178
AN GAOḊAL
MOBÍLE, MÁRT 12. '92.
Ċum Fear Eagair an Ġaoḋail.
A Ṡaoi Ḋíl:
Is fad ó sgríoḃ mé aon rud don
Ġaoḋal. Taḃairfiḋ mé iarraċt air
ḃeagán foclaiḃ do sgríoḃ timċioll Ṁó¬
bíle.
Tá timċioll ḋá ḟiċead míle duine sa
g-caṫair seo, duḃ & bán Tá daoine sa
g-caṫair seo ó gaċ ball de'n doṁan. Do
ḃí mórán Éireannaiġ ann so tamall ó
ṡoin aċ tá róṁór imiġṫe anois & ní'l aċ
duine fánaċ ag teaċt. Aċ tá cuid ṁaiṫ
d'á slioċt ann fós, aċ do ċaill mórán
dóiḃ a d-tíreaṁlaċt & creideaṁ aġ n-
aiṫreaċa, giḋ go ḃ-fuil mórán Cato¬
liciḋe maiṫe aguinn. Tá sé teampuill
& Cill-easboig áluinn againn, agus fear
breáġ, naoṁṫa 'na Tiġearna Easboig,
Doċtúr Diarmuid ua Súileaṁáin. Tá
mainistir mná riaġala ann, maiġdean¬
aca beannuiġṫe, & coláiste aige na h-
Aiṫreaċa Íossa aige cnoc an Earrcaċ,
timċioll seaċt míle ó Ṁóbíle amaċ a
lár na Cille. Tá bráṫaireaċa & tear¬
monn dílleaċda do ḃuaċailliḃ agus do
ċailíniḃ.
Ní'l saoṫruiġeaċd ann so aċ aṁáin
cutoún aḋmuid & gual Aċ timċioll
trí ṁíle amaċ ó 'n caṫair tá garḋaḋa
ag fás tabáist & potataois, & gaċ eile
cineál soḟas.
Ní'l aon ḃall san tír go ḃ-fuil aon
eolas agam a'r go féidir le duine
sliġṫe beaṫa do ḋéanaḋ air ḃeagan
airgirid. Is féidir trí barra maiṫe do
ṡaoṫrúġaḋ air aon ḃall aṁain talṁan
sa m-bliaḋain. Do ḋíol aon ḟear aṁ¬
ain luaċ oċt míle dolléir as timċioll
fiċe acra.
An rud is measa againn an so, ta an
saṁraḋ ró ḟada, aċ ní'l an aimsir go
h-an ḃroċlaċ mar ata an ġaoiṫ na suġ¬
ṁaire an Mecsicó bog fionnḟuar agus
suḃailceaċ.
Aċ na neiṫe is measa ann so, tá an
cuil-croṁnaċ agus an nigér no an fear
duḃ. Ní'l aon sliġe ann so do ḟear
bán, níor féidir leis maireaċtain air
an tuarasdal tá le fáġail ag an nig¬
ér.
Ní ḃíḋeann torus aguinn ann so air
Lá Ḟéil Pádruic le roint bliaḋanta, aċ
bíḋeann aifrionn-árd & seanmóir i d-
teampull Naoṁ Pádraic.
Do ċara fíor-ḃuan,
M. Mac Suiḃne.
Ó Raṫ-Ċormac, cois na Bríde.
Written from the dictation of John O'Donnell,
Ranafast, Co. Donegal, by
Anthony J. Doherty.
This song was composed towards the close of the
last century by Peter O'Donnell of Ranafast. He
was a shoemaker by trade, and had a brother nam¬
ed Patrick, who had learned joinery in Connaught.
On Patrick's return home he had a seal-skin cap,
an article of dress at that time very rare in the
Rosses. Peter begged his brother for the cap, but
met with a refusal, on which he composed the fol¬
lowing.
The explanation of a few words renders a trans¬
lation unnecessary, as the language is sufficiently
plain.
BAIREUD FIONNAIĠ.
Naċ cruaiḋ a agras mé é fa'n ḃaireud
ciḋ 'r mór mo ġeall,
Fa léub do ċroicionn an róin, 's a ċum¬
as ḃí mór faoi 'n toinn;
Ní'l aon de ḋearcaḋ air mo ḋóiġ, ó
raṫ mise as orduġaḋ cinn,
'N-uair a ḃéiḋeaḋ an sneaċta air an
ṁóin, nar ḃ-fogus mo ċaḃair d'a ḃonn
Ceiligiḋ 'n sgeul so air Aoḋ no millfiḋ
sé 'n suiḋe le ceol,
Fa aidreaṁaċt a ḃaireuda uaim, 's
mo hata i n-íoblaḋ ṁór;
Aċt ó's cinneaḋ dam imṫeaċt mar ḋíor¬
faḋ, 'gus furtaċ aig aon naċ ḃfáġam,
'S gan agam aċt luiḋe ċois bruaiġ, go
b-piocfaiḋ na daoil mé beo.
Dá mbíḋeaḋ mo hata i stáġ, ní ċluin¬
fiḋ go bráṫ mé ag caint,
Aċt a feaḃas mo ċulaiṫ go sail, go d-
tig uiuri gráin ó'n ċeann,
Tá'n saoġal so ag meallaḋ a lán. 's is
cleasaċ a ċáil dar liom,
'S an ḃláṫ is deise 'sa ġarḋa, 'n-uair
a ċailleas a stáġ is fann.
A ḋuine, do d'anam dean tárṫaill, 's
mo ċloigċionn ná fág í lom,
'S go ḃ-fuil béul na n-aingeal a ráḋ
linn maiṫeas a ḋeanaḋ i n-am;
