanuġad — a méid a ḃ-
fuil ḟios againn ḋuiṫe — agus í ḟóġal-
amaḋ. Giḋ naċ ḃ-fuil mórán am ag¬
ainn annso le sin a ḋéanaḋ, deunfaiḋ
muid an méid is féidir linn leiṫe. Tá
súil agam go m-beiḋ an ḃliaḋain nuaḋ
na bliaḋain ṁaiṫ do 'n nGaoḋal, agus
air h-éis tamall geárr, go m-beiḋ tú
anan páipéar seaċtṁana a ċuir againn
Ḃeiḋinn buiḋeaċ duit dá scríoḃfá
air ais agam, agus, innseaċt dam cia
ṁéid a ḃeiḋeas air an Gaoḋal sa m-
bliaḋain agus cuirfiḋ muid an t-iom¬
lán agad an aondaiġ.
Táim, a Ṡaoi Ḋíl,
Do ċara,
S O'C.
[Ó ṫárla gur sgríḃneoir úr an saoi
Ui Caogáin deunamuid onóir ḋó le 'na
litir a ċur i d-tús an Ġaoḋail. Aċ giḋ
gur sgríḃneoir úr é is cinnte, ó ḃlas &
fuaim a ċainte, go laḃrann sé teanga
a ṫíre. Feicfear go sgríoḃann sé "a¬
gad" in ionad ċugad, "ċuin" in ionad
ṡoin, &c, agus ó ṫarla gur b'é an moḋ
seo nós na cainte, cia déarfas naċ ḃ-
fuil sé ceart? 'Sé dualgus an ġraim¬
éiriḋe nós na cainte a ċur i ḃ-foirm in
ionad nós do ċumaḋ; naċ sé gnás do
ġniġeas dliġeaṁ?]
(26)
