174
AN GAOḊAL
AN SEANḂEAN BOĊT.
Leis an nGaḃar Donn.
1
Tá an t-am ag teaċt go luaṫ,
Ars an seanḃean ḃoċt,
In a ḃ-feicfiḋ mé go nuaḋ,
Ars an seanḃean ḃoċt,
Faoirse ag mo ḋaoiniḃ féin,
Saoirse soillseaċ mar an ngréin,
Ag síor-sgapaḋ orm-sa séin.
Ars an seanḃean ḃoċt.
2
Gíḋ go ḃ-fuil mo speur gan gréin,
Ars an seanḃean ḃoċt,
Gíḋ go ḃ-fuilim lán de leun,
Ars an seanḃean ḃoċt,
Béiḋ mo speur glan, gorm go luaṫ;
Béiḋ mé lán de ġáire nuaḋ;
Óir críoċnóċar é mo ḋuaḋ.
Ars an seanḃean ḃoċt.
3
Gíḋ gur díbreaḋ uaim mo ċlann,
Ars an seanḃean ḃoċt,
Gíḋ gur sgriosaḋ óg a's sean,
Ars an seanḃean ḃoċt,
A! ní sgriosfar feasta iad,
Óir mo náṁ síorsgriosfaiḋ siad
A's aiṫḋíolfamaoid a spíod,
Ars an seanḃean ḃoċt.
4
Gíḋ gur fásaċ í mo ṫír,
Ars an seanḃean ḃoċt
Gan tuata, saoi nó cliar,
Ars an seanḃean ḃoċt,
Béiḋ sí glórṁar mar an rós ;
Lán de ḋaoiniḃ; faoi ḟomós;
Béiḋ sí saor, caiṫréimeaċ fós,
Ars an seanḃean ḃoċt.
5
Gíḋ gur láidir é mo náṁ,
Ars an seanḃean ḃoċt.
Gíḋ gur lag gan neart mo láṁ,
Ars an seanḃean ḃoċt,
Béiḋ mé láidre fós go mór
'Ná mo náṁ, gíḋ mór a ġlóir;
Béiḋ mé féin mo ṡlánuiġṫeóir.
Ars an seanḃean ḃoċt.
6
Gíḋ gur ċuaiḋ mo ṫeanga uaim,
Ars an seanḃean ḃoċt,
Gíḋ gur lán mo ċeól de ġruaim,
Ars an seanḃean ḃoċt,
Ruaigfiḋ mé an Beurla cam
Béiḋ an Ġaeḋilge ag mo ḋream;
Béiḋ mo ċeól sárḃinn gaċ am,
Ars an seanḃean ḃoċt,
7
Gíḋ go ḃ-fuil mé sean a's críon,
Ars an seanḃean ḃoċt,
Lán de ḃrón ag gul go dian,
Ars an seanḃean ḃoċt,
Béiḋ mé mar a ḃíḋinn fad ó,
Óg a's deas a's treun a ngleo;
A! ní ḋéarfaiḋ siad go deo —
'Leo an seanḃean ḃoċt.
