﻿184
AN GAOḊAL.
Cruinneoċaiḋ sé leis an cine-daonḋa,
Béiḋ do ḋroċ ġníoṁra sgríoḃṫa air d-
eudan,
San fear le d'ais 'nan a léiġeaḋ duit
Siúd í 'n ċúirt naċ nglacáiḋ na breuga
'Snaċ nglacaiḋ caint ó ḟear d'a ṫréine
Breiṫeaṁ na fírinn' ḃeiḋ's d'a n-éiseaċt
Aon ṁac Íosa, ar ndeárnaḋ a ċeusa
Nuair ḃí mé óg buḋ olc mo ṫréiġṫe,
Buḋ ṁór mo spéis i ngleo & in aċrann,
B'ḟeárr liom go mór imirt & ól
Ná maidin Doṁnaiġ triall an aifrinn.
Níor ḃ'ḟeárr liom suiḋeaḋ le ċailín óg,
Nó bean ṗósta do eulóġaḋ tamall,
Go ṁionnuiġe móra ḃí mé taḃarṫaḋ
As drúis no pót'reaċt níor lig mé ṫarm
Tá mo ċoirṫe anois ró ṁór,
Diúltóċad dóiḃ má ṁairim tamall,
Leagaiḋ gaċ air mo ċolainn fós,
A Riġ na glóire tárṫuiḋ m'anam.
Peacaḋ gniṁ a ċráḋuiḋ mo ċroiḋe
As ċaill an saoġal mar ġeall air ḃeirt,
Má's coir an craos tá mé daor,
Mar ḃ-fóire Ċríosd, air m'anam boċt
A Riġ tá air neaṁ a ċruṫuiḋ Áḋaṁ,
Sa ċuireas cúis an ṗeacaḋ ann uḃall,
Sgreadaim ort i n-guṫa árd'
Óir is le do ġrása atá mé súil.
Tá mé 'nois air ḃruaċ an ḃáis;
Is geárr an spás go d-téiḋ mé 'n úir,
Is feárr go déiġionaċ ná go bráċ,
Fuagruiġim páirt air Riġ na n-dúl.
Cuaille corr mé air eudan fál,
Is cos'ṁuil le bád mé ċaill a stiúir,
Buailfiḋe asteaċ air bord tráġa,
Sa ḃeoċ d'a ḃáṫaḋ 's cailleaḋ a ṡeoil.
Bainríġan ṗárṫais, máṫair & maiġdean,
Sgáṫán na n-grása, neaċ & naoṁ,
Coiṁriḋ m'anam air do sgáṫ —
Tóig mo ṗáirt & béiḋ mé saor.
Nuair ḟosgló's Críost leaḃ'r'n ċúntais
Sgáṫán na gceart ḃeiḋeas d'a iomċar,
Is mór an gar an ṁaiṫ a deuntar,
Diúltaiḋ do'n ṗeacaḋ & éistuiġ liomsa.
Luċt éiriġ-an-áirde stataiġ & dúiṫċe,
Tiocfaiḋ siḃ geárr n-deire na cúise,
Gan an aiṫriġe ḋeuna béiḋ siḃ brúiḋte
Measg luċt fola pot a's drúise.
Le críoċnúġ' na h-aiṫríġe & í so-léiġte,
Ameasg céile feallsa & í aṫruġ' air
Ḃeurla,
Guiḋ Dia Doṁniġ Saṫuirn & Aoine,
Go dtéiḋ d-tairḃe do'n g-cine daonna.
An te ṫuigeas an aiṫriġ seo tá deunta
Agus ċuireas a ṁuinín in Íosa Críosd,
Ní baoġal dó bás i stáid an ṗeaca,
Is béiḋ go deo ameasg na n-aingeal.
Míle air tús agus oċt g-ceud,
Fiċe go beaċt agus an dó-ḋeug,
O ṫurlaing an tiġ'rna reub na geataiġ
Do corm an ama ndeárnaiġ Raċtúire
an aiṫriġ.
[We believe that this poem is longer, but how
many are there who could retain in mind all that
Mrs, Cloonan has ? — Ed. G.)
The population of England and Scotland has
doubled since 1841; had Ireland done the same
her population would be 16,350,248.
The following is the first installment of a series
of songs and stories which Mr. P. O'Leary, Inches,
Castletownbere, Co. Cork, purposes to send to THE
GAEL.
CUIRIMÍS LE ĊÉILE.
Cuirimís le ċéile sul a d-tiocfaiḋ an
bás
Ċum luċt ínste ár sgeultaḋ do ṫreas¬
gairt ar lár;
Na stad'maois d' ár saoṫar faid is
léir dúinn an lá,
Oir oiḋċe an léirsgris go deiṁin dúinn
is geárr,
Aċt cuirimís le ċéile
Ċum na sgeulta fíor-ḃreáġ'
Ár sinnsir in Éirinn
Do ḃailiuġaḋ roiṁ bás.
Cuirimís le ċéile as bailiġmís gaċ dán
As aḃrán caoin caoṁ-ṁilis ar n-gaisge
'sár ngráḋ ;
Is cian dóiḃ faoi neultaiḃ 'sis fada é
a ḃ-fán.
Aċt cruinniġmís an ceol-cuid tá fós
díoḃ le fáġail.
O! cuirimís le ċéile
Ċum gaċ aḃrán as dán
Ár sinnsir in Éirinn
Do ḃailiuġaḋ roiṁ bás.
