(28)
9Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 4.
MÍ-ṀEAḊON
1892
AḂRAN GRÁḊA,
Leis an nGAḂAR DONN.
Do ṗreab mo ċroíḋe go gáireaċ 'nuair a ċualaiḋ mé do ġúṫ;
Do ċuireas díom an cúram gráin 'ḃí fáisgṫe orm go dlúṫ;
Mar ruaigeas solus suairc an lae an oiḋċe ḋuḃ ó'n spéir,
Do ruaig ó m' anam fuaim do ġlóir an brón duḃ, doirḃ, dóiléir.
'Nuair tá an ġrian ag lonnraḋ 'steaċ go glórṁar am' ḟuineóig,
Dom ṁúsgailt as mo ċodlaḋ-sa le suairceas suairc a póig,
Mo rún-sa smaoinim ort aṁáin, mo ṡolus maidne ṫú,
Fíorbeannaċt Dé a g-coṁnuiḋe ort, mo ġráḋ is deise crúṫ.
Is áil liom 'beiṫ ag smaoineaḋ ort, aċt b'ḟeárr liom beiṫ ag siúḃal
Led' ṫaoiḃ gach trá, dom' ṡúgraḋ féin, faoi ṫaiṫneaṁ geal do ṡúl,
Ag éisteaċt leat óir tá do ġúṫ mar ċeól ó aingliḃ Dé;
Do ḃ' ḟeárr liom sin 'ná solus breáġ ó'n ngréin ag túis an lae.
Tar ċugam no go m-bainfiḋ mé led' láiṁ ḃog ḃáin arís ;
Go g-cuirfiḋ mé mo ḋeug fád' ċum ; go n-deunfad caint gan baois;
Go g-cuirfiḋ mé sólás ad' ċroiḋe; a ġráḋ, mo ġráḋ gan gó
Béiḋ tú mo ġráḋ geal fíor aṁáin anois a's seal táim beo.
