FONN BARRAḊ LOĊ LÉIN.
An dreaċt beag so air leanṁuin do
ċeap mé go déiġeanaċ ag cuíṁne ar
laeṫiḃ m'óige agus na neiṫiḃ do ċonarc
an tan san.
TOMÁS Ua GRIOṀṪA.
Atá páircínn ġlas ġleoite ag Dóṁnal
Anaice Rinnḃuiḋe,
Bíḋeann an eilit a sport ann
An lon-duḃ a seinim go binn;
Bíḋeann an ḟuiseóg sa smólaċ go ceol¬
[ṁar
A cantain nótaiġe
Dá ṡíor ráḋ le Nóra an t-óigfear
Go d-tiocfaḋ gan moill.
A m-bárr ċnoicín ġualan gan buaiḋreaḃ
Do ċasaḋ mé lá
Is mé féaċaint ó ṫuaḋ air ċuanta
Ḃaile ṁic Ḋáṫ.
Do ḋearcusa an stuaire na g-cuaċ
'Sa ḃrollaig ġil ḃáin,
Ḃí luisne na gruaḋna sa dualḟolt
A tuitim go sáil.
Aig Daingean ni Ċúise air d-tuis
Do ḋearcas an ḃab,
Ḃí leasaḋ 'na gnúis "dar liom"
A's gile 'na bráiġid.
Bo ṫriopallaċ, dluiṫ tuiḋ, buacallaċ
Baċallaċ bán
A fionna ḟolt fionn lé túirling
Gan falcus gan ċáin.
A g-cúm Ḃaile an Ġárainn
Fásann biolar is féur,
Bíḋeann cearca fraoiġ is bárdail
Cága is drid ann gan ḃréig.
Bíḋeann uain a's mionnáin gaċ lá ann
A súgraḋ 'sa plae,
Bric ġealaḋ a's bradáin a snáṁ
Ans an linn le n-a dtaoḃ.
Cois tráġa Ḃige ḃíḋeasa a's m'inntinn
Gan ṁairg gan ḃrón,
'Sa m-baile Níġstíġniġ mar a mbídís
Gasraḋ an ċeoil,
Ḃíḋeaḋ fearaiḃ a rinnce ann, ag saoiṫe
Imirt a's ól,
Is Nórínn niḋ Grioṁṫa 'na suiġe
Le'm aice air stól.
Mo ṡlán beo le h-Éire go léir
Is le Pobal Lispóil,
Mar a mbíḋeaḋ fearraiḃ is béiṫe
Go h-eaḋraċ a daṁas ar an ród
Ḃíḋeaḋ píobaire caoċ ann air saoṫar
A seinim an ċeoil,
Is bo ġreann leat na geaḋna le laoċus
A rinnce air a mbórd.
Mo ċéad míle slán tar sáil
Ċum Daingean an ġrinn
A's ċum aonaċ an Cláir, mar ar
Ġnáṫaċ ba capaill is laoiġ,
Ċum cuan geal Fionn-traġa a náit
Gur leagaḋ gan ḃríġe
Daire 'san gárda do ṫainig leis
Treasna tar toinn.
An Ceangal.
Cuirim ó'm ċroiḋe mo ġuiḋe
Ċum Aṫair na ngrás
Is ċum an Ḃanaltra ṁín tais
Do ṫoill árd ċeannus ṫar ṁnáiḃ
Gan mé leagaḋ ná ṡínne sa ṫír seo,
Lag marḃ faoi ċlár
Go ḃficiod arís siḃ, a's ḃur d-tír-ġlas,
A gceannus go bráṫ.
Le Tomás O'Grioṁṫa.
The above is a picture of the scenes of my boy¬
hood as they vividly parade before my imagination
thousands of times after the lapse of forty-two
years. If Capt. Thomas D. Norris and yourself,
Mr. Logan, think that the above song is worthy a
place in the Gael, I respectfully dedicate it to Capt
Thomas D. Norris, the Irish David who killed the
anti-Irish Goliah. The song is original, just com¬
posed. Nora, mentioned above was a beautiful
young woman.
[Though forty years from the “Old Sod," Mr.
Griffin retains a vivid recollection of his youthful
surroundings. — Ed.
The Original 14 Club
had its outing at College Point on June
30, when a very pleasant time was en¬
joyed. This is the bon-ton club of the
city, numbering some 600 members.
The prominent members of the Club
known to us are, Judge Walsh, the pre¬
sident; Anthony Walsh, treasurer, J.
Kyne, W. Grady, P. J. Cody, and R T
Brown, all good Gaelic friends.
The Irish Pennsylvanian, Pitsburgh, Pa is one
of the brightest and newsiest weeklies that come to
our exchange table.
