(29)
9Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 5
IUIL
﻿1892
MY COUNTRY IT IS OF THEE,
By T. D. NORRIS.
Mo ṫír, is ortsa tá,
Síorruiḋe, m'aḃrán gaċ lá,
Go fíor le cion;
Tír 'nna ḃ fuair m'aiṫre bás,
Tír 'nna ḃ-fuil glóir ag fás,
Ṡíos ó'd gaċ sliaḃ go bráṫ,
Bíḋeaḋ saoirse linn.
Mo ṫírse, go beaċt is tú,
Saor ṫír na n-uasal g-cú,
Is tú mo ġean;
'S áil liom gaċ sruṫ a's cuais,
'S coill ġlas ag eiriġe suas.
Am ċroíḋe lán le teas a's luas,
Mar spréiḋ ó Neaṁ.
Bíḋeaḋ ceol ag at 'san spéir,
'Sgéiṫ' tríd ár dtír go léir,
Go saor gan stad;
Árduíġeaḋ gaċ teanga glór,
Cuiduíġeaḋ gaċ n-aon 'san ngleoir,
Bíḋeaḋ cnoic ag seinnt le fóir,
Cur fuama a ḃ-fad.
Duitse Dia ár n-aiṫreaċa; —
Úġdar na saoirseaċda,
A táim ag seinnt;
Gur buan ḃeiḋ ár d-tír 'sgur glé,
Lasda le saoirseaċd Dé;
Díon sinn feaḋ oiḋċe a's lae,
A Árd Ríġ Grinn.
A Ġaoġailiḃ, breaṫnuiġiḋ go grinn
air ġníoṁarṫaiḃ dream éigim a deir
go ḃ-fuilid i ḃ-faḃar cúis na teangan
agus a ṁasluiġeas gaċ cáċ atá dlis-
tionaċ ainti. Feuċ "Mac-an-Ulta" i
n-dulṫaoḃ eile do'n Ġaoḋal. "Taisbeá-
nan giolcaċ díriuġaḋ na gaoiṫe." Seo
iad na "Pat Grants" a ṁarḃaiġ D. C.
