AN GAOḊAL.
165
ÉIRE, TÍR MO ḊUṪĊAIS
Ċaiṫeas tréiṁse ṁaiṫ do'm ṡaoġal, níos mó na fiċe bliaḋain
A n-Éirinn ġlas na ḃFiann, am óige,
Áit 'nn ar ṁilis ceol na n-eun, roiṁ éiríġe suas do'n ngréin,
Fead smólaiġe agus port fuiseóige;
An traḋna anns an ḃ-feur, an druide anns an spéir,
'S na h-eunlaiṫ eile 'g-céill comórtuis ;
An drúċd air ḃárr na g-craoḃ 'gus sláinte anns an aieur,
Buḋ neaṁ leat é dá m-beiḋeaḋ gan buaiḋreaḋ.
'S ann súd do ḃí na mná do ḃí fírinneaċ 'nna n-gráḋ,
'S gur ḃ' aoiḃinn leat a g-ceol tráiṫneona,
Ag cur deire leis an lá, ḃuain allas as do ċnáṁ',
Air ṫeangṁáil leo ní ḃeiḋfeá brónaċ;
Ḃíodar cúmṫa, cruinn, falláin, gan corra croiḋe ná cáim,
Go banaṁail, daṫaṁuil, cráḃaċ, cóireaċ,
Ag crúḋ na m-bó air an m-bán, ḃí naoṁṫaċd 'na n-aḃrán,
Do ċuirfeaḋ tú go sáṁ a suaiṁneas.
Do ḃí sgiaṁaċd agus bláṫ 'gus naoṁaċd ann gaċ tráṫ,
'S níor ḃ'ḟada leat an lá nó 'n oiḋċe,
Le soilḃireaċd na ráḋ agus magaḋ gan aon ċráḋ,
Do scaipfeaḋ brón ód' árus ċoiḋċe;
'Gus air ínnsint na sean sgeul air ċlisteaċd Ċlann na n-
[Gaoḋal,
'S mar ċaiṫidís an saoġal le sáiṁe,
'S air ṁnáiḃ mar Ṁáire 1 ní Naoiḋ, ná'r ċeil a teanga riaḃ;
'S gur fada ḃeiḋ sí buan a sláinte.
Aċd is doċar liom an sgeul tá scaipiḋṫe go dian,
"Ná canaid Clann-na-nGaoḋal an Ġaoḋailge,"
An teanga do ċleaċd fíréin, ḃí d-túis an doṁain mar aon
Ṫar ṫeangṫaiḃ eile 'n t-saoġail ċum aoilte ; 2
Ní raiḃ canaṁuin eile a ré 3 'nuair do ṫráiġiḋ an díle ṫreun,
Gur ṫuill Nimrod fearg Dé 'san m-Báibel;
Duḃairt an Tíġearna, "Síos 'nois téiḋim; beiḋ deire le na
[réim,
'S beiḋ buaiḋreaḋ air a g-caint mar ráḃaiḋil." 4
Cad tá teaċd air Éireannaiḋiḃ, tá glórṁar in a maoiḋeaṁ,
Gur b'ionṁuin leo a d-tír 'sa nGaoḋailge;
'S go ḃ fuil a g-canaṁuin ḃreáġ 'na luíḋe, treasgarṫa gan
[ḃríġ,
'S gan fios cá faid do ḃeiḋ sí saoġalta;
Éiríġiḋ suas le croiḋe agus cuiriḋ sgoile a g-críċ,
A's tagaḋ siḃ le fonn le ċéile;
Agus geallaim díḃ gan sgíṫ, le coḃair ó Íosa Críosd,
Go m-beiḋ gradam díḃ arís 'san t-saoġal so.
1 Máire ní Naoiḋ. One of the ladies who has attended
the Bowery School from its inception, and who never spa¬
red time or money to help the propagation of her native
language.
2 Aoilte, (prop. oilte), n. f., instruction, nourishment.
3 Ré, n. f., existence.
4 Ráḃaiḋil, n. f., raving, confusion [Genesis, c. 11. v. 7].
